Tháinig an banna le chéile den chéad uair an 25 Meán Fómhair 1976 i gcistin an drumadóra, Larry Mullen. Bhí seachtar ann, na buachaillí ó Mount Temple a d'fhreagair fógra a chuir Mullen ar crochadh sa scoil. Ghlac siad an t-ainm Feedback dóibh féin.
Tar éis bliain go leith de chleachtadh, d'aithrigh siad a ainm go The Hype agus bhuaigh siad £500 i seó tallainne os cionn Jackie Hayden as CBS Records. Rinne siad a chéad "demo" ceart leis an airgead.
Is é Steve Rapid, ball den bhanna punc Radiators From Space, a chum an t-ainm U2 dóibh.
9-9-2014
I Meán Fómhair 1979, chuaigh a chéad EP U2-3 isteach sna cairteacha ag uimhir a haon in Éirinn. Chuaigh siad ar thuras gearr go Sasana chun cúpla ceolchoirm a dhéanamh.
Shínigh U2 le Island Records i mí Mhárta 1980. Cuireadh Boy ar díol i Meán Fómhair na bliana sin.
Meastar gurb é Boy ceann de na debut is fearr i stair an rac-cheoil. Chuaigh úrscéal Lord of the Flies i bhfeidhm go mór ar U2 agus feictear é seo san albam. Tá pictiúr do Peter Rowen, deartháir charad de chuid Bono, Guggi ar chlúdach an albaim. Tá amhráin ar nós I Will Follow agus Out of Control ar an albam Boy, amhráin a sheinneann U2 go fóill ina gcuid ceolchoirmeacha.
Cuireadh October amach i 1981. Tá téama láidir (an Chríostaíocht) le feiceáil san albam seo. Ní haon ionadh é ansin go raibh Bono, Edge agus Larry Mullen ina mbaill de ghrúpa Críostaí darbh ainm "Shalom" ag an am seo. Is é "October" an t-aon albam rac-Chríostaí a d'eisigh U2 agus níor éirigh go rómhaith leis an albam sna cairteacha.
Rinne U2 fístéip cheoil don amhrán Gloria ag an am seo. Meiert Avis a stiúir í.
U2 ar an stáitse i rith an Vertigo Tour ins an Bheilg - 2005
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.