Féile Woodstock

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile Woodstock
Íomhá
Map
 41°42′05″N 74°52′49″W / 41.701388888889°N 74.880277777778°W / 41.701388888889; -74.880277777778
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Woodstock Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálféile cheoil
ceolchoirm faoin aer Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósWoodstock Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1969 - 
Tréimhse15 - 18 Lúnasa 1969
Fad ama3 d Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhWhite Lake, New York Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Seánragormrac, rac-cheol tíre, snagcheol cumaisc, rac-cheol crua, rac-cheol Laidineach agus rac sícideileach Cuir in eagar ar Wikidata
Tinreamh500,000 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinwoodstock.com Cuir in eagar ar Wikidata

Féile cheoil ab ea Féile Woodstock (Woodstock de ghnáth, nó The Woodstock Festival) a bhí ar siúl amuigh faoin tuath ar fheirm Max Yasgur sa bhaile beag Bethel, Nua-Eabhrac, ar feadh deireadh seachtaine amháin, 15 Lúnasa go dtí go moch ar maidin ar an 18 Lúnasa sa bhliain 1969.[1] Sheinn dhá ghrúpa déag agus fiche ag an bhféile, os cionn lucht féachana de 400-500,000 duine.

Woodstock, 1969 - na sluaite agus an stáitse.

Idir cheol, dhrugaí, shíocháin agus ghrá ba léiriú ceart í Féile Woodstock ar Réabhlóid Chultúrtha na seascaidí. Cé go bhfuil na blianta caite, tá rian na réabhlóide sin fós le brath agus le cloisteáil maidir le ceol, ealaín, damhsa agus saol na linne seo.[2]  

Tábhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ócáid an-mhór a bhí ann i gcultúr na hipíthe, gluaiseacht a bhí ag sroicheadh a bhuaic ag deireadh na seascaidí.

Meastar go bhfuil an fhéile ar cheann de na hócáidí ab fhearr riamh i gceol nua-aimseartha. Thuill Woodstock áit sa 50 Moments That Changed the History of Rock and Roll, foilsithe ag an iris Rolling Stone.

Clár[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gceoltóirí a ghlac páirt ná Arlo Guthrie, Joan Baez, Santana, Canned Heat, Grateful Dead, Creedence Clearwater Revival, Janis Joplin, The Who, Jefferson Airplane, Joe Cocker, The Band agus Crosby, Stills, Nash and Young.

Críochnaíodh an deireadh seachtaine le taispeántas cáiliúil ó Jimi Hendrix, nuair a bhuail seisean an stáitse ag 4:00 maidin Dé Luain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Woodstock Festival 1969 Trailer" (as en) . 
  2. TG4 (2019). "Clár TG4 "Hippy Dream" ar PressReader.com". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2019-08-15.