Bríd Rodgers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBríd Rodgers

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Feabhra 1935
89 bliana d'aois
Gaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe
30 Bealtaine 2000 – 14 Deireadh Fómhair 2002
An tAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe
2 Nollaig 1999 – 11 Feabhra 2000
Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 28 Aibreán 2003 (díscaoileadh na parlaiminte)


Seanadóir na hÉireann
23 Feabhra 1983 – 3 Aibreán 1987
Téarma parlaiminte: 17ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-pholaiteoir Éireannach í Bríd Rogers a rugadh i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, ach a bhí gníomhach ó thaobh na polaitíochta de i dTuaisceart Éireann, áit a raibh sí ina Leas-Cheannaire ar an Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO nó SDLP) agus ina Ball de Thionól Thuaisceart Éireann don Bhanna Uachtarach.

Gníomhréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh oideachas foirmiúil uirthi i Muineachán agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí chónaí uirthi i dTuaisceart Éireann ó 1960ar aghaidh. Bhí baint aici leis an Ghluaiseacht Chearta Sibhialta ó 1965.

Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an PSDLO, agus ceapadh ina Cathaoirleach í sa bhliain 1978 agus ina hArd-Rúnaí sa bhliain 1981. Sa bhliain 1983 d'ainmnigh an Taoiseach Gearóid Mac Gearailt í chuig Sheanad Éireann, agus d'fhreastail sí ann go dtí 1987.[1] Bhí Rodgers ina ceannaire ar fhoirn an PSDLO sna cainteanna a ba chúis le Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Toghadh í do Thionól Thuaisceart Éireann do toghcheantar na Banna Uachtaraí i Meitheamh 1998. Ceapadh í do chéad Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann i mí na Samhna 1999 mar Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, agus d'fhan sí sa phost sin go dtí gur cuireadh an Fheidhmeannacht ar fionraí, Deireadh Fómhair 2002.

Ceapadh í ina leascheannaire ar an pháirtí i mí na Samhna 2001. sheas sí siar mar Chomhalta den Tionól Reachtach ag toghcháin an Tionóil, Samhna 2003, agus mar leas- cheannaire i mí Feabhra 2004, nuair a tháinig a hionadaí Alasdair McDonnell i gcomharbacht uirthi.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Rodgers pósta agus seisear páistí aici. Tá cianghaol aici leis an drongadóir Gael-Mheiriceánach Uinseann Ó Colla. Labhraíonn sí Gaeilge, Béarla agus Iodáilis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]