The Boys Are Back in Town

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóThe Boys Are Back in Town
Cineálsingil
TaibheoirThin Lizzy
ObairJailbreak (albam)
Foilsithe1976
Seánrarac-cheol crua
TeangaBéarla
Lipéad ceoilVertigo Records
LiriceoirPhil Lynott
CumadóirPhil Lynott
Jailbreak (albam)
«Jailbreak (en) Aistrigh» →
Musicbrainz: fcf37a68-312d-3a1e-b9da-95afbcd23384 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhrán cáiliúil den ghrúpa Rac-cheoil Thin Lizzy é The Boys Are Back in Town. Cuireadh é amach sa bhliain 1976 agus é an chéad singil ar an albam Jailbreak. De réir Rolling Stone is é an t-amhrán is mó a bhfuil tóir air, agus é curtha ag uimhir 272 acu sa liosta 500 Amhráin ab fhearr riamh in eagráin 2021.[1]

Molann Rolling Stone "Anam Gaelach" an phríomhamhránaí agus dordghiotáraí Phil Lynott agus an "giotár-beirte" Scott Gorham agus Brian Robertson ag rá go raibh siad "cinniúnach in rath an amhráin". [2]

Seinntear an amhrán go minic ag cluichí Rugbaí na hÉireann. Sa bhliain 2005, chuir Q magazine "The Boys Are Back in Town" ag uimhir 38 ar liosta "100 traic giotár abh fearr riamh".[3] Bhuaigh an amhráin gradam NME mar singil is fearr sa bhliain 1976 NME.

D'úsáideadh an amhrán i margaíocht na scannáin Disney Pixar Toy Story agus Toy Story 2. Sa scannán A Knight's Tale le Heath Ledger cloistear é nuair a thagann an carachtair ar ais go Londain mar Ridire cáiliúil.

Sa bhliain 2012 d'úsáid Comhdháil Náisiúnta an Pháirtí Poblachtach é le iarrthóir leas-uachtaráin Paul Ryan a chur in aithne ar stáitse. Ní raibh cead faighte acu agus cháin máthair Lynott, Philomena Lynott, an úsáid polaitiúla, ag rá nach mbeadh Phil Lynott sásta a cheoil a chur ar son cúis polaitiúla. Lean sé uirthi ag lochtú polsaithe Ryan agus Mitt Romney ag rá nach n-aontódh Lynott leo.


Cairteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Uimhir
An Astráil 55
Ceanada 8
Eire 1
An Ríocht Aontaithe 8
Stáit Aontaithe Mheiriceá 10


  1. "500 Amhráin ab fhearr riamh".
  2. "Rolling Stones - Boys Are Back in Town". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-12-28. Dáta rochtana: 2022-02-02.
  3. "Rocklist.net...Liostaí Irisleabhair Q".