Jump to content

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálinstitiúid ardoideachais Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2004, Gaillimh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Cuid deOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinacadamh.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

X: AcadamhOnaG Instagram: acadamh.onag Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar aonad laistigh d'Ollscoil na Gaillimhe le forbairtí a dhéanamh ar chúrsaí, ar thaighde, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ollscoile eile trí mheán na Gaeilge agus le iad a sheachadadh agus a riaradh.

Cuireann clár cúrsaí an Acadaimh deiseanna ar fáil do mhic léinn cur lena gcuid scileanna agus a gcuid saineolais agus tabhairt faoi thaighde i réimsí cosúil leis an gcumarsáid raidió agus teilifíse, an t-aistriúchán, na healaíona, an teicneolaíocht faisnéise agus an t-oideachas.

Ionaid an Acadaimh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáiltear clár cúrsaí an Acadaimh ar champas Ollscoil na Gaillimhe; ar an gCeathrú Rua agus i gCarna i gCo. na Gaillimhe; agus i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. Is ionaid lán-Ghaeilge iad na hionaid Ghaeltachta. Ina theannta sin, cuirtear an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil i mbreis agus 20 ionad éagsúil ar fud na tíre.

Léann Teanga: An Reiviú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga leis an Acadamh. Pléann sé leis na téamaí seo a leanas: An tAistriúchán, Blaiseadh den Litríocht, Cúrsaí Cumarsáide, Dúchas, Léirmheasanna, Pleanáil Teanga, Réamhráite, an tSochtheangeolaíocht, Teagasc Teanga, An Teangeolaíocht, An Teicneolaíocht. Is iris phiarmheasúnaithe í.[1]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]