Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Rita Hynes agus Bernadette Devlin

Tháinig Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann[1] (CCSTÉ nó Northern Ireland Civil Rights Association, NICRA) ar an bhfód sna 1960idí. Ba ghluaiseacht í seo a tháinig ar an saol le deireadh a chur leis an éagóir a bhí á himirt ar an phobal náisiúnach i dTuaisceart Éireann i dtaca le cúrsaí fostaíochta, tithíochta agus vótála de.[2]

Spriocanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an CCSTÉ ag iarraidh ceist na gceart sibhialta a shocrú taobh istigh de chóras polaitiúil an Tuaiscirt. Thar aon rud eile, theastaigh uathu deireadh a chur le claonroinnt na dtoghlach, ó d'fhág sí na Caitlicigh gan ionadaíocht cheart i gcúrsaí an rialtais áitiúil.

Thairis sin, bhí lucht an Chumainn inbharúla nach raibh na Caitlicigh ag fáil a gcirt de na jabanna ná den tithíocht phoiblí. Bhí siad ag éileamh freisin go mbainfí Acht na gCumhachtaí Speisialta de leabhar an dlí, ó bhí siad den tuairim go rabhthas ag baint claonúsáide as na cumhachtaí speisialta sin leis na Caitlicigh a choinneáil faoi chois.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Homeless Citizens’ League gníomhach i nDún Geanainn i 1963, iad ag máirseáil agus ag agóidíocht in aghaidh na Comhairle áitiúil.[3]

As sin a d’eascair an Campaign for Social Justice i 1964.

Den chuid ba mhó ba iad na ‘stickies’- mar a tugadh ar na poblachtaithe oifigiúla i ndiaidh na scoilte leis na sealadaigh – a chinn ag cruinniú i 1966 go mbunófaí an CCSTÉ. Ach bhí an ghluaiseacht i bhfad níos uileghabhálaí ná iadsan. Bhí cumannaigh, ceardchumannaigh, daoine a bhí san SDLP ina dhiaidh sin, mic léinn agus daoine eile a bhí faoi thionchar imeachtaí i Meiriceá agus sa Fhrainc páirteach.

Sa bhliain 1967, thionscain an Cumann seo feachtas síochánta le cearta sibhialta a bhaint amach. Bhí an feachtas múnlaithe ar ghluaiseacht na gceart sibhialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a raibh na Gormaigh amuigh sna sráideanna faoi cheannas an Urramaigh Martin Luther King.

Eagraíodh na máirseálacha i 1968 faoi scáth an CCSTÉ. I bhfírinne ba chumainn ghníomhaíochta áitiúla a bhí taobh thiar d’agóidí a gceantar féin, iad ar fad mar a bheadh comhghuaillíocht scaoilte a bhain leas as an CCSTÉ.

1968[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla léirsithe i nDún Geanainn agus in Ard Mhacha sa bhliain 1968 faoi scáth an CCSTÉ.Eagraíodh an mháirseáil is míchlúití ar an 5 Deireadh Fómhair 1968. Ba iad an Derry Housing Action Committee a d’iarr ar an NICRA a n-ainm a chur le hagóid Dhoire. Nuair a stop na póilíní an mháirseáil i Sráid an Diúic bhí an íde a tugadh don lucht máirseála scanrúil. Bhí alltacht ar dhaoine nuair a chonaic siad an scannán nuachta de chuid RTÉ. Tugadh suntas ar leith do na pictiúir den CRU ag batráil daoine go fíochmhar, an feisire Parlaiminte Gerry Fitt ina measc (an tOllamh Dáithí Ó hUaithne agus Proinsias Mac Aonghusa a bhí ann chomh maith).

Tar éis an 5 Deireadh Fómhair 1968, bunaíodh Derry Citizens’Action Committee ina dhírigh John Hume agus áitritheoirí eile, ar agóidíocht shíochánta ar mhaithe le cearta do phobal na cathrach. Bunaíodh freisin an People’s Democracy, nó Daonlathaigh an Phobail.

I nDoire, ar an 22 Samhain 1968, géilleadh do na náisiúnaigh maidir le roinnt pointí.[4] D’éirigh leis an bhfeachtas ar son na gceart deireadh a chur leis an vóta a bhíodh ag comhlachtaí agus vóta amháin an duine a bhaint amach, chomh maith le hathrú ar leithdháileadh na tithíochta. Bunaíodh oifig an Ombudsman (fear an phobail), cuireadh samhailchomhartha an leithcheala, Comhairle Dhoire, ar neamhní agus ceapadh Coimisiún ina hionad.

1969[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an choimhlint idirphobail ag dul chun olcais ó thús na bliana 1969 ar aghaidh, ach má bhí, chuaigh sí ó smacht ar fad nuair a d'ionsaigh na Dílseoirí mórshiúl Chumann na gCeart Sibhialta i mBun Tolaid i gContae Dhoire. Tharla Cath Thaobh an Bhogaigh go gairid ina dhiaidh sin.

Ciréib, 1970

Féach fresin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-10-05.
  2. NICurriculum.org.uk/. "Beatha le Bua - John Hume". Dáta rochtana: 2020.
  3. Póilín Ní Chiaráin (2018). "50 bliain ó shin a rinne an RUC ionsaí ar léirsitheoirí síochánta a bhí ag éileamh cearta sibhialta…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-05.
  4. "CAIN: Events: Civil Rights - A Chronology of Main Events, 1964-1972". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-10-05.