Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
|
|||||
Aintiún | The Red Flag ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | SDLP ![]() | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach Éire Aontaithe Náisiúnachas in Éirinn Eorpachas ![]() | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 24 Lúnasa 1970 | ||||
Bunaitheoir(í) | Gerry Fitt ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach Idirnáisiúntas Sóisialach ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Joe Byrne ![]() | ||||
Youth wing | SDLP Youth (en) ![]() ![]() | ||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | sdlp.ie ![]() | ||||
Páirtí Náisiúnaíoch i dTuaisceart Éireann is ea Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO)[1] (as Béarla, Social Democratic and Labour Party, SDLP). Páirtí daonlathach sóisialach is ea é atá ina chomhalta den Idirnáisiúntán Sóisialach. Tá Colum Eastwood ina cheannaire ar an pháirtí faoi láthair.
Is é Ógra PSDLO an eagraíocht don aos óg.
Tá triúr Feisirí ag an pháirtí i dTeach na dTeachtaí, agus tá seisear Comhaltaí Tionóil déag acu i dTionól Thuaisceart Éireann.
Is iad an ceathrú páirtí is mó i dTuaisceart Éireann faoi láthair.
Bunú agus luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bunaíodh an páirtí i mí Lúnasa 1970, nuair a ghlac; seisear bhall de Pharlaimint Stormont agus Seanadóir amháin, iarbhaill den Pháirtí Poblachtach an Lucht Oibre (páirtí a bhí ceangailte le Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann), na Daonlathaigh Náisiúnaíocha (PDN, páirtí beag náisiúnaíoch a díscaoileadh é féin i ndiaidh an SDLP a bheith bunaithe), náisiúnaithe aonair, iarbhaill den Pháirtí Náisiúnach (Tuaisceart Éireann) agus baill de Pháirtí an Lucht Oibre Thuaisceart Éireann, ballraíocht sa phairtaí nua chruthaithe.
Ar dtús, dhiúltaigh an SDLP polasaí an Pháirtí Náisiúnaigh ( sé sin 'neamhfhreastalachas') agus rinne sé iarracht troid ar son chearta sibhialta laistigh den chóras reatha i Stormont. Mar sin féin, tháinig an SDLP go tapa ar an tuairim go raibh Stormont do leasuithe, agus tharraing sé siar as a bheith rannpháirtíocht sa pharlaimint.
I ndiaidh Pharlaimint Thuaisceart Éireann a bheith cealaithe, tháinig an SDLP chun cinn mar an dara pháirtí is mó, agus an páirtí is mó sa phobail náisiúnaigh, sna toghcháin don Tionól nua san Tuaisceart a bunaíodh sa bhliain 1973: Bhuaigh an páirtí 19 as 75 suíochán. Ba é an SDLP ceann de na páirtithe ghlac páirt sna caibidlíocht sin a bhí mar thoradh ar shíniú Chomhaontú Sunningdale, agus ina dhiaidh sin bunaíodh an fheidhmeannas comhroinnte cumhachta i mí Eanáir 1974. Ghlac Gerry Fitt, ceannaire pháirtí an SDLP, oifige mar Leas Phríomhfheidhmeannach, san rialtas taobh le Pháirtí Aontachtach Uladh (faoi stiúir Brian Faulkner) agus Páirtí na Comhghuaillíochta. Bhí an Tionól agus an Feidhmeannas gearrshaolach, áfach, agus thuit sé tar éis cheithre mhí mar gheall ar an fhreasúra leanúnach laistigh den phobal aontachtach a chuir ina aghaidh an chomhaontaith, agus bhí níor shuí an páirtí sa rialtas arís go ceann 25 bliain ina dhiaidh sin.
Ba é an SDLP an páirtí náisiúnaíoch ba mhó sa réigiún roimh olltoghchán náisiúnta na bliana 2003. Ba iad ba mhó a bhí ag caint thar cionn an phobail Náisiúnaigh faoin am ar tháinig Comhaontú Bhéal Feirste chun saoil.
Aidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá díospóireacht ann faoi cad a bhí ar intinn ag bunaitheoirí an pháirtí, roinnt ag maíomh anois go raibh sí mar aidhm gluaiseacht pholaitiúil a bhunú i gcomhair náisiúnaithe bunreachtúla a bhí i gcoinne fheachtas paraimíleata na nÓglach Sealadach ( nó an tIRA) a aontú, agus ar mhian leo feachtas chun cearta sibhialta do Chaitlicigh agus Éire Aontaithe a bhaint amach, tré mhodhanna síochánta bhunreachtúla. Mar sin féin, áitíonn daoine eile, mar a thugann an t-ainm le fios, go raibh an bhéim ar dtús ar pháirtí sóisialta-daonlathach, seachas ar pháirtí náisiúnach a chur ar bun. Lean an díospóireacht seo idir daonlathas sóisialta agus náisiúnachas ar feadh an chéad deich mbliana de shaol an pháirtí. Níos déanaí ar aghaidh, mhaífeadh bunaitheoir agus céad cheannaire an pháirtí Gerry Fitt - a bhí roimhe sin ina iarcheannaire ar 'Pháirtí Poblachtach an Lucht Oibre', páirtí a bhí go follasach sóisialach - gurb é cinneadh an pháirtí 'Comhairle na hÉireann' a éileamh mar chuid de Chomhaontú Sunningdale, a léirigh cathain go díreach ar ghlac an páirtí clár oibre soiléir náisiúnach. D'fhágfadh sé an páirtí ina dhiaidh sin, sa bhliain 1979, ag rá nach raibh sé a thuilleadh mar an pháirtí a bhí i gceist aige ón tús.
Ceannairí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Gerry Fitt (1973–1979)
- John Hume (1979–2001)
- Mark Durkan (2001–2010)
- Margaret Ritchie (2010–2011)
- Alasdair McDonnell (2011–2015)
- Colum Eastwood (2015 ar aghaidh)
Leas-Cheannairí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- John Hume (1970–1979)
- Seamus Mallon (1979–2001)
- Bríd Rodgers (2001–2004)
- Alasdair McDonnell (2004–2010)
- Patsy McGlone (2010–2011)
- Dolores Kelly (2011–2015)
- Fearghal McKinney (2015–2016)
- Nichola Mallon (2015 ar aghaidh)
Feisire Parlaiminte (FP)[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Colum Eastwood - An Feabhal (Toghlach do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe)
- Claire Hanna - Béal Feirste Theas (Toghlach do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe)
Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR)[cuir in eagar | athraigh foinse]
Comhalta den Tionól Reachtach | Toghlach | Nótaí |
---|---|---|
Pat Catney | Gleann an Lagáin | Urlabhraí ar Choireacht |
Sinead Bradley | An Dún Theas | Urlabhraí ar Gheilleagar |
Mark H. Durkan | An Feabhal | Urlabhraí ar Shláinte |
Colum Eastwood | An Feabhal | Ceannaire páirtí (ó 2015) |
Claire Hanna | Béal Feirste Theas | Urlabhraí ar Airgeadas |
Nichola Mallon | Béal Feirste Thuaidh | Leas-Cheannair (ó 2017), Urlabhraí ar Phobail |
Daniel McCrossan | Tír Eoghain Thiar | Urlabhraí ar Bhonneagar |
Patsy McGlone | Ulaidh Láir | Urlabhraí ar an nGeilleagar, Leas-Cheannaire (2010-2011) |
Colin McGrath | An Dún Theas | Urlabhraí ar Oideachas |
Justin McNulty | Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha | |
Dolores Kelly | An Bhanna Uachtarach | Urlabhraí ar Oifig na Feidhmeannaigh |
John Dallat | Doire Thoir) |
Feidhmíocht Toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba é an PSDLO an páirtí náisiúnach ia mó i dTuaisceart Éireann ó aimsir a bhunaithe go dtí tús an 21ú haois. Sa bhliain 1998, d'éirigh sé ina pháirtí is mó ar an iomlán ó thaobh vótaí faighte, an chéad uair (go dtí seo) a bhain páirtí náisiúnach é seo amach. Bhuaigh Sinn Féin níos mó suíocháin agus vótaí ná an PSDLO don chéad uair sa bhliain 2001 san Olltoghchán do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe agus sa bhliain 2003 san toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann
Thosaigh an páirtí ag dul ar gcúl sna toghcháin nuair a scor John Hume. Níor sheas Hume sa bhliain 2004 sa toghchan do Pharlaimint na hEorpa agus theip ar an PSDLO an suíochán a choinneáil a bhí ag Hume ón bhliain 1979.
Bíonn roinnt den tuairim go bhfuil an PSDLO i dtús báire ina pháirtí ar son leasa na gCaitliceach meánaicme, le vótálaithe comhchruinnithe i gceantair thuaithe agus sna haicmí gairmiúla, seachas ina fheithicil ar son náisiúnachais na hÉireann. Diúltaíonn an PSDLO an argóint seo, ag cur in iúl go bhfuil a gcuid tacaíochta láidir i nDoire agus a mbua i nDeisceart Bhéal Feirste sa toghchán 2005. Ina theannta sin, sa tréimhse roimh an olltoghchán do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe 2005, d'fhoilsigh siad cáipéis ina leagadh amach a bpleananna d'Éire aontaithe.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ""Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.