Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann 2023
Cuid de2023 United Kingdom local elections (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Bealtaine 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata


Reáchtáladh toghcháin áitiúla i dTuaisceart Éireann ar 18 Bealtaine 2023. Toghadh 462 comhairleoir i 11 ceantar comhairle.

Fuair páirtithe náisiúnacha níos mó vótaí ná páirtithe aontachtacha i dtoghcán i dTuaisceart Éireann den chéad uair riamh, in iomlán Náisiúnaithe: 301k vóta nó 41% (̟+5% ó 2019), Aontachtaithe 281k vóta nó 38% (laghdú 4% ó 2019), Neamhailínithe 21%.[1][2]

Ní hamháin go raibh farasbarr 22 comhairleoir ag Sinn Féin ar an DUP ach bhí iomlán na vótaí a fuair páirtithe a chaitheann an lipéad ‘náisiúnach’ in Stormont 19,000 chun tosaigh ar an méid a fuair na páirtithe a chláraíonn mar ‘aontachtaithe’.[3]

Vótáil 55% de na toghthóirí. Caitheadh níos mó vótaí i gceantracha Náisiúnacha ná mar a caitheadh i gceantracha Aontachtacha.[4][5][6]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus gan aon fheidhmeannas ag obair in Stormont ag an am, bhí deis ag daoine a dtuairim a nochtadh faoin tsáinn pholaitiúil, go háirithe baghcat an DUP ar roinnt na cumhachta.[7][8]

Príomhalt: Creat Windsor

Sinn Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an líon is mó comhairleoirí (144 ̘+39 vs 2019), agus an sciar is mó de na vótaí (31̥% de na vótaí, ̟+8% vs 2019), ag Sinn Féin don chéad uair riamh i dTuaisceart Éireann. Bhain Sinn Féin suíocháin ó gach páirtí ach is ón SDLP a bhain siad leath na suíochán sa bhreis a ghnóthaigh siad. Rinne vótóirí náisiúnacha cinneadh go seolfadh siad teachtaireacht chuig an DUP go raibh sé doghlactha post an chéad-aire a cheilt ar ionadaí náisiúnach a thuill é.[3]

Scéal mór ab ea é gur bhain Sinn Féin suíocháin i ndúnáras na n-aontachtach ar an mBaile Meánach agus i Lios na gCearrbhach.

Bhí áthas an domhain ar Michelle O’Neill agus Mary Lou McDonald iad ag maíomh gur léirigh a gcaithréim go raibh polaitíocht dhearfach ag teastáil ón bpobal agus gur gá filleadh ar Stormont agus fóint ar riachtanais na ndaoine.[9]

Ba chosúil gurb í Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh an t-aon ait nach mbeadh ionadaí ag Sinn Fein, ach mhéadaigh siad a vóta ansin freisin.

DUP[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sciar seasmhach de na vótaí ag an DUP, a bheag nó a mhór (23% de na vótaí, ̟-1% vs 2019), i gcomparáid le 2019, agus 122 comhairleoir acu (gan athrú). Bhí an ceannaire, Jeffrey Donaldson, in ann a mhaíomh gur dhaingnigh an DUP a dhún.[3]

Alliance[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Alliance (Páirtí na Comhghuaillíochta) sa tríú hait (13% de na vótaí, ̟+2% vs 2019 agus 67 comhairleoir acu, +14 vs 2019)) agus iad chun cinn ar an UUP sa cheathrú háit agus an SDLP a bhí níos faide siar.

UUP[cuir in eagar | athraigh foinse]

54 suíochán, 11% de na vótaí, laghdú 21 suíochán agus -3% ó 2019

SDLP[cuir in eagar | athraigh foinse]

39 suíochán, 9% de na vótaí, laghdú 20 suíochán agus -3% ó 2019

Mionpháirtithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh go holc leis na mionpháirtithe, An Comhaontas Glas, Pobal roimh Bhrabach, an PUP agus Aontú.[9]

Na ceantair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 462 suíochán le líonadh ar aon cheann déag do chomhairlí. An 11 ceantar comhairle sa Tuaisceart: Comhairle Chathair Bhéal Feirste; Comhairle Ceantair Lár Uladh; Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin; Comhairle Dhoire agus an tSratha Báin; Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach; Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh; Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh; Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon; Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte; agus Comhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma.

Níos mó

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "NI council elections 2023: Sinn Féin largest party in NI local government" (en-GB). BBC News (2023-05-20). Dáta rochtana: 2023-05-23.
  2. P. A. Media (2023-05-20). "Sinn Féin hail ‘momentous’ result as party set to become largest in NI councils" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-23.
  3. 3.0 3.1 3.2 Póilín Ní Chiaráin (24 Bealtaine 2023). "Léarscáil pholaitiúil an Tuaiscirt ag éirí níos glaise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-24.
  4. Nuacht RTÉ (2023-05-19). "Comhaireamh ar bun i dtoghcháin áitiúla Thuaisceart Éireann" (as ga-IE). 
  5. ADHMHAIDIN/ RnaG (18 Bealtaine 2023). "Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir Béal Feirste." (as ga-IE). 
  6. Tús Áite / RnaG (19 Bea 2023). "Toghcháin Áitiúla Ó Thuaidh" (as ga-IE). 
  7. Tuairisc (2023-05-18). "Muintir an Tuaiscirt ag dul chuig na bothanna vótála" (ga-IE). PEIG.ie. Dáta rochtana: 2023-05-20.
  8. agóid an DUP in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta ba chúis leis an tionól agus an feidhmeannas gan a bheith ag obair.
  9. 9.0 9.1 Póilín Ní Chiaráin (20 Bealtaine 2023). "Caithréim Shinn Féin, ardú 7.7% ar a vótaí céadrogha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-20.