Tuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tuaisceart na Éireann)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTuaisceart Éireann
Northern Ireland (en)
Tuaisceart Éireann (ga) Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil
Léarscáil

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°36′27″N 6°41′33″W / 54.6075°N 6.6925°W / 54.6075; -6.6925
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairBéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,852,168 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús131.08 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla
an Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla14,330[1]
Pointe is airdeSliabh Dónairt (850 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú8 Bealtaine 1921
ÉarlamhNaomh Pádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil agus monarcacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinTionól Thuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachTionól Thuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapunt steirling Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód+35348 agus +4428 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2GB-NIR Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSUKN Cuir in eagar ar Wikidata

Tuaisceart Éireann ina cuid den Ríocht Aontaithe. Is ionann Tuaisceart Éireann (Béarla: Northern Ireland; Ultais: Norlin Airlann) agus limistéar na sé gcontae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón gcuid eile d'Éirinn nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922.[2]

Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé chathair i dTuaisceart Éireann, mar atá Béal Feirste, Doire, Ard Mhacha, Lios na gCearrbhach, Iúr Cinn Trá agus Beannchar. I measc na ndeich mbaile is mó i dTuaisceart Éireann áirítear:

Béal Feirste, Doire, Baile Nua na Mainistreach, Creag Abhann, Beannachar, An Caisleán Riabhach, Liso na gCearrbhach, An Baile Meánach,

# Cathair/Baile Comhairle ceantair Contae Daonra
1 Béal Feirste Béal Feirste Contae Aontroma
Contae an Dúin
333,871
2 Doire Cathair Dhoire agus Ceantar an tSratha Báin Contae Dhoire 83,163
3 Baile na Mainistreach Aontroim agus Baile na Mainistreach Contae Aontroma 65,646
4 Creag Abhann Cathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Creag Abhann Contae Ard Mhacha 64,323
5 Beannchar Buirg Aird Uladh agus Thuaisceart an Dúin Contae an Dúin 61,011
6 An Caisleán Riabhach Lios na gCearrbhach agus an Caisleán Riabhach Contae an Dúin 55,857
7 Lios na gCearrbhach Lios na gCearrbhach agus an Caisleán Riabhach Contae Aontroma
Contae an Dúin
45,370
8 An Baile Meánach Lár agus Oirthear Aontroma Contae Aontroma 29,551
9 Baile Nua na hArda Buirg Aird Uladh agus Thuaisceart an Dúin Contae an Dúin 28,050
10 Carraig Fhearghais Lár agus Oirthear Aontroma Contae Aontroma 27,998

Tá sé chontae i dTuaisceart Éireann, mar a leanas:

Contae Thír Eoghain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gleann Butterlope, sna Speiríní

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair ísealchríce sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an tSruthail, an phríomhabhann in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

Contae Ard Mhacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úllord i Loch gCál, i gContae Ard Mhacha

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúirí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.

Contae an Dúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Radharc ar Loch Cuan, i gContae an Dúin

I gContae an Dúin aimsítear Loch Cuan. Tá an loch faoi chúig chiliméadar déag, a bheag nó a mhór, de Bhéal Feirste, agus é ag sroicheadh ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Is féidir leat Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.

Is é Sliabh Dónairt, i gContae an Dúin, 850m (2,790 tr) in airde, an cnoc is airde i dTuaisceart Éireann.

Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo.

Eagraíonn maoir de chuid an Iontaobhais cuid mhór siúlóidí agus turais thart faoi Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas faoi shaol nádúrtha an locha á thabhairt do na cuairteoirí le linn na dturas.

Contae Aontroma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae Aontroma

Gleann Doinne, ceann de naoi ngleann Aontroma

Meallann Glinntí Aontroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirste, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chontae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Contae Fhear Manach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae Fhear Manach

Contae Dhoire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Contae Dhoire

Tá cuid de na Speiríní suite i ndeisceart Chontae Dhoire chomh maith, agus Sliabh gCallann, ar an teorainn le Contae Thír Eoghain, ar phointe is airde an chontae. Is é lár an chontae an chuid is airde de, agus titeann an talamh agus duine ag dul uaidh sin isteach i ngleann an Fheabhail san iarthar nó i ngleann na Banna san oirthear. Baineann an contae le Loch nEathach ina chúinne oir-dheisceartach, agus aithnítear tuaisceart an chontae as aillte géara, córais dumhcha, agus tránna gainimh an chladaigh Atlantaigh.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 1,903,100 daoine ina gcónaí i dTuaisceart Éireann i 2021, de réir daonáireamh na bliana sin[3]. Sa daonáireamh chéanna, dúirt 42.3% den daonra gur Chaitlicigh iad, agus thug 37.3% le fios gur Phrotastúnaigh, nó leantóirí de shainchreideamh Críostach eile, a bhí iontu. 1.3% de dhaoine a lean reiligiún eile, agus 17.4% nár lean reiligiún ar bith nó a dhiúltaigh an cheist a freagairt[4].

Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an tAcht um Rialtas na hÉireann ón bhliain 1920 a shainigh críocha agus teorainneacha an stáitín áfach, cé nach bhfuil teorainneacha cruinne gearrtha dó inniu féin, agus tá áiteanna ann nach féidir a rá fúthu go neamh-dhébhríoch cé acu sa Tuaisceart nó sa Phoblacht atá siad suite.

Baineann dhá thrian de Chúige Uladh le Tuaisceart Éireann, ach tá sé de nós ag na hAontachtóirí "Cúige Uladh" (Ulster) a thabhairt ar an stáitín. Státín féinrialaithe ann féin is ea Tuaisceart Éireann, nó go bunúsach, is slánaonad faoi fhéinrialtas é atá faoi fhorlámhas na Ríochta Aontaithe, murab ionann agus an chuid eile d'Éirinn. Mar sin, is féidir é a chur i gcomparáid le Sasana, leis an Bhreatain Bheag agus le hAlbain.

Go praiticiúil, áfach, cha raibh féinrialtas an Tuaiscirt ag obair ar feadh i bhfad. Bhí tionól nó dáil fhéinrialaitheach ann ar Chnoc an Anfa (Béarla: Stormont) go dtí na Trioblóidí, ach ar an 30 Márta 1972, chuir rialtas na Ríochta Aontaithe an féinrialtas áitiúil ar ceal agus thosaigh sé ag rialú an Tuaiscirt go díreach ó Londain.

De thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta, tháinig Tionól nua féinrialaitheach ar an fhód, ach nuair a chuaigh an díospóireacht faoi dhíchoimisiúnú arm na Sealadach ó smacht, cuireadh an tionól ar fionraí ar an gceathrú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2002. Cé gurb iad an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) agus Sinn Féin an dá pháirtí is láidre inniu, i ndiaidh an olltoghcháin ar an 30 Samhain 2003, d'éirigh leis an tionól cromadh ar obair arís, rud nach raibh mórán súile leis, ós iad an dá pháirtí a sheasann do mheon na dígeantachta is na neamhghéilliúlachta sa dá phobal.

An pholaitíocht agus na Trioblóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá polaitíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar an teorainn eitni-reiligiúnda idir na Caitlicigh, a dhearcann orthu féin mar Éireannaigh is mar Ghaeil agus mar dhaonra bundúchasach, agus na Protastúnaigh, a dhearcann orthu féin mar shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe agus mar chosantóirí a dúchais. Tá sé de chlaonadh sna Caitlicigh a rá nó a shíleadh gur coilínithe agus grabálaithe talún iad na Protastúnaigh nár tháinig isteach ach de thoradh na plandála. Is náisiúnaithe (baintear úsáid as an leagan "náisiúntóirí" freisin sa Ghaeilge, nuair a bhítear ag trácht ar náisiúnaithe Caitliceacha an Tuaiscirt) iad an chuid is mó de na Caitlicigh, agus teastaíonn uathu an dá stát in Oileán na hÉireann a aontú in aon stát amháin. Ón taobh eile de, is dual do na Protastúnaigh a gcomhionannú a dhéanamh leis an mBreatain Mhór agus maíomh as a ndílseacht don Choróin agus don Rí nó don Bhanríon. Dearcann siad ar an nasc idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann mar urrús riachtanach dá gcearta reiligiúnaigh agus sibhialta, agus bíonn siad iontach mímhuiníneach as Poblacht na hÉireann, nó tá siad den tuairim go bhfuil an iomarca cumhachta ag an Eaglais Chaitliceach sa Phoblacht, rud a d'fhágfadh nach mbeadh stádas an tsaoránaigh chothroim ar fáil dóibh dá n-aontófaí Éire.

Is follasach go bhfuil an dá sheasamh seo doréitithe le chéile, agus mar sin, d'fhág an foréigean seicteach a shliocht ar Thuaisceart Éireann ó tháinig an stáitín ar an bhfód. Bhí na hAontachtóirí den tuairim, ar dtús, gur fealltóirí agus lucht tréasa ab ea na Caitlicigh go léir, ó theastaigh uathu an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh agus dul le Poblacht na hÉireann. Mar sin, choinnigh siad an rialtas fúthu féin, agus iad ag dul i muinín cleasa mí-ionraice go minic, ar nós claonroinnt na dtoghlach, lena chinntiú nach bhféadfadh na Caitlicigh teacht in aon chóngar don tromlach sna toghcháin dhaonlathacha. Chuir an chuid ba ghangaidí de na Caitlicigh cor in aghaidh an chaim trí thacaíocht a thabhairt d'fheachtas armtha an IRA leis an stáitín a scaradh ón Ríocht Aontaithe.

