Joan Baez

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Joan Baez
Joan Baez at the The Egg (Albany, NY), March 2016.jpg
Saol
Ainm iomlánJoan Chandos Baez
Eolas breitheOileán Staten, Nua Eabhrac, 9 Eanáir 1941 (82 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Muintir
AthairAlbert Baez
MáthairJoan Bridge
Céile/CéilíDavid Harris  (1968 -  1973)
Páirtí/PáirtitheBob Dylan
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materBoston University
Redlands High School (en) Aistrigh
Palo Alto High School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Spáinnis
Gairm
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, cumadóir, giotáraí, ceoltóir, damhsóir, pacifist (en) Aistrigh, gníomhaí, léiritheoir ceirníní agus ealaíontóir taifeadta
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Gluaiseacht ealaíneceol traidisiúnta
ceol tíre
bailéad
Afro-Cuban jazz (en) Aistrigh
Cineál guthasoprán
Uirlis cheoilgiotár
ceol gutha
Lipéad ceoilVanguard Records
A&M Records
Entertainment One Music
Proper Records
IMDbnm0001926
joanbaez.com
Discogs ID261867
Instagramjoancbaez
Twitterjoancbaez

Is amhránaí, ceoltóir agus cumadóir amhrán í Joan Chandos Baez. Rugadh ar an 9 Eanáir 1941 í, in Oileán Staten, Nua-Eabhrac. Is soprano í, le réimse gutha trí ochtach, agus stíl ghuthach shainiúil aici.

Bhain sí cáil amach ag tús na 1960idí mar amhránaí tíre. Cé gur chum sí roinnt amhrán (mar shampla Blessed Are, Diamonds & Rust) tá níos mó cáil aici ó bheith ag canadh amhrán cumtha ag daoine eile, Bob Dylan ach go háirithe, ach chan sí amhráin cumtha ag The Beatles, The Rolling Stones, Paul Simon agus cumadóirí nach iad freisin.

Ba gníomhaí sóisialta í i rith a saol. Bhí sí gníomhach ar son chearta daonna (sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile), i gcoinne Chogadh Vítneam, i gcoinne an dá Chogadh Iarácach, ar son na timpeallachta, ar son chearta don lucht leispiach agus aerach agus in aghaidh phionós an bháis. Chaith sí tamall i bpríosún sa bhliain 1967 tar éis léirsithe i gcoinne Chogadh Vítneam.

Rugadh a máthair in Albain agus a hathair i Meicsiceo. Ba bhaill de Chumann na gCarad é teaghlach Baez. Ba fisiceoir é athair Joan ach dhiúltaigh sé bheith páirteach i dtionscal na n-armadóireachta.

Phós sí David Harris, gníomhaí frith-choinscríobh, sa bhliain 1968. Bhí mac amháin acu, Gabriel. Cuireadh deireadh cairdiúil leis an bpósadh sa bhliain 1973.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]