Jump to content

Peter Mandelson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Ró-Onórach Cuir in eagar ar Wikidata
Peter Mandelson

(2007) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Deireadh Fómhair 1953
72 bliana d'aois
Hampstead Garden Suburb, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ambassador of the United Kingdom to the United States (en) Aistrigh
10 Feabhra 2025 – 11 Meán Fómhair 2025 (dismissal (en) Aistrigh)
← Karen Pierce
Rúnaí Stáit don Straitéis Ghnó, Fuinnimh agus Tionscail
5 Meitheamh 2009 – 11 Bealtaine 2010
← John DenhamVince Cable →
Céad-Rúnaí an Stáit
5 Meitheamh 2009 – 11 Bealtaine 2010
← John PrescottWilliam Hague →
Ard-Uachtarán na Comhairle
5 Meitheamh 2009 – 11 Bealtaine 2010
← Janet Royall, Baroness Royall of Blaisdon (en) AistrighNick Clegg →
Ball de Theach na dTiarnaí
13 Deireadh Fómhair 2008 –
Rúnaí Stáit don Straitéis Ghnó, Fuinnimh agus Tionscail
3 Deireadh Fómhair 2008 – 5 Meitheamh 2009
← John Hutton
Uachtarán an Bhoird Trádála
3 Deireadh Fómhair 2008 – 11 Bealtaine 2010
← John HuttonVince Cable →
Rúnaí Stáit don Straitéis Ghnó, Fuinnimh agus Tionscail
3 Deireadh Fómhair 2008 – 11 Bealtaine 2010
← John HuttonVince Cable →
Coimisinéir Eorpach na Trádála
22 Samhain 2004 – 3 Deireadh Fómhair 2008
← Pascal LamyCatherine Ashton →
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 8 Meán Fómhair 2004 (éirí as)


12 Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann
11 Deireadh Fómhair 1999 – 24 Eanáir 2001
← Mo MowlamJohn Reid →
Rúnaí Stáit don Straitéis Ghnó, Fuinnimh agus Tionscail
27 Iúil 1998 – 23 Nollaig 1998
← Margaret BeckettStephen Byers →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
1998 –
Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1997 – 14 Bealtaine 2001 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 51ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Aibreán 1992 – 8 Aibreán 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColásite San Caitríona, Oxford
Hendon School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, léiritheoir ceirníní Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
Asia Summit 2022 (en) Aistrigh
Global Conference 2019 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalBarún Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorge Norman Mandelson  agus Mary Joyce Morrison
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1128320 TMDB.org: 1250449 Goodreads author: 815380 Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Sasanach é, agus claonbholscaire ó am go ham, an Tiarna Peter Mandelson (a rugadh ar an 21 Deireadh Fómhair 1953). Bhí ról lárnach ag Mandelson i bhforbairt an Pháirtí Lucht Oibre "Nua" faoi cheannaireacht Tony Blair sna 1990idí. Ba Stát Rúnaí an Tuaiscirt é agus Coimisinéir Eorpach don Trádáil é i gCoimisiún Barroso ón bhliain 2004 go 2008.[1]

Bhí an gháifeacht ag baint le Mandelson i gcónaí, agus fuíoll na bhfuíoll aige, rud a tharraing  conspóid. Tugtar duine de na polaiteoirí is cliste agus is acmhainní dá ghlúin air, cé go raibh conspóidí áirithe ag baint leis freisin; tugadh bata is bóthar dó cúpla uair, agus iontas na n-iontas, tháinig sé ar ais.

2004
2008
2025
2025 le Trump

Óige agus Oideachas

Rugadh Mandelson i Hampstead, Londain. D'fhreastal sé ar Hendon County Grammar School agus ina dhiaidh sin ar Choláiste St Catherine in Ollscoil Oxford; bhain sé céim B.A. sa Polaitíocht agus Eacnamaíocht amach sa bhliain 1976.

Gairm Luath

D'oibrigh sé mar iriseoir teilifíse do Weekend World ar LWT agus ina dhiaidh sin d'éirigh sé ina Stiúrthóir Cumarsáide ag an bPáirtí Lucht Oibre in 1985. Sa ról sin, chabhraigh sé le hathrú íomhá an pháirtí agus le forbairt straitéise cumarsáide nua-aimseartha.

Toghadh é mar Theachta Parlaiminte do Hartlepool in 1992. Bhí sé ina chomhairleoir dlúth ag Tony Blair agus Gordon Brown.

