Dún na hArmlainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Dún na hArmlainne
Íomhá
Sonraí
CineálDún réaltchruthach
Map
 53°21′N 6°19′W / 53.35°N 6.32°W / 53.35; -6.32
Gníomhaíocht
SealbhóirFórsaí Armtha na Breataine
Tá an dún lonnaithe in oirdheisceart na páirce
Túr ar an Dún

Is eárd is Dún na hArmlainne (uaireanta An Dún Armthaisce) (Béarla: The Magazine Fort ) ann ná foirgneamh a tógadh sa bhliain 1734 san áit a raibh áras cónaithe ann roimhe, i mBaile Átha Cliath na hÉireann, agus ar athraíodh is ar bhain rialtas na Breataine agus an tSaorstáit úsáid as mar dhún armlainne. Tógadh an Dún in áit árais chónaithe, mar dúirt Diúc Dorset go raibh armthaiscí de dhíth i mBaile Átha Cliath[1]. Tá sé suite ar Chnoc Tomás i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath na hÉireann. Tagann ainm an Dúin ón úsáid a baineadh as mar thaisce arm thar na blianta, ag rialtas na Breataine ar dtús, agus níos déanaí ag Saorstát Éireann.

Tá cruth cineál réalta ar an dún, agus tá móta (gan uisce) timpeall air freisin. Rinne siad forbairt ar an dún sa bhliain 1801 chun áit chónaithe a chur ar fáil. Níl an dún in úsáid i láthair na huaire.

Bhí áras cónaithe ag Sir Edward Fisher ar an suíomh. Glaoitear 'The Phoenix' air, ainm a thagann as ainm mí-aistrithe na páirce.[2]. Thóg sé an t-áras tar éis a fuair sé léasaigh 400 acra sa bhliain 1611[3].

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Rath na Piléarlainne agus Dún Armthaisce ar an Dún ó am go chéile cé gur Dún na hArmlainne an leagan atá ar chomharthaí na páirce féin. The Magazine Fort a thugtar air sa Bhéarla.

Éirí Amach na Cásca:[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1916, d'úsáid Arm na Breataine an Dún Armthaisce mar stór arm don tír. Bhí sé mar phlean ag na hÓglaigh an stór arm a phléascadh mar thús an Éirí amach[4]. D'éirigh leo fáil isteach sa dún tar éis liathróid a chur thar an balla 'trí thimpiste', lig na saighdiúirí iad isteach chun í a fháil ar ais, agus iad isteach san dún d'úsáid siad na gunnaí leo chun na saighdiúirí a smachtú[5].

Theip orthu bris isteach sa phríomhstór mar bhí an eochair ar iarraidh. Chur siad pléascán sna stór eile (bhí roinnt piliúir ann)[6] Bhí ar an briogáid dóiteáin an tine a chur amach, ba é tús na hoibre don briogáid dóiteáin sa tseachtain sin[7].

Bhí Garry Holohan agus Paddy Daly bainteach leis an ionsaí. Bhí mapa déanta ag Daly tar éis obair deisiúcháin a dhéanamh ar an bhfoirgneamh. Mharaigh Holohan buachaill óg darbh ainm Playfair, mac ceannasaí an dhúin, nach raibh ach 14, agus é ag rith ó na hÓglaigh[8].

Ruathar na Nollag:[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an eachtra seo díreach roimh a glactar le "an tAcht Cumhachtaí Práinne 1939". Rinne an tIRA ionsaí ar an dún chun arm a fháil ar an 23 Nollaig 1939. Roghnaigh an tIRA an Nollaig mar bhí cosaint an dún níos lige ná de ghnáth fiú.

An Ruathar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh mórán deacrachtaí acu an Dún a ionsaí. Ghearr siad an tsreang theileafóin sula ndearna siad ionsaí tríd príomhdhoras an dún[9].

Ag timpeall leathuair tar éis a hocht an oíche sin chuaigh duine suas chuig doras an Armthaisce le pacáiste. Chuaigh an Póilíní Airm a raibh ar dualgas garda amach agus d'oscail sé an cúldoras ag ceapadh gur sibhialtach atá ann, ach ansin tógann an fear gunna amach. Rinne sé iarracht éalú ar ais isteach san Dún, ach bhí lucht an IRA eile isteach san Dún cheana. Go luath bhí an Dún iomlán faoi smacht ag an IRA[10]

Thóg siad 1,084,000 urchar san iomlán i trí leoraí déag. Le sin bhí ceithre gunnaí Lee-Enfield, gunnán amháin agus gunna Webley Pattern[11]

Athghabháil:[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí deacrachtaí ag an IRA déileáil leis an méid arm a fuair siad ón ruathar, ní raibh siad ábalta an líon ard arm a chur i bhfolach timpeall an tír. Le sin d'úsáid an rialtas na cumhachtaí nua go rialta, agus roimh Aibreáin 1940, bhí thart ar 975,530 piliúir ar ais ag an rialtas[11].

Anois:[cuir in eagar | athraigh foinse]

Geata an Dúin, níl cead dul isteach sa dún i láthair na huaire.

Dúradh sa bhliain 1998 go hoifigiúil go raibh aon iarrachtaí athchóiriú róchostasach, ach fós tá caint faoi athchóiriú an dúin mar ionad cultúrtha nó músaem[12]. Cé nach bhfuil plean deimhnithe acu go fóill, rinne bainistíocht caomhnú na páirce fiosrú faoi cén sórt athchóirithe atá á lorg ag an bpobal.[13].

Tagairtí sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Johnathon Swift magadh faoin áit sa rann thíos.

Now's here's a proof of Irish sense, Here Irish wit is seen, When nothing's left that's worth defence, We build a Magazine

Tagairtí:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-08-29. Dáta rochtana: 2010-01-07.
  2. "Chapters of Dublin Cb 39". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-01-24. Dáta rochtana: 2010-01-07.
  3. "Chapters of Dublin 'ball4'". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-13. Dáta rochtana: 2010-01-07.
  4. http://www.firstworldwar.com/features/easterrising.htm
  5. Easter Rising 1916: Birth of the Irish Republic le Michael McNally, Peter Dennis: lth. 45[nasc briste go buan]
  6. Caulfield, Max, The Easter Rebellion, lth. 48-50
  7. http://www.irishtimes.com/focus/easterrising/saturday/article12b.htm[nasc briste go buan]
  8. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-10-26. Dáta rochtana: 2010-01-07.
  9. "Cuntas an Ruathar ó Liam Ó Brádaigh". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-06-13. Dáta rochtana: 2010-01-17.
  10. The secret army: the IRA le J. Bowyer Bell, lth. 175
  11. 11.0 11.1 Dáil Éireann 1940[nasc briste go buan]
  12. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-02-14. Dáta rochtana: 2010-01-07.
  13. http://www.phoenixpark.ie/media[nasc briste go buan] Phoenix%20Park%20Conservation%20Management%20Plan%20Consultation%20Draft%20March%202009.pdf