Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann | |
![]() | |
Ceannasaíocht | Naomi Long |
Bunaithe | 1970 |
Ceanncheathrú | 88 Sráid na hOllscoile, Béal Feirste, BT7 1HE |
Idé-eolaíocht | Liobrálach, Neamh-Sheicteach |
Tionól Thuaisceart Éireann | 8 / 90 |
Rialtas Áitiúil Thuaisceart Éireann | 53 / 462 |
Parlaimint na hEorpa (Tuaisceart Éireann) |
1 / 3 |
Cleamhnas | Idirnáisiúntán Liobrálach |
Dathanna | Buí, Gorm, Dubh |
Gréasáin | Allianceparty.org |
Páirtí polaitiúil liobrálach neamh-sheicteach i dTuaisceart Éireann é Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (Alliance Party of Northern Ireland sa Bhéarla). Úsáidtear Páirtí na Comhghuaillíochta agus Páirtí an Chomhaontais go minic freisin. Is é an cúigiú páirtí is mó i dTuaisceart Éireann faoi láthair le hocht suíochan i dTionól Thuaisceart Éireann agus suíochán amháin i dTeach na dTeachtaí i Londain.
Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1970 agus ar dtús ba páirtí aontachtach réasúnta neamh-sheicteach é. I rith na h-ama, go háirithe sna 1990í, bhog an páirtí go dtí seasamh neodrach ar cheist an Aontais idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain. Seachnaíonn an páirtí na lipéid "Náisiúnach" agus "Aontachtach" i dTionól Thuaisceart Éireann - úsáidtear an lipéad "Eile" don pháirtí. Tá an páirtí in éadan na lipéid oifigiúla a úsáidtear san Tionól.
Bhuaigh an páirtí suíochán i dTeach na Teachtaí don chéad uair sa bhliain 2010 nuair a fuair Naomi Long an ceann is fearr ar Peter Robinson, ceannaire an DUP i ndáilcheantar Bhéal Feirste Thoir.