An Cheis Fhada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Cheis Fhada
Íomhá
Sonraí
CineálPríosún
Foirgníocht9 Lúnasa 1971 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte29 Meán Fómhair 2000 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla9 Lúnasa 1971 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta an dúnaidh oifigiúil29 Meán Fómhair 2000 Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáidpríosún
Croineolaíocht
éalú as an Cheis Fhada
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae an Dúin, Northern Ireland
Map
 54°29′19″N 6°06′27″W / 54.488611111111°N 6.1075°W / 54.488611111111; -6.1075
Gníomhaíocht
OibreoirSeirbhís Príosún Thuaisceart Éireann

Príosún ba ea an Cheis Fhada[1] (ainm oifigiúil: "HM Prison Maze") a bhí suite in aice le Lios na gCearrbhach, faoi 14 km (9 míle) de Bhéal Feirste i gContae an Dúin. Tharraing an príosún súil an tsaoil mhóir air féin i rith na mórstailceanna ocrais i dtús na n-ochtóidí.[2]

Dúnadh é sa bhliain 2000.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh an t-imtheorannú isteach mar chleachtas sa bhliain 1971. Ar an 9 Lúnasa 1971, chuir na fórsaí slándála i gcrích "Oibríocht Demetrius", is é sin, sraith de ruathair le 452 duine a locadh is a ghabháil a rabhthas in amhras sceimhlitheoireachta fúthu. D'éirigh leis na péas agus leis an arm 342 Phoblachtánach a ghabháil, ach ó fuair na baill thábhachtacha den IRA foláireamh roimh ré, tháinig siadsan slán as an teagmháil. Iad siúd a gabhadh, áfach, fuarthas cuid mhaith acu éigiontach, agus scaoileadh saor iad. Iad siúd a chóirigh an oibríocht, cuireadh ina leith go ndearna siad praiseach den scéal, gur ghabh siad daoine contráilte agus nach raibh a gcuid eolais cothrom le dáta. Ar mhaithe le cothrom Féinne, gabhadh roinnt Dílseoirí freisin, agus sa bhliain 1972, bhí 924 duine i mbraighdeanas.

Ar dtús, coinníodh na daoine imtheorannaithe i mbotháin Nissen ar an gCeis Fhada, nach raibh ann san am seo ach aerstráice as úsáid. Aerstráice de chuid an Aerfhórsa Ríoga a bhí ann sula ndearnadh príosún den áit.

Bhí na cimí agus lucht a dtacaíochta ag éileamh feabhais ar choinníollacha a saoil agus ar a stádas mar phríosúnaigh, nó is é an meas a bhí acu orthu féin ná gur cimí polaitiúla ab ea iad seachas gnáthphríosúnaigh choiriúla. Sa bhliain 1974, thug William Whitelaw isteach stádas an Chatagóra Speisialta dóibh siúd a raibh téarmaí príosúnachta le cur isteach acu de dheasca na dTrioblóidí. Bhí 1,100 príosúnach aicmithe sa Chatagóir Speisialta san am sin.

Dorchla - H4 - HMP Maze

Nuair a bronnadh stádas an Chatagóra Speisialta ar na ciontóirí a raibh baint acu leis na paraimíleataigh, bhí na cearta agus na pribhléidí céanna acu nach raibh ar fáil ach do na himtheorannaithe roimhe sin, mar shampla saorchaidreamh na bpríosúnach, cuairteanna breise, beartáin bhia, agus éadaí de chuid an phríosúnaigh féin in áit shainéide an phríosúin (Crawford 1979).

Ní raibh fad saoil i ndán do stádas an Chatagóra Speisialta. Bhí an Rúnaí Stáit nua, Merlyn Rees, dírithe ar na cimí paraimíleata a chur ar aon leibhéal leis na gnáthchiontóirí de réir an pholasaí a bhí glactha ag an Rialtas, agus chuir sé deireadh leis an stádas ó 1 Márta, 1976, ar aghaidh. Na Poblachtánaigh ar gearradh téarma príosúnachta orthu ina dhiaidh sin, réitíodh fáras dóibh sna "H-Bhlocanna" nua a bhí tógtha ar an gCeis Fhada, ocht gcinn acu. Na cimí a bhí ann roimhe sin, d'fhan siad i bhfoirgnimh ar leith, agus níor baineadh an stádas speisialta díobh.

Na H-Bhlocanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Compound 19

Na Poblachtánaigh a daoradh chun príosúnachta i ndiaidh 1 Márta 1976, cuireadh sna H-Bhlocanna iad, agus an stádas nua a bhí acu, bhain sé na cearta díobh a bhí ag na príosúnaigh roimh an mbliain 1976, go háirithe na héadaí sibhialta.

A thúisce is a fuair na príosúnaigh iad féin sna H-Bhlocanna, thosaigh siad ag déanamh agóide. Ba é an chéad rud a rinne siad le dul chun diúnais ar na húdaráis ná diúltú do shainéide an phríosúin. Is é an míniú a thug siad air seo ná gurbh iad na gnáthchoirpigh a chaitheann sainéidí, agus gur príosúnaigh pholaitiúla a bhí iontu féin.

Ó nár ceadaíodh dóibh a gcuid éadaí féin a chaitheamh, fágadh i dtuilleamaí na mbraithlíní agus na mblaincéad iad. Na príosúnaigh a bhí páirteach san agóid seo, deirtí go raibh siad "ar an mblaincéad".

Sa bhliain 1978, bhí ní ba mhó ná 300 duine ag glacadh páirte. Mar sin féin, dhiúltaigh an rialtas Briotanach go stuacánta géilleadh don agóid. Ní cheadaíodh na séiléirí do na príosúnaigh dul ar an leithreas gan sainéide a chaitheamh.

Ansin, thosaigh na príosúnaigh ag déanamh a ngnóthaí istigh ina gcuid cillíní féin, agus iad ag smearadh an chaca de na ballaí. Ba é seo an "agóid shalach". Ach arís, d'eitigh rialtas Margaret Thatcher cluas éisteachta a thabhairt dóibh.

An Stailc Ocrais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Stailc ocrais 1981

Taobh amuigh den phríosún, chuaigh na Poblachtánaigh i dtuilleamaí na meán cumarsáide leis an scéal a chur i mbéal an phobail. Taobh istigh, ghlac na príosúnaigh céim eile agus iad ag dul ar stailc ocrais.

Ar an 27 Deireadh Fómhair 1980, dhiúltaigh seachtar Poblachtánach don bhia, agus iad ag éileamh stádas an chime pholaitiúil. I Mí na Nollag, chuir siad an stailc ocrais ar fionraí, nuair a tháinig an chuma ar an scéal go raibh an Rialtas le tabhairt isteach.

A thúisce is a chríochnaigh an stailc ocrais, d'fhill an Rialtas ar an seanseasamh, agus iad ag síleadh go raibh deireadh deifnídeach tagtha leis an stailc. Ina dhiaidh sin féin, áfach, chrom Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh, a bhí i gceannas ar na cimí Poblachtánacha, - chrom seisean agus roinnt eile ar an stailc ocrais arís, ar an chéad lá de Mhí na Márta 1981.

Taobh amuigh den phríosún, cuireadh an Seachnasach chun cinn mar iarrthóir don Pharlaimint, agus ghnóthaigh sé fothoghchán Fhear Manach agus Thír Eoghain Theas i Mí Aibreáin sa bhliain 1981. Ba mhór an t-éacht bolscaireachta é do ghluaiseacht na bPoblachtánach, ach níor mhaolaigh sin ar sheasamh daingean an Rialtais.

Ar an 5 Bealtaine, shíothlaigh an Seachnasach i ndiaidh sé lá is trí scór ar céalacan. Bhásaigh naonúr eile roimh dheireadh Mhí Lúnasa. Nuair a hadhlacadh an Seachnasach i mBéal Feirste, tháinig breis agus céad míle duine á chomóradh.

múrphictiúr, Béal Feirste

An tÉalú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 23 Meán Fómhair 1983, d'éalaigh dream ní ba mhó de phríosúnaigh ón gCeis Fhada ná a bhí éalaithe riamh as aon phríosún Briotanach. Shealbhaigh ochtar déag is fiche acu leoraí a bhí ag iompar bia don phríosún, agus bhris siad a mbealach amach. Cailleadh séiléir amháin, fear darbh ainm James Ferris, le taom croí nuair a bhítí ag bagairt scine air, agus gortaíodh cúigear eile.

Gabhadh naonúr déag de na príosúnaigh arís roimh i bhfad, ach tháinig an chuid eile acu slán. Ina dhiaidh sin, bhí duine acu páirteach i mbuamáil an óstáin i mBrighton sa bhliain 1984.

I Mí na Márta 1997, thángthas trasna ar thollán dhá scór troigh faoi thalamh a bhí gearrtha ag na cimí Poblachtánacha le haghaidh éalú. Bhí, fiú, solas leictreach sa tollán. Ba é H-Bhloc a Seacht túsphointe an tolláin, agus nuair a fuair na húdaráis amach é, ní raibh ach ceithre scór troigh ar fad fágtha idir ceann an tolláin agus múr an phríosúin.

graifítí ar balla, An Srath Bán, Tír Eoghain

Eagrú na hÁite[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na n-ochtóidí, chuir an Rialtas athruithe i bhfeidhm ar shaol an phríosúin, agus sa deireadh, bhí an chuma ar an scéal go raibh an chuid ba mhó de stádas an chine pholaitiúil ann arís. Cuireadh na príosúnaigh Phoblachtánacha in aon áit le chéile, agus ar an mbealach céanna, bhí cónaí ar na Dílseoirí i gcuideachta a gcuid comhreiligiúnach. Chuir an dá dhream eagraíocht mhíleata orthu féin, agus smacht nár bheag acu ar an saol ina mblocanna féin.

I Mí na Nollag, 1997, mharaigh príosúnaigh (a raibh baint acu le hArm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann (INLA)) Billy Wright, ceann feadhna Fhórsa na nÓglach Dílseach (LVF).

Próiseas na Síochána[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí páirt thábhachtach ag na príosúnaigh i bpróiseas na síochána freisin. Ar an 9ú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1988, tháinig Mo Mowlam, an Rúnaí Stáit um Chúrsaí Thuaisceart Éireann, ar cuairt gan choinne ar an gCeise Fhada le comhrá a dhéanamh leis na Dílseoirí ón UDA/UFF a bhí i mbraighdeanas ansin, Johnny Adair agus Michael Stone san áireamh. Bhí na cimí sin ag éileamh go n-éireodh a gcuid ionadaithe polaitiúla as na comhchainteanna síochána scun scan. I ndiaidh chuairt Mhowlam, áfach, d'athraigh siad a n-intinn agus lig siad dá gcuid ionadaithe leanúint leis na cainteanna, go dtí gur baineadh Comhaontú Aoine an Chéasta amach ar an 10ú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1998. Ina dhiaidh sin, fuair na príosúnaigh cead a gcos, de réir mar a bhí a gcuid dreamanna paraimíleata ag toiliú leis an sos cogaidh. I rith an dá bhliain eile, scaoileadh 428 príosúnach saor. An ceathrar a fágadh sa phríosún, haistríodh go háiteanna eile iad ar an 29ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 2000, agus dúnadh an Cheis Fhada.

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh grúpa monatóireachta le chéile ar an 14ú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 2003 lena marana a dhéanamh ar an gcineál úsáide a d'fhéadfaí a bhaint as an áit amach anseo. Chuathas i mbun threascairt na H-Block ar an 30 Deireadh Fómhair, 2006.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Cheis Fhada/Long Kesh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Máire Ní Fhinneadha (13 Meán Fómhair 2022). "Is mó a bhí ar eolas agam faoi Abu Ghraib ná mo thírín féin go dtí gur léigh mé an leabhar Gaeilge seo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-14.