Na Trioblóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

O'Neill ag oscailt an Wilson homestead, anois an Ulster American Folk Park, Dearg Alt (Dergalt), An Srath Bán Íochtarach, Tír Eoghain[5]

Sna 1960idí, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh leasuithe suntasacha polaitiúla ar na bacáin, nuair a bhain Terence O'Neill, polaiteoir Aontachtach a raibh dearcadh forásach nua-aimseartha aige, amach oifig Phríomh-Aire an Tuaiscirt. Bhí sé ag caint faoin rathúnas ábhartha mar leigheas ar an scoilt sheicteach, agus é sásta dul i dteagmháil le Seán Lemass, taoiseach Phoblacht na hÉireann san am céanna, a raibh dearcadh cosúil aige. Sa deireadh thiar thall, áfach, ní dhearna iarrachtaí Uí Néill ach an lasair a chur sa bharrach.

Go bunúsach, bhí cuid mhór de na hAontachtóirí barúlach go raibh an Niallach ag iarraidh iad a dhíol ar shladmhargadh leis an lucht tréasa a bhí ag rialú i mBaile Átha Cliath, agus na Caitlicigh míshásta leis nach raibh na leasuithe cuimsitheacha polaitiúla ag teacht sách luath.

Mar sin, phléasc an foréigean seicteach amach arís ó thús na seachtóidí i leith. Cuid de ghnáthshaol an stáitín ab ea na gníomhartha sceimhlitheoireachta go dtí gur cuireadh an chéad sos cogaidh fada i bhfeidhm sna nóchaidí, agus inniu féin, spreagann an faltanas seicteach daoine chun loitiméireachta, coirlosctha, dúnmharaithe, agus bruíonachais. Tá formhór na n-iar-sceimhlitheoirí, an tIRA Sealadach thar aon dream eile, éirithe as a leithéid, agus iad ag iarraidh leas a bpobail a dhéanamh ar bhealach éigin eile, ar nós obair fhóirithinte, Gaeilgeoireacht nó polaitíocht dhaonlathach.

An Ghaeilge i dTuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 75,125 duine (4.164% de dhaonra Thuaisceart na hÉireann) ábalta Gaeilge a scríobh, a léamh, a labhairt agus a thuibheáil. Ní raibh aon eolas ar an Ghaeilge ag 89.7% den daonra. Bhí eolas ar an Ghaeilge ag 10.3% den daonra.

Céadtadán de dhaoine 3+ bliana d'aois le cumas de shaghas éigean acu sa Ghaeilge de réir daonáireamh 2011.

Oideachas trí mheán na Gaeilge i dTuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scoilbhliain 2017-2018, bhí 5,261 dalta ag fáil a n-oideachais sa chóras lán-Ghaeilge, 1.7% de na daltaí ar fad.

  • Ó thaobh na mbunscoileanna, bhí 4,156 dalta bunscoile sa chóras lán-Ghaeilge, 2.4% den iomlán agus ardú ó 2,818 dalta sa bhliain 2010-2011.
  • Ó thaobh na meánscoileanna, 1,105 dalta meánscoile a bhí sa chóras lán-Ghaeilge, 0.8% den iomlán agus ardú ó 732 dalta sa bhliain 2010-2011.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  2. "tearma.ie - Dictionary of Irish Terms - Foclóir Téarmaíochta" (ga). www.tearma.ie. Dáta rochtana: 2019-02-05.
  3. Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde (22ú Meán Fómhair 2022). "[https://www.nisra.gov.uk/system/files/statistics/census-2021-main-statistics-for-northern-ireland-phase-1-statistical-bulletin-demography-and-households.pdf Main statistics for Northern Ireland Statistical bulletin Demography and households]". Dáta rochtana: 7ú Bealtaine 2023.
  4. Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde (22ú Meán Fómhair 2022). "[https://www.nisra.gov.uk/system/files/statistics/census-2021-main-statistics-for-northern-ireland-phase-1-statistical-bulletin-religion.pdf Main statistics for Northern Ireland Statistical bulletin Religion]". Dáta rochtana: 7ú Bealtaine 2023.
  5. logainm.ie
  6. "Dalta as gach scór ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ar oileán na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-02-05.

Nascanna seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]