Guth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Téada an ghutha

Sa duine, tagann anáil ó na scamhóga, agus baineann an anáil seo athshondas as na téada gutha chun fuaim a dhéanamh. Is féidir an teannas sna téada a athrú ó am go chéile, agus athraíonn sé sin minicíocht na fuaime a ghintear.

Feidhmíonn an píobán garbh, an teanga, an béal, is an tsrón mar a bheadh feadáin athshondacha iontu chun an bhunfhuaim a athrú ar shlite éagsúla agus fuaim dheireanach iomlán an ghlóir a thabhairt amach.

Modhnaítear déine an ghlóir trí mhéid na hanála ó na scamhóga a mhodhnú. Trí stiúradh na dtéad is na teanga sa bhéal, déantar na minicíochtaí sa ghuth a chinntiú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Guth". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 337.