Paddy Cosgrave
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Márta 1983 41 bliana d'aois Contae Chill Mhantáin, Éire |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin Cruinniú Mullaigh an Ghréasáin | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Glenstal Abbey School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine den lucht gnó |
Fear gnó, fiontraí agus iar-phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht Web Summit is ea Paddy Cosgrave (a rugadh ar 19 Márta 1983), fear a tharraingíonn conspóid go minic.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Cosgrave Web Summit (Comhdháil idirnáisiúnta do lucht an Ghréasáin) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2009.
Aighneas le Rialtas na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 23 Meán Fómhair 2015, d'fhógair Cosgrave go tobann go raibh Web Summit le bogadh ó Bhaile Átha Cliath go Liospóin na Portaingéile.[1][2]
Aighneas le Leo Varadkar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sceith Varadkar eolas lena chara Maitiú Ó Tuathail[3][4] agus bhí Cosgrave ag magadh faoi.[5]
Aighneas pearsanta le Mícheál Ó Máirtín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain an gearán leis an méid a dúirt Micheál Martin, Tánaiste ag an am, faoi Paddy Cosgrave i nDáil Éireann sa bhliain 2023.[6]
Aighneas leis an lucht gnó in Iosrael agus i SAM
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhris Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 amach, rinne Cosgrave ráitis ar an fhoréigean in Iosrael agus i nGaza. Cháin Cosgrave tacaíocht thíortha an Domhain Thiar do Iosrael i ndiaidh ionsaithe Hamas ar an tír sin.[7][8] Bhí an ráiteas céanna ag Cosgrave agus Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins. Ach bhí na fiontraithe in Iosrael, brúghrúpa ollmhór, thar a bheith mí-shásta le Cosgrave agus rinne siad stocaireacht ar chomhlachtaí sna Stáit Aontaithe.[9]
D'fhógair Google, Intel, Siemens, Amazon, Meta srl go raibh siad ag cuireadh deireadh lena gceangal le Web Summit. Tharraing bunaitheoir Y Combinator, Garry Tan, chomh maith le Ravi Gupta ó Sequoia Capital agus infheisteoirí móra caipitil eile siar as an chomhdháil freisin. D'éirigh cainteoirí as: mar shampla an t-aisteoir Joseph Gordon-Levitt, an rapálaí LL Cool J, an fiontraí Steven Bartlett srl. Ach lean an chomhdháil ar aghaidh i Liospóin na Portaingéile, mar a bhí beartaithe.
Ansin ghabh Cosgrave a leithscéal : "Tuigim gur ghoill an méid a dúirt mé, an uair a dúirt mé é agus an bealach inár cuireadh i láthair é, go mór ar dhaoine," a dúirt sé ar shuíomh idirlín Web Summit.[8] "Gabhaim mo leithscéal le aon duine a ghortaigh mo bhriathra."
D'éirigh Cosgrave as a phost mar phríomhfheidhmeannach ceithre lá níos déanaí, ar 21 Deireadh Fómhair 2023.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-23). "Taoiseach díomách faoi aistriú Web Summit go Liospóin" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2014-11-07). "RDS cosanta mar ionad don Comhdháil Gréasáin" (as ga-IE).
- ↑ Lili Lonergan. "Varadkar controversy highlighted at global Web Summit" (en). www.leitrimobserver.ie. Dáta rochtana: 2023-10-22.
- ↑ "Paddy Cosgrave ‘ran toxic campaigns’ against Varadkar and the IDA" (en). Independent.ie (2021-11-07). Dáta rochtana: 2023-10-22.
- ↑ "Varadkar leak mentioned at opening of Web Summit" (en). BreakingNews.ie (2021-11-02). Dáta rochtana: 2023-10-23.
- ↑ "Ceann Comhairle i mbun a mhachnaimh ar ghearán ó Paddy Cosgrave" (as ga) (2023-05-04).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-21). "Paddy Cosgrave éirithe as mar cheannasaí ar Web Summit" (as ga).
- ↑ 8.0 8.1 "Apology from Paddy Cosgrave" (en). Web Summit (2023-10-17). Dáta rochtana: 2023-10-22.
- ↑ Brendan O'Connor (2023-10-21). "Web Summit in Crisis" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-22.