Jump to content

Binse Fiosraithe um Ábhair Phleanála agus Íocaíochtaí Áirithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBinse Fiosraithe um Ábhair Phleanála agus Íocaíochtaí Áirithe
Cineálfiosrúchán poiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1997 - 
Tréimhse4 Samhain 1997 - 22 Márta 2012
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis leéirí as Cuir in eagar ar Wikidata
BreitheamhAlan Mahon (en) Aistrigh agus Mary Faherty (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinplanningtribunal.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Talamh a bhí zónáilte faoi choinne forbraíochta i gContae Bhaile Átha Cliath sa 20ú haois agus ba mhór an éadáil é sin do na forbróirí réadmhaoine

Bunaíodh an Binse Fiosraithe um Ábhair Phleanála agus Íocaíochtaí Áirithe chun cúrsaí pleanála i mBaile Átha Cliath sna 1990idí a fhiosrú. Bhunaigh an Dáil an Binse sin sa bhliain 1997; thosaigh imeachtaí an Bhinse ar 4 Samhain 1997; agus tháinig tuarascáil eatramhach amach sa bhliain 2002. D’eisigh sé a chúigiú tuarascáil, arb í a thuarascáil deiridh í, ar 22 Márta 2012.[1][2]

Is é an breitheamh Alan Mahon a bhí i gceannas ar an mBinse ón bhliain 2000 ar aghaidh agus is é Binse Fiosraithe Mahon a thugtar air go hiondúil (nó Binse Mahon).

Ray Burke in 1988 (ar chlé)

Tháinig an Breitheamh Mahon i gcomharbacht ar an mbreitheamh Feargus Flood, nuair a d'éirigh Flood as sa bhliain 2000 (chuaigh sé ar scor). Tugadh Binse Fiosraithe Flood air i rith an tréimhse Flood (nó Binse Flood).

Bhí an t-éilliú i réim fud fad an chórais phleanála i gContae Bhaile Átha Cliath agus áiteanna eile in Éirinn sa 20ú haois. I measc na gcoireanna, ghlac an TD Liam Lawlor agus an aire rialtais Ray Burke le breabanna.

I measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn in 2002, bhí tuarascáil eatramhach an Bhreithimh Flood, ar díoladh breis agus 25,000 cóip di. Dhamnaigh an tuarascáil an bheirt iar-Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Ray Burke agus Liam Lawlor. De réir na tuarascála seo, ghlac an tAire Burke na mílte punt ó thógálaithe ar nós Mr Bailey, Mr Brennan agus Mr McGowan.[3]

"Ar bhonn áitiúil, thug comhairleoirí áirithe droim láimhe do mhianta na ndaoine a thogh iad nuair a rinne siad athchriosú ar thalamh ghlas ar mhaithe le tríocha bonn airgid. Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh."[4]

Bertie Ahern

Tionchar ar Pharthalán Ó hEachthairn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Bertie Ahern, an Taoiseach ó 1997 go 2008, fianaise “dhochreidte” don Bhinse sa bhliain 2007.[5][6][4] De bharr an bhrú a bhí ag teacht air ón mbinse fiosraithe, d'fhógair Ahern go n-éireodh sé as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil ar 2 Aibreán 2008

Rinne Binse Mahon 64 moladh a raibh sé mar aidhm acu feabhas suntasach a chur ar thrédhearcacht na pleanála in Éirinn i gcomhthéacs easnaimh shuntasacha stairiúla i ndáil le cinnteoireacht maidir le pleananna forbartha údaráis áitiúil agus maidir le feidhmeanna pleanála eile.[7]

Bhí ceapadh Rialaitheoir Pleanála neamhspleách, ag a mbeadh cumhacht chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcóras pleanála in Éirinn, ar cheann de phríomhmholtaí an Bhinse. Bunaíodh Oifig an Rialaitheora Pleanála (ORP) go foirmiúil i mí Aibreáin 2019 de bhun moltaí a rinne Binse Mahon.

Chosain Binse Moriarty €46 milliún agus Binse fiosraithe Mahon (Flood ar dtús) thart ar €300 milliún. Chinn polaiteoirí gur bealach róchostasach a bhí sna binsí fiosraithe leis an gcineál seo iniúchadh a dhéanamh agus socraíodh go gcuirfí muinín i gcoistí Oireachtais leis an obair a dhéanamh.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. An Binse (2012). "An tuarascáil Mahon". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-10-25. Dáta rochtana: 2022.
  2. Google. "site:.ie "binse mahon" - Cuardach Google". www.google.com. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  3. Dónall Ó Maolfabhail (2003). "Go leor scannal eile le nochtadh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  4. 4.0 4.1 Breandán Delap (2010). "Seoladh Fhianna Fáil Nua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-22.
  5. Beo (EAGRÁN 80 · NOLLAIG 2007). "An bhfuil an Comhrialtas ag dul trí ghéarchéim?" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-04.
  6. "Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill): fáistine" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-10-22.
  7. OPR (2019). "Na Nithe a Dhéanaimid, lch 9". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-23. Dáta rochtana: 2021.
  8. "Cén fáth nach féidir linn fiosrúchán éifeachtach nach gcosnaíonn an iomarca a reáchtáil?" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-03-06). Dáta rochtana: 2025-01-13.