Terence O'Neill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTerence O'Neill
Ríchomhairle na Ríochta Aontaithe
Ainm sa teanga dhúchais(en) Terence O’Neill
Beathaisnéis
Breith10 Meán Fómhair 1914
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Meitheamh 1990
75 bliana d'aois
Hampshire, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Ríocht Aontaithe

17 Aibreán 1970 – 8 Deireadh Fómhair 1971
Ball de Theach na dTiarnaí
23 Eanáir 1970 – 12 Meitheamh 1990 (bás in oifig)
Príomh-Aire Thuaisceart Éireann
25 Márta 1963 – 1 Bealtaine 1969
← Basil BrookeJames Chichester-Clark →
Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eton
West Downs School (en) Aistrigh
Coláiste Míleata Ríoga, Sandhurst Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, státseirbhíseach, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileJean O'Neill (1944–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePatrick Arthur Ingham O'Neill, Penelope Ann O’Neill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairArthur O'Neill  agus An Bhantiarna Annabel Crewe-Milnes
SiblínMary Louisa Hermione O'Neill
Duine muintearthaBamber Gascoigne (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir Aontachtach i dTuaisceart na hÉireann é Terence O'NeillTarlach Ó Néill (10 Meán Fómhair 1914 - 12 Meitheamh 1990). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann sna 1960idí

D'fhéach an Príomh-Aire Terence O'Neill le cothrom na Féinne a thabhairt do na Caitlicigh, ach ansin, thosaigh na Dílseoirí, ar nós Ian Paisley, ag cur ina aghaidh. Bhí dearcadh forásach nua-aimseartha ag O'Neill ag an am, ach d'éirigh leis na sceimhlitheoirí é a chur amach as oifig faoi dheireadh. Bhí folús polaitiúil ann agus thosaigh na Trioblóidí i ndáiríre.

O'Neill ag oscailt an "Wilson homestead", anois an Ulster American Folk Park, Dearg Alt (Dergalt), An Srath Bán Íochtarach, Tír Eoghain[1]

Príomh-Aire ar Thuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 25 Márta 1963, d’éirigh Terence O'Neill ina cheannaire ar na hAontachtóirí. D'áitigh Terence O'Neill ar Basil Brooke, an tríú Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann.

Chonacthas feabhas mór san eacnamaíocht sna 1960idí. Thug Seán Lemass cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán.

Sean Lemass (1966)

Sna 1960idí, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh leasuithe suntasacha polaitiúla ar na bacáin, nuair a bhain Terence O'Neill amach oifig Phríomh-Aire an Tuaiscirt. Chrom an Niallach ar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le sochaí a chur ar bun a thabharfadh cearta do na Caitlicigh féin. Bhí sé ag caint faoin rathúnas ábhartha mar leigheas ar an scoilt sheicteach, agus é sásta dul i dteagmháil le Seán Lemass, taoiseach Phoblacht na hÉireann san am céanna, a raibh dearcadh cosúil aige. Sa deireadh thiar thall, áfach, ní dhearna iarrachtaí Uí Néill ach an lasair a chur sa bharrach.

Freasúra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh na hAontachtóirí go léir sásta leis na polasaithe seo, áfach. Fuair an Niallach é féin faoi ionsaí ag na dearg-Dhílseoirí, cosúil le William Craig agus Ian Paisley, agus iad ag cur feillbhirt ina leith. Chuaigh siad chun cogaidh ar O'Neill, faoi cheannas Ian Paisley, seanmóirí bunúsaíoch a chuaigh le polaitíocht.

Go bunúsach, bhí cuid mhór de na hAontachtóirí barúlach go raibh an Niallach ag iarraidh iad a dhíol ar shladmhargadh leis an lucht tréasa a bhí ag rialú i mBaile Átha Cliath, agus na Caitlicigh míshásta leis nach raibh na leasuithe cuimsitheacha polaitiúla ag teacht sách luath. Bhí Paisley ar thús cadhnaíochta ag cur in aghaidh an dóigh a raibh O'Neill ag iarraidh comhréiteach a shocrú agus spiorad dea-chomharsanachta a chothú le Poblacht na hÉireann.

1969[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach na dTiarnaí

Bhí an dá phobal ag dul in adharca a chéile, agus an caidreamh trasphobail ag dul chun donais. Chuaigh na Náisiúnaithe amach sna sráideanna le cothrom na Féinne a éileamh faoi bhratach Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta.

Dá thoradh sin, bhí scliúchais bhrúidiúla i nDoire agus i mBéal Feirste sa bhliain 1969. Phléasc an foréigean seicteach amach arís. Thosaigh na Dílseoirí agus na péas ó Chonstáblacht Ríoga Uladh ag ionsaí na mórshiúlta a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh. Nuair a maraíodh daoine de lucht na máirseála, chrom an tIRA ar na Protastúnaigh a imeaglú chomh maith.

Thosaigh Óglaigh Protastúnach Uladh ar fheachtas buamála sa bhliain 1969. Phléasc buamaí ar an 30 Márta, agus 4, 20, 24 agus 26 Aibreán chun brú a chur ar rialtas Terence O'Neill. Thit an locht ar an IRA ar dtús[2]. D'éirigh leis an Ó.P.Ú. rialtas O'Neill a scriosadh faoi dheireadh agus dúirt O'Neill go raibh sé ag éirí as an rialtas ar an 28 Aibreán. Ar an 1 Bealtaine 1969, d'éirigh O'Neill go hoifigiúil as a phost mar phríomh-aire agus mar cheannaire ar na hAontachtóirí.

Deireadh a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh O'Neill as an pholaitíocht i dTuaisceart na hÉireann i mí Eanáir 1970 agus d'éirigh sé ina Lord ag an am céanna.

Chaith sé an chuid eile dá shaol ar scor i Lymington, Hampshire, áit a d'éag sé ó ailse ar an 12 Meitheamh 1990.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]