Conradh Liospóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Liospóin
Íomhá
Map
Cineáltreaty of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósLiospóin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana13 Nollaig 2007 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm1 Nollaig 2009 Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLiospóin, An Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
TaisceRialtas na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmofficial languages of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineuropa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas an chonraidh

██ Reifreann ar feitheamh

██ Daingniú parlaiminteach ar feitheamh

██ Daingnithe

██ Diúltaithe

Is conradh Eorpach é Conradh Liospóin. Shínigh ballstáit an AE é i bpríomhchathair na Portaingéile ar an 13 Nollaig 2007. Ghlac muintir na hÉireann le Conradh Liospóin ar an 2 Deireadh Fómhair 2008 agus iad ag vótáil don dara huair.[1][2]

Le conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm ag deireadh na bliana 2009, tugadh cumhachtaí nua déanta dlíthe do Pharlaimint na hEorpa agus cuireadh ar comhchéim í le Comhairle na nAirí i dtaca le cinneadh a dhéanamh i dtaobh cad a dhéanann an tAE agus conas a chaitear airgead. Chomh maith leis sin, d’athraigh sé an tslí ina n-oibríonn an Pharlaimint i gcomhar le hinstitiúidí eile agus thug sé tuilleadh tionchair do na Feisirí ar lucht reáchtála AE.[3]

Gordon Brown, "Iompar míghairmiúil agus páistiúil" a dúirt cuid den preas ag an am.[4][5]

Conspóíd[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Rialtas na Breataine glacadh an Chonartha ar an méar fhada. Bhí Príomh-Aire na Breataine ag an am, Gordon Brown, idir dhá chomhairle go dtí an 13 Nollaig 2007.

Tháinig sé ar deireadh chun an Conradh a shíniú, cé go raibh sé déanach. I ndáiríre, rinne sé neamhiontas de na Ceannairí Stáit eile.  "Iompar míghairmiúil agus páistiúil" a dúirt cuid den preas ag an am.[4][5]

Ainm iomlán an Chonartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an t-ainm iomlán ná "Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh".

Shínigh Bertiie Ahern an Conradh

Leagan amach an Chonartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 272 leathanaigh sa leagan Gaeilge den conradh.

Bertiie Ahern, Dermot Ahern

Comhdhéanamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an conradh leagtha amach mar seo a leanas:

  • Brollach
  • Leasaithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 1, Lch 10-41)
  • Leasaithe ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Airteagal 2, Lch 42-133)
  • Forálacha Críochnaitheacha (Airteagail 3-7, Lch 134-135)
  • Prótocail
The Lisbon Treaty Song 2009

Brollach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007

Airteagail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leasuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh

  • Airteagal 1
  • Airteagal 2
European Union (Amendment) Act 2008

Forálacha críochnaitheacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Airteagal 3
  • Airteagal 4
  • Airteagal 5
  • Airteagal 6
  • Airteagal 7

Prótocail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn ar an Reifreann [1]
Tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn ar an Reifreann [1]

A. Prótacail a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, leis an gconradh ag bunú an chomhphobail Eorpaigh do fhuinneamh adamhach

  • Prótacal maidir le ról na bParlaimintí Náisiúnta san Aontas Eorpach
  • Prótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm
  • Prótacal maidir leis an nGrúpa Euro
  • Prótacal maidir leis an mBuanchomhar Struchtúrtha arna bhunú le hAirteagal 28a den Chonradh ar an Aontas Eorpach
  • Prótacal a bhaineann le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an Aontas a aontú don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint
  • Prótacal maidir leis an margadh inmheánach agus an iomaíocht
  • Prótacal maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe
  • Prótacal maidir le hinniúlachtaí roinnte a fheidhmiú
  • Prótacal maidir le seirbhísí leasa ghinearálta
  • Prótacal a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 ar aghaidh, den pháirt eile
  • Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

B. Prótacail a chuirfear i gceangal le Conradh Liospóin

  • Prótacal Uimh. 1 ag leasú na bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus/nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
  • Iarscríbhinn - Táblaí comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 1 ag leasú na bPrótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus/nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
  • Prótacal uimh. 2 ag leasú an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

Iarscríbhinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Táblaí comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chonradh Liospóin

Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá 7 airteagail agus tá 13 prótacail sa conradh.

Míniú ar na hAirteagail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Airteagal 1 Mionathraíonn an t-airteagal seo na conarthaí eile maidir leis an Brollach, Forálacha Ginearálta, Prionsabail Dhaonlathacha, Institiúidí, Comhar Feabhsaithe, Forálacha Ginearálta maidir leis an nGníomhaíocht Sheachtrach, An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála, Comhbheartas Slándála agus Cosanta agus na Forálacha Críochnaitheacha.

Airteagal 2 (an ceann is mó). Sé seo an chuid den conradh a leasaíonn an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ar a dtabharfar An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh as seo amach.

