Daonlathas Clé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaDaonlathas Clé
Sonraí
Ainm gearrDL Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtasóisialachas daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaEite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh28 Márta 1992
Chumasc isteach lePáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte24 Eanáir 1999 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí polaitiúil Éireannach ba ea Daonlathas Clé (Béarla: Democratic Left) agus é ar an bhfód idir na blianta 1992 agus 1999. Bunaíodh an páirtí tar éis scoilte i bPáirtí na nOibrithe sa bhliain 1992. Chomhcheangail an páirtí le Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1999.

Bunú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Páirtí na nOibrithe an ceathrú páirtí is mó sa Dáil sa bhliain 1992 agus seachtar Teachtaí Dála aige. An bhliain sin rinneadh iarracht bunreacht an pháirtí a athrú chun deireadh a chur leis an gceangal idir an páirtí agus an tIRA Oifigiúil agus chun struchtúir pharlaimintigh a chur i bhfeidhm sa pháirtí. Cé go raibh móramh mór i bhfabhar an athraithe ní bhfuair siad dhá thrian de na vótaí, méid a bheadh ag teastáil chun an bunreacht a athrú. Tar éis na teipe seo d'fhág mórán daoine an páirtí (mionlach mór de na baill ar a laghad), agus seisear Teachtaí Dála san áireamh: Proinsias De Rossa (ceannaire an pháirtí), Pádraic Ó Coinín, Éamon Mac Giollamóir, Eric Byrne, Pat McCartan agus Joe Sherlock. D'fhan Tomás Mac Giolla i bPáirtí na nOibrithe. Úsáideadh "Clár Oibre Nua" (Béarla: New Agenda) mar ainm sealadach an pháirtí nua, ach roghnaíodh an t-ainm "Daonlathas Clé" ag an gcéad cruinniú den pháirtí. Ba é Proinsias de Rossa an ceannaire.

Stair an Pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuiaigh an páirtí san iomaíocht in olltoghchán na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1992. Bhí beirt iarrthóirí aige ach ní bhfuair siad ach 2,133 vóta.

Fuair an páirtí níos lú ná 1% de na vótaí i dtoghchán Fhóram Thuaisceart Éireann sa bhliain 1996. Níor toghadh iarrthóir ar bith den pháirtí. Bhí roinnt comhairleoirí áitiúla ina mbaill den pháirtí ó thús: chaill Séamus Ó Loinsigh a shuíochán ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste sa bhliain 1993, agus choinneáil Gerry Cullen a shuíochán i nDún Geanainn i dtoghcháin na mblianta 1993 agus 1997.

Chaill an páirtí dhá shuíochán sa Dáil in olltoghchán na bliana 1992. D'imigh Eric Byrne, Pat McCartan agus Joe Sherlock ach bhuaigh Liz McManus i gCill Mhantáin. Fuair an páirtí 2.8% de na vótaí i gcomparáid leis an 5% a fuair Páirtí na nOibrithe in olltoghchán na bliana 1989.

Bhuaigh an páirtí dhá fhothoghchán sa bhliain 1994. Toghadh Eric Byrne i mBaile Átha Cliath Lár Theas agus toghadh Kathleen Lynch i gCorcaigh Lár Thuaidh.

Tar éis imphléasctha Chomhrialtas Fianna Fáil-Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1994, ghlac an Daonlathas Clé páirt i gcomhrialtas nua le Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Ceapadh Proinsias de Rossa mar Aire Leasa Shóisialaigh agus chuir sé an chéad stráitéis náisiúnta frith-bhochtaine ar bun.

Comhcheangal le Páirtí an Lucht Oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill an páirtí dhá shuíochán in olltoghchán 1997. Sa bhliain 1999 chomhcheangail an páirtí le Páirtí an Lucht Oibre. Coinneáladh ainm an páirtí ba mhó agus bacadh baill i dTuaisceart Éireann ar dhul i mbun oibre go neamhspleách. Ba é Ruairí Ó Cuinn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, ceannaire an pháirtí chomhcheangailte. Ceapadh De Rossa mar uachtarán an pháirtí, post gan chumhacht. Toghadh De Rossa do Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 1999.

Toghadh iar-bhaill den Daonlathas Clé, Pádraic Ó Coinín agus Liz McManus, mar cheannaire agus leascheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 2002. Toghadh iarbhall eile den Daonlathas Clé, Éamon Mac Giollamóir, mar cheannaire tar éis dó éirí as an Choinínigh sa bhliain 2007.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]