Billy Wright
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Iúil 1960 Wolverhampton, England |
Bás | 27 Nollaig 1997 37 bliana d'aois An Cheis Fhada, Northern Ireland |
Gníomhaíocht | |
Teangacha | Béarla |
Bhí Billy Wright (7 Iúil 1960 - 27 Nollaig 1997), sraithmharfóir, dúnmharfóir ciontaithe agus síceapatach, ina cheannaire ar Fhórsa na nÓglach Dílseach (LVF).
Feallmharaíodh Wright sa Cheis Fhada. Bhí príosúnaigh eile ó hArm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann (an tINLA) freagrach as.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1996, scoilt grúpaí áirithe paraimíleata faoi cheist na síochána, agus tháinig dreamanna nua ar an bhfód a thosaigh ag cur a gcogaidh féin beag beann ar an gcomhaontú. B'é Fórsa Óglaigh Uladh an chéad ghrúpa a thit as a chéile de dheasca an easaontais, nuair a bhunaigh na heasaontóirí drong úr, Fórsa na nÓglach Dílseach (LVF, Loyalist Volunteer Force) sa bhliain 1996.[1]
2000idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níos déanaí, sna 2000idí, bhí Willie Frazer ón eagraíocht úd FAIR - Families Acting for Innocent Relatives ("Teaghlaigh ag Gníomhú thar cionn a Muintire Neamhchiontaí") - ar dhuine acu siúd a bhunaigh "Love Ulster". Ag an am, dúirt Frazer, mar shampla, nár chóir aon duine de na paraimíleataigh Dhílseacha a chaitheamh i bpríosún riamh, agus go raibh an-bhá aige le Billy Wright - agus Fórsa na nÓglach Dílseach a bhí sáite sna dúnmharuithe seicteacha timpeall Phort an Dúnáin. Bhí sé i mbun na Círéibeacha i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2006.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Póilín Ní Chiaráin (2016). "Easpa gnímh faoi pharaimíleataigh agus dúnmharuithe ‘King Rat’ á mholadh go poiblí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-27.