Leasaíonn sé 75 ailt sa conradh eile ina áirítear iomaí cineálacha gnóthaí ag plé leis an geilleagar, cearta an duine, cearta an oibrí, iompar, cáineachas, forais an AE, béascna, turasóireacht, sláinte, fuinneamh srl.

Airteagal 3 Deir an t-airteagal seo go mbeidh an conradh i bhfeidhm go dtí go tiocfaidh conradh eile ina ionad.

Airteagal 4 Míníonn an t-airteagal seo go bhfuil leasaithe éagsúla sna prótacail ceangailte leis an conradh.

Airteagal 5 Míníonn an t-airteagal seo athchruthú agus athuimhriú na conarthaí leasaithe atá mar bhunús Conradh Liospóin.

Airteagal 6 Míníonn an t-airteagal seo daing₩neoidh gach stát an conradh de réir a rialacha féin agus go rachaidh an conradh i ngníomh ar an 1 Eanáir 2009 nó ar an chéad lá den mhí tar éis don stát deiridh é a dhaingniú.

Airteagal 7 míníonn an t-airteagal seo gur foilsíodh an conradh i ngach teanga oifigiúil den AE agus go mbeidh an cháipéis bhunaidh i dtaisce ag rialtas na hIodáile, a sheolfaidh macasamhail den conradh chuig gach ballstáit.

Nuálaíochtaí Tábhachtacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cairt um Chearta Bunúsacha

Cuirfidh an Cairt um Chearta Bunúsacha, fógartha ag an AE i 2000, na ballstáit faoi cheangal dlíthiúil.

  • Cúram teachta eachtrach cumaiscthe

Cumascófar cúram an tArd-ionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisinéir Caidreamh Seachtrach agus Beartas Comharsanachta Eorpach

  • Cúramaí breise ag feiseanna

Gheobhaidh Feis na hEorpa, a thoghann na daoine go díreach, breis cumhachtaí trí an nós imeachta comhchinnidh a leathnú amach i mórán réimsí. Beidh cúramaí breise ag na feiseanna tíorthúla freisin.

  • Réimsí beartais an AE aththógtha

Leathnófar vótáil tromlach dúbailte sa Chomhairle Eorpach go tuilleadh réimsí ó 2014 ar aghaidh.

  • Uachtarán Comhairle na hEorpa

Cúram nua ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith chun gnó an Chomhairle a eagrú níos fearr in ionad an t-uachtarántacht a bhogann thart gach sé mhí.

  • Pearsantacht dlíthiúil aonarach

Ligeann sé seo don AE conarthaí idirnáisiúnta a shíniú.

Gnóthaí Eachtracha an AE[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an conradh, is réimse beartais é caidreamh eachtracha a bhfuil gá le aontoilíocht i measc baill an AE. Cumascófar cúram an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála le cúram an Coimisinéir Caidreamh Seachtrach agus Beartas Comharsanachta Eorpach chun líon na coimisinéirí a laghdú. Beidh an tArdionadaí mar leasuachtarán ar an gCoimisiúin agus beidh foireann taidhleoireachta acu. Glaofar an tArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar an té seo sa conradh.

Feiseanna na hEorpa agus tíorthúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Neartófar Feis na hEorpa, a thoghann na daoine go díreach, faoin conradh. Roimh an conradh seo, tháinig formhór réimsí beartais faoi nós imeacht comhchinnidh. I ndiaidh daingniú an conradh, baineann an nós imeachta seo (ar a glaotar "an gnáth nós imeachta reachtaíochta" anois) le beagnach gach réimse de beartais an AE agus dá bhrí sin beidh na cumhachtaí céanna ag Feis na hEorpa agus atá ag an Chomhairle, agus feidhmeoidh an dá fhoras le chéile mar reachtas dá sheomra. Sna beagán réimsí atá fágtha (ar a glaotar "nósanna imeachta reachtaíochta sainiúil" anois), tá an ceart ag an Fheis chun toiliú le beart ón gComhairle, nó a mhalairt go cruinn, seachas sna beagán cásanna nuair a bhíonn an sean nós imeachta Comhairliúchain i bhfeidhm (nuair ar gá don Chomhairle dul i gcomhairle le Feis na hEorpa roimh guth a chaitheamh ar moladh an gCoimisiúin agus aird a thabhairt ar tuairimí an bhFeis. Níl sí faoi cheangal tuairimí an bhFeis seachas an dualgas dul i gcomhairle léi. Caithfear dul i gcomhairle leis an Fheis arís má imíonn an Chomhairle rófhada ón moladh bunaidh).

Faigheann an Fheis cumhachtaí níos láidre agus níos leithne ar cáinaisnéis an AE ina iomlán, ní amháin caiteachas neamhéigeantach.

