Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
| (ga) Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha | ||||
| Cineál | Páirc náisiúnta | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Sléibhte Dhoire Bheatha | |||
| Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Caisleán Ghleann Bheatha | |||
| Logainm.ie | 111338 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Cúige Uladh | |||
| Suíomh | Leitir Ceanainn | |||
| ||||
| Tréithe | ||||
| Pointe is airde | An Earagail | |||
| Achar | 1,605 km² | |||
| Gníomhaíocht | ||||
| Dáta a bunaíodh | 1984 | |||
| Suíomh gréasáin | nationalparks.ie… | |||
Is páirc náisiúnta suite i gContae Dhún na nGall í Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Is fásach iargúlta uaibhreach de shléibhte creagacha, lochanna gan mhilleadh, easanna ina gcaise anuas go talamh agus coillearnach dharach dhúchasach faoi gheasa i gcroílár Shléibhte Dhoire Bheatha in iarthuaisceart Dhún na nGall atá i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.
I lár na Páirce ar imeall Loch Ghleann Bheatha tá Caisleán Ghleann Bheatha, teach mór caisealach ón 19ú haois, a tógadh mar theach lóistín seilge.

Cúram
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá straitéis fhadtéarmach ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le go mbeidh rath ar chrainn atá dúchasach i nGleann Bheatha. Mar pháirt den straitéis sin fosta tá pleananna chun déileáil le plandaí neamhdhúchasacha, amhail an róslabhras, sa Pháirc Náisiúnta.
Crainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 2023, bhí 2,000 crann de shíol péine Albanach na hÉireann curtha sa Ghleann Uachtarach i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, an líon is mó de chrainn a cuireadh sa tír go dtí seo. Rinneadh sé seo chun feabhas a chur ar ghnáthóg dhúchasach sa pháirc náisiúnta. Cuireadh na crainn ar shuíomh 1.6 heicteár sa Ghleann Uachtarach.[2]
Fuarthas síolta do na crainn a cuireadh i nGleann Bheatha ó ghorlann i gContae na Gaillimhe.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Áine Ní Bhreisleáin. (2024). Samhradh nó geimhreadh, tá lán na súl le baint as Gleann Bheatha. Seachtain.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cró Nimhe/Poisoned Glen" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-06-01.
- ↑ RnaG (2023-06-01). "Nuacht an Tuaiscirt: 1 Meitheamh" (as ga-IE).
