Nichola Mallon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNichola Mallon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Lúnasa 1979
44 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Minister for Infrastructure (en) Aistrigh
11 Eanáir 2020 – 5 Bealtaine 2022
← Chris HazzardJohn O'Dowd →
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 – 28 Márta 2022 – Nuala McAllister →


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)
← Alban Maginness (en) Aistrigh


Ardmhéara Bhéal Feirste
2 Meitheamh 2014 – 1 Aibreán 2015
← Máirtín Ó MuilleoirArder Carson (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileBrendan Scott Cuir in eagar ar Wikidata

Comhalta den Tionól Reachtach (CTR) do Bhéal Feirste Thuaidh, ón bhliain 2016, is ea Nichola Mallon. Ardmhéara Bhéal Feirste a bhí inti, idir 2014 go dtí 2015. Tá sí ina Leas-cheannaire ar Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO) ón bhliain 2017 ar aghaidh.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nicola Mallon i mBéal Feirste, sa bhliain 1979. Ba phrintéir agus chócaire a tuismitheoirí, agus tógadh in Ard Eoin í, ceantar de chuid Bhéal Feirste Thuaidh.

D'fhreastail sí ar an 'Mercy Primary School', agus ina dhiaidh sin ar Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic do Chailíní. (Béarla:St Dominic's Grammar School for Girls

Rinne sí staidéar ar Eacnamaíocht agus Pholaitíocht ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sí an bhunchéim 'Baitsiléir Ealaíon' (Onór.) amach, agus ina dhiaidh sin an ardchéim  'MA sa Choinbhleacht Chomparáideach Eitneach' (Béarla:MA in Comparative Ethnic Conflict) in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Nuair a d'fhág sí Ollscoil na Banríona, chuaigh sí isteach sa státseirbhís sular bhog sí go dtí an 'General Medical Council' (Gaeilge:An Chomhairle Ghinearálta Leighis), agus ansin fuair sí post leis an PSDLO.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sí pósta le Brendan Scott agus tá beirt leanaí acu.

Saol polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a teaghlach páirteach i ngluaiseacht na gceardchumann, agus ghlac sí páirt i slógaí 'Lá Bealtaine' agus í ina cailín. Ar scoil d'éirigh níos mó suim a bheith aici sa pholaitíocht agus mealladh chuig an PSDLO í. Sa bhliain 2010, comhthoghadh í ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, in ionad Alban Maginness, don toghcheantar buirge 'An tSeanpháirc' (Béarla; Oldpark). Sa bhliain 2014, bhuaigh sí an suíochán sa toghchán.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]