Análú
Jump to navigation
Jump to search
Is éard is análú ann ná an t-athrú idir ionanálú gníomhach de ghásanna an aeir isteach sna scamhóga tríd an mbéal nó an tsrón agus an t-easanálú éigníomhach de ghásanna éagsúla.[1] I rith ionanálú crapann an scairt agus na matáin idireasnacha, a mhéadaíonn cuas a chliabhraigh agus a tharraingíonn aer isteach sna scamhóga. Nuair a shíneann na matáin seo brúitear aer amach ó na scamhóga. Is cuid den riospráid é an t-análú agus tugtar riospráid sheachtrach air uaireanta. Tá mórán cineálacha análaithe ina mbíonn an rithim, an ráta nó na tréithe ann mínormálta.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Oxford, Concise Colour Medical Dictionnary, dara eagrán, eag. Elizabeth A. Martin, Nua Eabhrac, 1998.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |