Mo Mowlam
Marjorie "Mo" Mowlam | |
![]() | |
Státrúnaí um Thuaisceart Éireann
| |
In oifig 3 Bealtaine 1997 – 11 Deireadh Fómhair 1999 | |
Réamhtheachtaí: | Patrick Mayhew |
Comharba: | Peter Mandelson |
Dáta breithe | 18 Meán Fómhair 1949 |
Áit bhreithe | Watford, Herts, Sasana |
Dáta báis | 19 Lúnasa 2005 |
Canterbury, Kent | |
Páirtí | Lucht Oibre |
Gairm | Léachtóir |
Ba pholaiteoir Briotanach í Marjorie "Mo" Mowlam Ph.D (18 Meán Fómhair 1949 - 19 Lúnasa 2005), a bhí ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus a chaith tréimhse ina Aire Stáit i dTuaisceart na hÉireann idir 1997 agus 1999.
Bhí Mo Mowlam ina hAire Stáit sa Tuaisceart nuair a shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998.
Bhíodh aithne uirthi mar dhuine a bhí cliste, léannta agus tarraingteach. Bhí sí in ann labhairt go díreach agus go neamhbhalbh ar chúrsaí.

Bhí ainm in airde aici go forleathan mar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a raibh gean uirthi ón dream "New Labour" sa Ríocht Aontaithe.
Cailleadh í ar an 19 Lúnasa 2005. Bhuail siad urchóideach í sa bhliain 1997, ach cheil sí an fhírinne ag an am. Níos déanaí, thuill sí meas mar gheall ar a troid in aghaidh ailse inchinne na blianta idir an dá linn.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |