Meta Platforms
Is ollchomhlacht teicneolaíochta é Meta nó Meta Platforms, Inc, máthairchomhlacht Facebook agus Instagram. Is é an meán sóisialta Facebook a phríomhghnó.
Tá na billiúin dollar caite ag Meta ar thogra ollmhór dá gairtear an meiteachruinne nó 'metaverse' ach chuir an Phaindéim Covid as dá fhorbairt ar chúiseanna éagsúla.[1]

Bhí 87,000 duine fostaithe ag Meta ar fud an domhain sa bhliain 2022.[2] I mí na Samhna 2022, d'fhógair Meta go raibh siad le 13% den 87,000 duine atá fostaithe acu a ligean chun siúil. Sin 11,000 fostaí san iomlán i dtíortha éagsúla.[3] Bhain an scéal b'fhéidir leis an rófhás a tháinig sna 2010idí ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta. Ach i mí na Márta 2023, dúirt Meta go raibh sé le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil, agus bhí na scairshealbhóirí sásta leis an fógra sin ag an am.[1][4]
Meta in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Eorpach Meta. Bhí 3,000 díobh sin ag obair go díreach don chomhlacht in Éirinn ag tús 2022, agus bhí breis is 6,000 duine eile a oibríonn le comhlachtaí eile a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil dó.[2][5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Scannal Frances Haugen
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Nuacht TTÉ (2023-03-14). "Meta le 10,000 fostaí eile a ligean chun siúil" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-11-07). "Postanna á gcailleadh i Meta" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-09). "Meta le 390 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga-IE).
- ↑ Katie Paul, Nivedita Balu (2023-03-14). "Meta to cut 10,000 jobs in second round of layoffs" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-03-15.
- ↑ RTÉ (Samhain 2022). "Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta, Acadamh na hOllscolaíochta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-29.