Doirí Beaga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDoirí Beaga

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°05′N 8°17′W / 55.08°N 8.28°W / 55.08; -8.28
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1414071

Is baile fearainn é Doirí Beaga[1] (Derrybeg sa Bhéarla) atá suite i bparóiste Gaeltachta Ghaoth Dobhair, in iarthuaisceart Thír Chonaill. Tá ciall faoi léith ag baint leis an logainm Na Doirí Beaga a léiríonn na crainn daracha beaga uilig atá i láthair ann.[2]

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Ghaeilge mar phríomhtheanga ag muintir na Doirí Beaga, cé go dtuigtear an Bhéarla chomh maith. Meallann ár dteanga dhúcháis na mílte turasóirí agus scoláirí Gaeilge achan bhliain le freastal ar choláistí samhraidh, lena cuid scileanna teanga a fheabhsú. Tá an oideachas go léir i ionaid oideachas Na Doirí Beaga curtha ar fáil tré mheán na Gaeilge. Bíonn na seirbhísí reiligiúnacha i Teach Phobail Mhuire, Na Doirí Beaga, curtha i láthair tré mheán na Gaeilge chomh maith.[3]

Stair an Cheantair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn Chogadh na Talamh sna 1880í, bhí muintir Na Doirí Beaga faoi stiúir an tAthair Séamús Mac Phaidín, a ghríosaigh lucht an pharóiste tacaíocht a thabhairt do Chonradh na Talún agus do phlean an fheachtas. Indiaidh shraith do sheanmóir frithiarna talún, d’ordaigh an giúistís cónaitheach go mbeadh an tAthair Mac Phaidín gabhtha.

Sean teach an phobail na Doirí Beaga, an áit a gabhadh an tAthair Séamus Mac Phaidín

Ar an Dhomhnach 3ú Féabhra 1889, tháinig cigire dúiche Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, William Limbrick Martin, a bhí aithne ar go háitiúil mar an Mháirtínigh, go Teach Phobail Mhuire na Doirí Beaga, le rún sé sin gabháil a dhéanamh ar an tAthair Mac Phaidín díreach indiaidh an aifreann. Nuair a bhí an tAthair Mac Phaidín ag fágáil an teach phobail, bhí sé go fóill cóirithe in a chuid éide sagairt agus bhí sé ag iompar an eocairist sa cuach abhlann. Nuair a chonaic an Mháirtínigh an tAthair Mac Phaidín, tharraing sé a chlaíomh agus chuaigh sé in éadan an sagart agus an lann ardaithe.

Cuireadh scáth ar lucht an pharóiste mar go raibh an Mháirtínigh ag déanamh ionsaí ar an tAthair Mac Phaidín le claíomh agus rinne siad ionsaí cheana féin ar na gardaí. Bhí an cigire dúiche an Mháirtínigh buailte go dona agus fuair sé bás láithreach.

Gabhadh an tAthair Mac Phaidín agus lucht an pharóiste agus cuireadh chun triail iad fá choinne dúnmharú den chéad ghrád. Bhí an t-aistriúchan de láthair na trialach bronnta do chúisitheoirí chorónach, cé a raibh céad acu an ghiúire a phacáil le Protastúnach.

Ina thráchtas i 1928, rinne Tim Healy, a chosain an tAthair Mac Phaidín agus lucht an pharóiste, cur síos ar an dóigh a d’áitigh sé an chás ag an triail. Mheabhraigh Healy don chúirt, faoi dlí Shasanach, gur cion pionós an bháis a bhí ann breitheamh a bhualadh ina fhallaing. Mhínigh sé, do Chaitlicigh Thír Chonaill, gur cóir níos measa é, ionsaí a dhéanamh ar shagart ina chuid éadaí sagart. Mar fhreagairt ar ráiteas Healy, ghabh na cúisitheoirí chorónach margadh pléadáil a sheachain pionós báis an chosantóir. Gearradh an tAthair Mac Phaidín do phrintíseacht agus fuair lucht an pharóiste pianbhreithe de chéimeanna éagsúla.

Cuireadh an Mháirtínigh i reilig Eaglais na hÉireann i mBéal Átha Seanaidh, faoi inscríbhinn a rinne cur síos ar a bhás trí bheith “dúnmharaithe go cruálach fhad is a bhí sé ag déanamh a dhualgas go uasal sna Doirí Beaga.”[4]

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair lonnaithe i mbaile fearainn Na Doirí Beaga. Sa bhliain 2003, nuair a athainmníodh an pháirc ghnó ó eastát thionsclaíochta Ghaoth Dobhair, thosaigh an comhlacht, Údarás na Gaeltachta, feachtas le iarracht a dhéanamh comhlachtaí ghnó a mhealladh go dtí an pháirc ghnó agus go Gaoth Dobhair, agus na Doirí Beaga go háirithe. Rinne siad seo leis an eacnamaíocht áitiúil a athbhunadh. Bhí siad ag iarraidh an pháirc ghnó a bheith cosúil leis an thionscail monarcha rathúil a bhí ann sna 1980í agus 1990í sula thosaigh an iomaíocht ag teacht ón Eoraip agus a chuir ar an gcuid is mhó dena monarcha seo druid sa bhliain 2001, de bharr de.