Airí Rialtais

  • Aire gan cúram agus Aire Tionscail agus Trádála (1997 -1998). Tugadh bata is bóthar dó de bharr iasacht neamhdhearbhaithe £373,000 ó Geoffrey Robinson.
  • Aire Obair agus Phinsin (1998-1999). Thosaigh sé le hathchóiriú ar an gcóras leasa shóisialaigh
  • Stát Rúnaí an Tuaiscirt (1999-2001). Bhí ról lárnach aige sa phróiseas síochána agus i gcur i bhfeidhm Chomhaontú Bhéal Feirste. Sa ról seo, d'oibrigh sé go dlúth leis na páirtithe polaitiúla sa Tuaisceart chun feidhmeannas cumhachta-roinnte a chur ar bun. Tugadh bata is bóthar dó mar Rúnaí Stáit an Tuaiscirt de bharr gur chuir sé fios ar an Oifig Gnóthaí Baile thar ceann Srichand Hinduja, fear gnó as India a bhí ag lorg saoránacht na Breataine
  • Aire na hEorpa (1999-2001). D'oibrigh sé ar chomhtháthú níos doimhne leis an Aontas Eorpach
  • Aire Gnó, Fiontar agus Athchóirithe Rialúcháin, 2008-2010. Sa ról sin, agus é ag obair faoi Gordon Brown, bhí sé freagrach as polasaí gnó agus fiontraíochta le linn na géarchéime eacnamaíochta 2008-2009. Bhí ról lárnach aige i straitéis an rialtais chun dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíochta.

Coimisinéir Trádála an AE Ó 2004 go 2008, d'fhóin sé mar Choimisinéir Trádála ag an Aontas Eorpach. Sa ról seo, bhí sé freagrach as idirbheartaíocht trádála idirnáisiúnta thar ceann an AE, lena n-áirítear cainteanna leis na Stáit Aontaithe, an tSín, agus tíortha eile. Bhí sé an-mhór le Paul Allen, bunaitheoir Microsoft,  agus na fir gnó Diego Della Valle,   Nat Rothschild,  Oleg Deripaska, srl

Scannal Epstein

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Mandelson mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe chun na Stáit Aontaithe in 2024. Bhí aithne aige ar Trump agus d'éirigh sé an-mhór lena rialtas le linn 2024-2025.

Bhí sé briste as a phost ar an 11 Meán Fómhair 2025, i bhfianaise an chaidrimh a bhíodh ag Mandelson leis an gciontóir gnéis nach maireann, Jeffrey Epstein. Tháinig fianaise nua chun cinn in 2025 a léirigh go raibh caidreamh agus ceangal níos cairdiúla idir an bheirt ná an méid a bhí tugtha le fios nuair a ceapadh Mandelson i bpost an ambasadóra. Bhain sé le nóta a sheol sé chuig Epstein sa bhliain 2008 ina ndúirt sé go mba dlúthchara leis é. Bhí an cruthúnas ann go raibh tacaíocht Mandelson ag Epstein i gcónaí, fiú agus Epstein ciontaithe i gcoireanna tromchúiseacha gnéis. Scríobh Mandelson chuig Epstein ag rá "my best pal" agus ag moladh dó "fight for early release" nuair a bhí Epstein sa phríosún.

Ní raibh an dara rogha ag Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer ach Mandelson a bhriseadh i bhfianaise an eolais nua seo a bhí tagtha chun cinn.[2]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'admhaigh sé go poiblí gur duine aerach ba ea é sa bhliain 1998, rud a bhí tábhachtach don gluaiseacht LADT i bpolaitíocht na Breataine. Sa bhliain chéanna, chuaigh sé i bpáirtnéireacht shibhialta le Reinaldo Avila da Silva (ní raibh an pósadh comhghnéis dlíthiúil ag an am).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "European Commission - Commissioners - Commissioner Peter Mandelson". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-09-11.
  2. Nuacht RTÉ (2025-09-11). "Peter Mandelson briste as a phost mar ambasadóir" (as ga-IE). 


Coimisiún Eorpach 2004–2009 (Coimisiún Barroso I) European Flag

Joaquín Almunia | José Manuel Barroso | Jacques Barrot | Joe Borg | Stavros Dimas | Benita Ferrero-Waldner | Ján Figeľ | Franco Frattini | Mariann Fischer Boel | Dalia Grybauskaitė | Danuta Hübner | Siim Kallas | László Kovács | Neelie Kroes | Meglena Kuneva | Markos Kyprianou | Peter Mandelson | Cathal Mac Riabhaigh | Louis Michel | Leonard Orban | Andris Piebalgs | Janez Potočnik | Viviane Reding | Olli Rehn | Vladimír Špidla | Günter Verheugen | Margot Wallström