Bronnfar cúram níos mó in athchóiriú ar bith ar an Conradh AE (Airteagal 33 nua in ionad Airteagal 48) agus chun freagairt do iarratais nua do bhallraíocht (Airteagal 34 nua in ionad Airteagal 49) ar na feiseanna tíorthúla. Beidh feiseanna tíorthúla in ann bearta a churann comhoibriú breithiúnach i gnóthaí sibhialta chun cinn a chros (Airteagal 69d nua).

Vótáil sa Chomhairle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tabharfaidh an conradh nós imeachta vótála nua isteach i gComhairle an Aontas Eorpaigh le haghaidh reachtaíocht nach bhfuil gá le cinntí d'aon toil dóibh. Sroichtear an "tromlach cáilithe", mar a glaotar ar, nuair a chaitheann tromlach de na ballstáit (55%) atá ionadaíodh do tromlach na saoránaigh uile (65%) guth ar son moladh. Nuair nach bhfuil an Chomhairle ag feidhmiú ar moladh an gCoimisiúin, méadaítear tromlach riachtanach de na ballstáit uile go 72% agus fanann an ceanglas daonra mar i gcéanna. Chun bac a chur ar reachtaíocht caithfidh ar a laghad 4 tír bheith i gcoinne moladh.

Réimsí beartais[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an conradh, cuirfear rud eile in áit comhdhéanamh trí "cholún" an AE. Méadófar inniúlachtaí an AE in dhá réimsí reachtaíochta suntasacha nó "colúin" - Beartas Eachtrach agus Slándála (an dara colún) agus Comhoibriú Póilíneachta agus Breithiúnach i gCúrsaí Coiriúla (an treas colún) - ag an t-am céanna.

Sa conradh tá réimsí beartais an AE aicmithe i gceann de na trí réimsí a leanas:

  • Inniúlacht eisiach: Sa réimse seo tá an inniúlacht eisiach ag an tAE chun treoir a dhéanamh. Tá inniúlacht eisiach ag an tAE freisin chun comhaontú idirnáisiúnta a chríochnú nuair atá a chríoch foráilte i reacht de chuid an Aontas.
  • Coimhinniúlacht roinnte: Tá an inniúlacht chun reachtaíocht a rith sa réimse seo roinnte idir na ballstáit agus an tAE.
  • Inniúlacht taca: Tá cead ag an tAE gníomhartha a dhéanamh chun tacú le, comheagrú nó gníomhartha na Ballstáit a fhorlíonadh.

Is féidir le na ballstáit diúltú bheith páirteach i roinnt do na réimsí beartais seo. Tugann an conradh rogha deis do tíortha diúltú bheith páirteach i mbeartais AE i réimse póilíneacht agus dlí coiriúil.

Uachtarán Comhairle na hEorpa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíonn buanchúram nua Uachtarán Comhairle na hEorpa sa conradh. Tá an duine seo, iar-phríomhaire go ródhócha, mar Uachtarán ar Comhairle na hEorpa ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith in ionad an córas atá ann faoi láthair ina mbíonn gach stát mar uachtarán ar feadh tréimhse sé mhí. Tarlaíonn an toghchán i measc na taoisigh rialtais, trí córas vótáil tromlach cáilithe, agus is féidir an tUachtarán a chur as a chúram ar an dóigh chéanna. Ciallaíonn sin go roghnófar, ní toghfar, an té roghnaithe ag na taoisigh rialtais. Níl aon ó Feis na hEorpa,

Méadú agus dealú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá forálacha sa conradh do stáit ar mian leo bheith mar ballstát den AE chun cloí le luachanna an AE. Tá forálacha ann freisin ionas gur féidir le ballstát scaradh ón aontas i gceart agus go dleathach.

Athrú aeráide agus dlúthpháirtíocht fuinnimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá comhaontaithe breise sa conradh maidir le athrú aeráide agus an troid i gcoinne téamhú na cruinne, atá leagtha síos mar spriocanna ag an AE. Lena chois sin, leasaíodh forálacha éagsúla sna conarthaí chun dlúthpháirtíocht maidir le fuinneamh agus athraithe do bheartas fuinnimh an AE a chur sa conradh.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 refcom.ie (Nollaig 2008). "Tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn ar an Reifreann ar an mBILLE UM AN OCHTÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT 2008". Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 refcom.ie (2008). "Bileog". Dáta rochtana: 2022.
  3. europarl.europa.eu/. "An Pharlaimint tar éis Chonradh Liospóin: Ról níos mó i ndáil le cruthú na hEorpa". Dáta rochtana: 2018.
  4. 4.0 4.1 Stephen Castle (2007-12-13). "Gordon Brown skips EU treaty ceremony, angering his critics (Published 2007)" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2020-12-13.
  5. 5.0 5.1 "Brown flies to Lisbon for belated EU treaty signing" (en). the Guardian (2007-12-13). Dáta rochtana: 2020-12-13.