Bóthar na bhFál

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí BótharBóthar na bhFál

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbóthar
Cothabháil
Bealach
Stáit
Áiteanna trasnaithe
Comhordanáidí54°35′37″N 5°57′30″W / 54.5935°N 5.9582°W / 54.5935; -5.9582

Is é Bóthar na bhFál[1] an príomhbhóthar a théann tríd iarthar Bhéal Feirste i dTuaisceart na hÉireann. Is ann atá cónaí ar an phobal náisiúnach is mó sa chathair, agus tugann go leor turasóirí cuairt air anois mar gheall ar stair na dtrioblóidí ó 1968 i leith. Tá an ceantar mór dílseach, Bóthar na Seanchille, buailte leis agus balla síochána eatarthu.

Bóthar tuaithe a bhí ann i dtús ama ach rinneadh forbairt ar thithíocht ann sa naoú haois déag agus na muilte móra línéadaigh á dtógáil. Leagadh an-chuid de na tithe beaga a bhí ann sna 1960í agus tógadh árasáin ar nós Divis Tower. Le linn na tréimhse céanna tháinig dream daoine le chéile chun pobal Gaelach agus bunscoil a bhunú. Cuireadh go láidir in aghaidh Phobal Feirste ach d'éirigh leo dul chun cinn mór a dhéanamh agus tá pobal láidir Gaelach ann anois agus aitheantas Gaeltachta á lorg acu.

Múrphictiúr de Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh ar an mballa beannach de cheannáras Sinn Féin i mBóthar na bhFál, Béal Feirste.

Bhí cónaí ar Shéamus Ó Conghaile, an ceannaire sóisialach, i gceantar na bhFál i mblianta luatha an 20ú haois agus chuir sé eagar ar na hoibrithe sna muilte lín. Mhair an traidisiún sóisialach ar feadh na mblianta chomh maith leis an phoblachtachas. Ba é Bóthar na bhFál an chuid ba mhó daonra de thoghcheantar Bhéal Feirste Thiar do pharlaimint na Breataine agus sheas iarrthóirí poblachtacha éagsúla sna toghcháin ó rinneadh an chríochdheighilt ar Éirinn i 1920. Cuireadh cosc ar bhratach na hÉireann a thaispeáint agus thosaigh an ceannaire seicteach Ian Paisley ciréib nuair a cuireadh an trídhathach ar taispeáint in oifigí an Phoblachtánaigh Billy McMillan i 1964.

Thosaigh pobal na bhFál ar fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach go gairid ina dhiaidh sin, ag éileamh go gcuirfí deireadh le leatrom creidimh ó thaobh tithíochta agus fostaíochta. D'ionsaigh dílseoirí na léirsithe ar son cearta daonna agus cuireadh sráideanna iomlána tithe trí thine.

Cuireadh Arm na Breataine ar na sráideanna i 1969 agus fáilte ag na daoine rompu ar feadh tamaill. Ach ba é dearcadh an airm go raibh an locht ar Phoblachtánaigh faoi na círéibeacha agus chuir siad cuirfiú ar an cheantar i 1970. Maraiodh ceathrar agus bhí naimhdeas idir an pobal agus na saighdiúirí ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh sin. In ainneoin na ndeacrachtaí uile a bhí acu mhair spiorad láidir pobail sa cheantar agus tá cáil ar an ionad Gaelach, an Chultúrlann, agus ar Fhéile Feirste le blianta mar gheall ar a bhfuil déanta acu chun an cultúr a chur chun cinn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]