Cailleadh 4,000 post agus bhí éifeacht mhór aige ar chúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta, sna Doirí Beaga, i nGaoth Dobhair agus ar cheantair mhórthimpeall. I láthair na húaire, tá pháirc ghnó Ghaoth Dobhair ag dul ó bhláth go bláth agus tá meadú tagtha ar líon na postanna atá curtha ar fáil ar ag an bhomaite.[5]

Tá ghnóanna éagsúla fite fuaite ar bhaile fearainn Na Doirí Beaga mar shampla, cúpla ollmhargadh, Siopa Mhicí agus Siopa Mholloy san áireamh, siopaí áise, dhá shiopa gruaigaire, sciamheolaí, conraitheoirí, ceimiceoir, ionad sláinte, nowdoc, tithe tábhairne, bialanna agus amharclann.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bun leibhéal

An t-aon bhunscoil atá sa bhaile fearainn, Scoil Mhuire, na Doirí Beaga.
Grianghraf de Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

bunscoil amháin lonnaite sna Doirí Beaga, sé sin Scoil Mhuire Na Doirí Beaga. Tá 135 páiste cláraithe ar an bhunscoil agus tá gach slí den oideachas déanta trí mheán na Gaeilge.[6]

Meán leibhéal

Is Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon mheánscoil i bparóiste Ghaoth Dobhair agus tá sé suite i mbaile fearainn na Doirí Beaga. Tá achan ghné de shaol na scoile réachtáilte tré mheáin na Gaeilge ó thaobh an theagasc sa seomra ranga agus na scrúdaithe stáit de go dtí na himeachtaí uilig a bhíonn an scoil páirteach ann ó thaobh cúrsaí spóirt, eolaí óg, drámaíocht agus díospóireacht san áireamh.[7]

Tríú leibhéal

Leathnaigh ionad de hOllscoil na hÉireann, Gaillimh go Gaoth Dobhair i suíomh de chuid Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga, nuair a d’oscail Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa bhliain 2004. Tá oideachas tríú leibhéal curtha ar fáil san Acadamh tré mheáin na Gaeilge do tharr 80 mac léinn achan bhliain. Tá roinnt dioplóma chomh maith le céim bhaitsiléara i staidéar gnó curtha ar fáil san Acadamh. I mbliana, chaith mic léinn atá i mbun céime sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh seimeastar iomlán san Acadamh ar na Doirí Beaga, le feabhas a chur ar a scileanna teanga agus le taithí a fháil ar chultúr agus ar shaol comhaimseartha na Gaeilge.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach bhfuil stáisiún oifigiúil iompair suite ar na Doirí Beaga, téann cuid mhór comhlachtaí busanna ar léithidí Bus Feda a théann go Gaillimh agus go Glaschú,[8] Bus John Mc Ginley a théann go Baile Átha Cliath [9] agus Bus Patrick Gallagher a théann go Doire agus go Béal Féirste[10] fríd na Doirí Beaga go laethúil. Bíonn stadanna faoi leith in áiteanna éagsúla sa bhaile fearainn ann ina stadann na busanna seo le paisinéirí a thógáil agus a thabhairt go dtí na bailte móra uilig.

Cumann Lúthchleas Gael Ghaoth Dobhair

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an spóirt mar pháirt lárnach i saol mhuintir na Doirí Beaga ó thaobh an pheil ghaelach, sacar agus galf de, agus tá clubanna agus cumann pheil ghaelach, sacar agus galf lonnaithe sa bhaile fearainn chomh maith.

CLG Ghaoth Dobhair

Tá dlúthcheangal ag phobal Gaoth Dobhair ar fad, Na Doirí Beaga san áireamh, leis an Chumann Lúthchleas Gael agus an pheil Gaelach. Is fochumann láidir Gaelach agus Gaeltachta í CLG Ghaoth Dobhair, atá suite i mbaile fearainn na Doirí Beaga, a thugann tús áite i gcónaí do bhunspriocanna an Chumann lúthchleas Gael, sé sin don teanga agus do chúrsaí cultúrtha agus oidhreachta a chuireann go mór leis an chultúr sa pharóiste.[11]

Ceiltigh Ghaoth Dobhair

Tá club sacar Ceiltigh Ghaoth Dobhair suite ar an Screabán, ar na Doirí Beaga. Tá an chlub ar cheann de na chlubanna sacar is sine sa tír, agus tá sé ar an fhod sula raibh deireadh leis an naoú haois déag ann. Tá an chlub ag dul ó neart go neart agus tá cuid mhór corn bainte acu thar na mblianta. Tá cuid mhór áiseanna a cur ar fáil ag an chlub fosta, le clubtheach úr, páirc astroturf faoi thuilshoilse, páirceanna imeartha lánmhéide agus staid úr atá i mbun tógála i láthair na huaire.[12]

Cumann Ghailf Ghaoth Dobhair

Tá Cumann Ghailf Ghaoth Dobhair suite i gcroí lár Ghaoth Dobhair, i Machaire Gáthlán, Na Doirí Beaga. Tá radharcanna leathanradhairc atá gan teorainn ar dhoirse an chlubtheach atá go hiomlán dochreidte. Ar thaobh amháin den chúrsa galf tá cladaigh gharbh Aigean an Atlantaigh Fhiáin agus na hoileán atá mórthimpeall den chósta le feicéal, agus tá an taobh eile den chúrsa suite i scath an Earagail. Tá an chúrsa é féin, atá ocht pholl déag ar fhad, greanta amach as tírdhreach nádúrtha agus tá sé ina luí in aice le cuid dena thránna is gleoite de chuid na tíre.[13]

Na hEalaíona[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cheoil

Tá an cheol agus an amhránaíocht thraidisiúnta ina pháirt lárnach de phobal Ghaoth Dobhair agus de bhaile fearainn Na Doirí Beaga fosta. Is léir nach bhfuil paróiste ar bith eile sa tír as a dtáinig amhránaithe chomh binn agus chomh cumasach, agus ceoltóirí thraidisiúnta chomh sárchumasach le leithéidí an pharóiste. Le blianta beaga anuas, tá rath agus bláth ar an cheol i measc aos óg an pharóiste, go háirithe i Scoil Cheoil na Crannóige, scoil ina neartaíodh an ghrúpa ceoil agus amhránaíochta thraidisiúnta An Crann Óg. Bíonn chleachtaithe An Crann Óg go léir bunaithe i bhfoirgnimh an Chrannóg ar na Doirí Beaga. Bunaíodh Scoil Cheoil na Crannóige, le deis a chur ar fáil do aos óg an cheantair uirlisí agus ceol thraidisiúnta a fhoghlaim.[14]

Amharclann Ghaoth Dobhair a athosclaíodh sa bhliain 2017.

Amharclann Ghaoth Dobhair

Athosclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair sa bhliain 2017. Is í an príomhaidhm atá ag na hAmharclainne, ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona sa pharóiste agus sna Doirí Beaga a chothú agus a chaomhnú. Tá Amharclann Ghaoth Dobhair ar an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre.

Tá cur chuige ag na hAmharclainne maidir le bheith ina lárionad ealaíne do mhuintir na Doirí Beaga agus do phobal Ghaoth Dobhair go ginéaralta. Bíonn go leor léiriúcháin, drámaí agus ceolchoirmeacha éagsúla ar siúl san Amharclann achan deireadh seachtaine,[15]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Doirí Beaga/Derrybeg | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "Doirí Beaga/Derrybeg" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  3. "The Irish Language, Gweedore | Gweedore, the heart of the Donegal Gaeltacht" (en-ie). www.gaothdobhair.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-05. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  4. "Derrybeg, Co. Donegal". www.irishtourist.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-05. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  5. Caitriona McBride. "Back in business: How Gweedore is rewriting the script" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  6. "School Detail" (en). Department of Education and Skills. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  7. "Pobalscoil Ghaoth Dobhair - Scoil lán Ghaelach i Dhún na nGall" (wp-dev-ga). Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  8. "Donegal - Galway Timetable | Bus Feda". busfeda.ie. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  9. "John McGinley Coaches". www.johnmcginley.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-01-14. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  10. "Donegal Derry Belfast - Patrick Gallaghers Coaches, Gweedore, County Donegal". www.gallagherscoaches.com. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  11. admin. "Baile" (ga-IE). CLG Ghaoth Dobhair. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  12. admin. "History" (en-US). Gweedore Celtic. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  13. "Home" (en-GB). Gweedore Golf Club. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  14. "Ceol | Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair" (en-GB). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-05. Dáta rochtana: 2019-12-05.
  15. "Amharclann Ghaoth Dobhair – Amharclann Ghaeilge i gcroí lár na Gaeltachta" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-12-05.