Georgetown

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGeorgetown

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósSeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 6°48′21″N 58°09′03″W / 6.8058°N 58.1508°W / 6.8058; -58.1508
Stát ceannasachan Ghuáin
Region of Guyana (en) AistrighDemerara-Mahaica (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán200,500 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,358.4 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla147.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Demerara agus An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1781
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is é Georgetown (daonra measta 213,705 sa bhliain 2002) príomhchathair na Guáine, agus an chathair is mó sa tír. Tá sí suite ar an Aigéan Atlantach ar béal abhann Demerara agus feidhmíonn sí mar ionad riaracháin agus tráchtála. Bhunaigh an Leifteanant Cornal Robert Kingston baile ar bhéal an Demerara nuair a ghabh an Bhreatain seilbh ar an gcoilíneacht sa bhliain 1781. Ach ba iad na Francaigh a d'fhorbair an baile nuair a thóg siad an choilíneacht ón mBreatain bliain ina dhiaidh sin. La Nouvelle Ville a thug na Francaigh ar an mbaile agus cuireadh bonn maith daingean faoi fhoirgnimh an bhaile ionas nach ndéanfadh tuilte dochar dóibh.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin (1784) tugadh an choilíneacht ar ais do na hOllanaigh agus thug siad sin Stabroek mar ainm air, ach athainmníodh arís eile é nuair a tugadh Georgestown air in ómós don Rí Seoirse III na Breataine. Bronnadh stádas oifigiúil cathrach ar Georgetown sa bhliain 1842 nuair a bhí an Bhanríon Victoria i réim. Léiríonn ainmneacha na sráideanna tionchar na dtíortha éagsúla a bhí i gceannas ar an gcoilíneacht ó cuireadh ar bun í.

Tá teach an rialtais agus príomhionaid riaracháin agus gnó na tíre i Georgetown.