An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
| Ainm gearr | DSGVO, GDPR, GDPR, RGPD, RODO, RGPD, ОРЗД, AVG, ĜDPR, RGPD, GDPR agus SUVP |
|---|---|
| Cineál | rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh |
| Tír | an tAontas Eorpach |
| Teanga | teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, an Iodáilis, Béarla, an Ungáiris, an Phortaingéilis, an Bhulgáiris, an Pholainnis, an tSeicis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Ghearmáinis, an Danmhairgis, an Ghréigis, an Spáinnis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Chróitis, an Liotuáinis, an Laitvis, an Mháltais, an Ollainnis, an Rómáinis agus an tSualainnis |
| Príomhábhar | cosaint sonraí, faisnéis phearsanta, príobháideachas agus data security (en) |
| Dáta foilsithe | 4 Bealtaine 2016 |
| Údar | Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh |
| Obair iomlán | Téacs iomlán |

Is rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, nó RGCS.[1] Leagann an rialachán síos rialacha chosaint sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta dhaoine, chomh maith le rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Eachtraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fíneáil Meta 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gearradh fíneáil €91m ar Meta in 2024 i ndiaidh don Choimisiún fiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi a raibh roinnt pasfhocal stóráilte ag Meta i ngnáth-théacs gan chriptiú ar chórais inmheánacha an chomhlachta. B'iad Meta iad féin a chuir an Coimisiún ar an eolas go raibh na pasfhocail stóráilte gan chosaint acu agus rinneadh an sárú de thaisme, a dúirt siad.
Rialaigh an Coimisiún go raibh ceithre shárú déanta ag Meta ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Bhain siad le teip an chomhlachta úsáideoirí a chur ar an eolas go raibh sárú déanta ar a sonraí pearsanta agus le teip an chomhlachta beartais teicniúla ná eagraíochtúla a úsáid chun sonraí na n-úsáideoirí a chosaint sa chéad dul síos.[2]
Fíneáil Tiktok 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug an Coimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn faoi fhiosrúchán maidir le TikTok sa bhliain 2021. In 2025, gearradh fíneáil €530 milliún ar TikTok as sonraí pearsanta úsáideoirí san Eoraip a aistriú chun na Síne; stóráladh sonraí líon teoranta úsáideoirí Eorpacha ar fhreastalaithe sa tSín. B'ionann sin agus sárú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).[3] Mar bharr ar an donas, chuir lucht an ardáin dhigitigh eolas míchruinn ar fáil don Choimisiún.[4]
Tugadh ordú do TikTok athchóiriú a dhéanamh ar a gcleachtas próiseála taobh istigh de shé mhí, sa treo is go mbeidh siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin GDPR faoin tráth sin.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Láithreán oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ as Béarla, General Data Protection Regulation nó giorrúchán GDPR
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Fíneáil €91m gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar Meta" (as ga-IE).
- ↑ General Data Protection Regulation nó GDPR de chuid an Aontais Eorpaigh
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-02). "€530m d'fhíneál gearrtha ar TikTok" (as ga-IE).
- ↑ "General Data Protection Regulation (GDPR) 🇪🇺 Official Text – General Data Protection Regulation". gdprinfo.eu. Dáta rochtana: 2024-09-28.