Mairéad Ní Mhaonaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMairéad Ní Mhaonaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Iúil 1959
64 bliana d'aois
Gaoth Dobhair (Éire)
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmveidhleadóir, amhránaí, fidléir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1981 –
Ball de
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisVeidhlín, fidil agus ceol gutha
Lipéad ceoilGael-Linn Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileFrankie Kennedy (1981–1994), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
AthairProinsias Ó Maonaigh

Suíomh gréasáinmairead.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 72f751c1-ec35-4f24-a5f8-5955ab362581 Songkick: 2097080 Discogs: 1191317 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus fidléir í Mairéad Ní Mhaonaigh (a rugadh sa bhliain 1962) as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Éire. Tá clú agus cáil ar Mhairéad mar cheoltóir aonair agus mar bhall ar an grúpa Altan.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh í féin, a deartháir Gearóid agus a deirfiúr Anna i gCois Claidí i nGaoth Dobhair, agus d'fhreastail sí ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

D'fhoghlaim sí a cuid amhrán agus ceoil óna hathair Proinsias (Francie) Ó Maonaigh agus a máthair Cití Ní Ghallchóir. Múinteoir agus príomhoide bunscoile ba ea a hathair i scoil an Luinnigh. Bhí cáil air mar fhidléir agus mar dhrámadóir (scríobh sé geamaireachtaí d'Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta) agus mar chumadóir an amhráin 'Gleantán Glas Ghaoth Dobhair.[1]

D'fhoghlaim Mairéad an ceol óna hathair agus ón fhidléir cáiliúil Dinny McLaughlinn (a raibh an grúpa traidisiúnta Aileach aige).

Casadh an ceoltóir Frankie Kennedy uirthi nuair a bhí sí cúig bliana déag d'aois agus chuaigh siad beirt le bunmhúinteoireacht i mBaile Átha Cliath. Chaith siad cúpla bliain ag seinm le chéile agus phós siad sa bhliain 1981.

Tar éis tamall de bhlianta d'éirigh siad as an mhúinteoireacht agus thosaigh ag seinm go lánaimseartha lena ngrúpa Altan. Fuair Frankie bás go hóg sa bhliain 1994. Ach lean Mairéad agus an grúpa ar aghaidh agus bhain cáil agus gradam idirnáisiúnta amach.

Sa bhliain 2008, tháinig Imeall amach, a céad albam aonarach.

Tá iníon ag Mairéad, Nia Byrne, fidléir agus amhránaí den scoth chomh maith.[1]

Cambridge Festival, 2003

Diosceolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim Aonaracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Canúintí Ceoil ar TG4, 2010

Le Frankie Kennedy[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ceol Aduaidh (1983)
  • Altan (1987)
2010ː Altan in Minneapolis, MN Cedar Cultural Center; Ciarán Curran, Ciarán Tourish, Mairéad Ní Mhaonaigh, Dermot Byrne agus Dáithí Sproule

Altan[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Red Crow (1990)
  • Harvest Storm (1991)
  • Island Angel (1993)
  • Once Again 1987- 93 (1993)
  • The First Ten Years (1986-1995) (1995)
  • Blackwater (1996)
  • Best Of Altan (1997)
  • Runaway Sunday (1997)
  • Altan's Finest (1999)
  • Another Sky (2000)
  • The Blue Idol (2002)
  • Local Ground (2005)

String Sisters[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • String Sisters Live (2007)
  • String Sisters Live DVD (2007)

Aoi-Cheoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fiddle Sticks (1991 - ceoltóirí éagsúla)
  • The Holy Ground (1993 - Mary Black)
  • Little Sparrow (2001 - Dolly Parton)
  • Volume Three: Further In Time (2001 - Afro Celt Sound System)
  • Tráthnóna Beag Aréir (2008 - Albert Fry)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]