Rónán Mac Aodha Bhuí
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 6 Bealtaine 1970 Corcaigh, Éire |
| Bás | 19 Meán Fómhair 2023 53 bliana d'aois Gaoth Dobhair, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Pobalscoil Ghaoth Dobhair |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | craoltóir |
| Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
| Teangacha | An Ghaeilge |
| Teaghlach | |
| Athair | Fionntán Mac Aodha Bhuí |
Fear mór ceoil agus teanga ba ea Rónán Mac Aodha Bhuí (a rugadh ar an 6 Bealtaine 1970 i gCorcaigh ach a tógadh i gCois Cláidí i nGaoth Dobhair agus a d'éag ar 19 Meán Fómhair 2023)[1] agus go raibh sé de cháil aige gurb é "ceannaire neamhoifigiúil phobal na Gaeilge".[2][3]
Craoltóir le Raidió na Gaeltachta ba ea é idir na 1990idí – 2019. Craoladh an clár deireanach de Rónán Beo ar 31 Bealtaine 2019.[4] Cuimhneofar air mar chraoltóir cumasach agus cróga agus, b'fhéidir thar aon rud eile, mar dhuine a raibh an-nádúr ann.[5] 'A shuim i ndaoine, sa saol agus sa cheart, is ar na máithreacha sin a tógadh a réabhlóid ar an raidió.'[6][7]

Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1987, nuair a bhí sé seacht mbliana déag, shocraigh Rónán ar aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath le tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta i gColáiste Dhúlaigh sa Chúlóg. Ansin thosaigh sé ag obair don stáisiún raidió neamhdhleathach NSCR sa chathair agus don stáisiún DCR i Leitir Ceanainn ag an deireadh seachtaine.[5] Thosaigh sé ag scríobh chomh maith don cholún Beoscéalta i Scéala Éireann.
Chaith sé an bhliain 1988/89 ag obair le Century Radio mar léitheoir nuachta Gaeilge. Rinne sé roinnt iriseoireachta leis an bpáipéar nuachta Anois agus le Lá.[5]
Agus é 20 bliain d'aois, chuir sé a chuid scileanna ag fónamh ar an chlár teilifíse Scaoil Amach an Bobailín de chuid RTÉ in 1990, in éindí le Bláthnaid Ní Chofaigh agus Seán Bán Breathnach.[8] D’oibrigh sé chomh maith ar an gclár Ecu Ecu, clár nuálach do dhaoine óga.
Raidió na Gaeltachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh ardán laethúil dó i 1993 nuair a thosaigh sé ag láithriú an chláir Cois Life ar Raidió na Gaeltachta, clár irise don ardchathair, ag obair i dteannta Sheosaimhín Ní Bheaglaoich. Chualathas den chéad uair na buanna a bhí aige – an acmhainn ghrinn, an tsamhlaíocht dhiamhair, an ghéarchúis, an rógaireacht agus an dánaíocht.[8] Timpeall an ama seo, bhunaigh sé An Ciorcal Craiceáilte, club gealtachais, agus d'eagraíodh sé féilte i nGaeltacht Ráth Chairn le Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath agus Chúige Laighean a thabhairt a chéile.

I 1997, d'fhill Rónán ar Ghaoth Dobhair agus thug sé faoin chlár Rónán Beo a chur i láthair ó stiúideo Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga. Craoladh an clár deireanach de Rónán Beo ar 31 Bealtaine 2019.[4]
Thug Rónán ardán do cheoltóirí ar an raidió, a "thug guth dóibh agus a spreag gach sóirt ceoil.”[9] Bhí an-ghean ag lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta go háirithe ar Rónán agus bhí an-tóir acu ar na cláir a chuireadh sé i láthair de chionn chomh spraíúil, suáilceach agus nuálach agus a bhí sé.[5]
Gníomhaí cearta teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh sé na Féilte Craiceáilte, a chuir siamsaíocht ar fáil uair sa mhí i nGaoth Dobhair agus a théadh ar camchuairt go dtí ceantair Ghaeltachta agus áiteanna eile. Bhí an Cabaret Craiceáilte á reáchtáil aige i nGaoth Dobhair.
Sna 2010idí, bhí Rónán mar chrann taca leis an ngluaiseacht cearta teanga ó thuaidh, go háirithe ag na Laethanta Dearga agus Dearg le Fearg.[10][11]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba mhac é le Fionntán Mac Aodha Bhuí (1924–2012), ailtire, pleanálaí agus gníomhaire teanga. Ba Rónán an duine is óige d'ochtar clainne.

Fuair sé a chuid scolaíochta i mBunscoil an Bhun Bhig agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Rinne sé cúrsa cumarsáide i gColáiste Dhúlaigh sa Chúlóg.[8]
Bhí páiste amháin aige.
Sa bhliain 2019, fuair Rónán amach go raibh ailse Staid a 3 sna putóga aige. In 2023, seoladh feachtas bailithe airgid le costas an leighis a ghlanadh.[12] I mí Feabhra 2023, bronnadh Gradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar Rónán in absentia.[10]
Fuair Rónán bás in aois a thrí bliana déag agus dhá scór, ar 19 Meán Fómhair 2023. Cuireadh é i Reilig Mhachaire Gathláin.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baisteadh Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar an duais do 'Nuatheachtaí na Bliana' ag Gradaim NÓS in ómós dó, i ngeall go raibh sé "i gcroílár shaol an cheoil Gaeilge – agus thug sé spreagadh go háirithe do cheoltóirí agus do bhannaí nua".[13]
Féile Dorn san Aer
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2024 cuireadh tús le féile úr ceoil ar siúl i gceantar dúchais Rónáin, Gaoth Dobhair. Féile ceoil trí lá é Dorn san Aer a thug cairde, clann agus pobal Rónáin ar an saol le comóradh a dhéanamh ar a rinne sé le ceol comhaimseartha na Gaeilge a chur chun cinn agus le dlúthpháirtíocht a chothú idir na Gaeil agus pobail uile a chuirtear faoi chois. Breis agus 20 banna a ghlac páirt ann sa chéad bhliain idir ceoltóirí rac, hip-hop, trad-leictreach, ceol Gaelach, ska, agus reigé.[14]
Is í an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey a d'oscail an fhéile go hoifigiúil in Amharclann Ghaoth Dobhair don chéad uair riamh sa bhliain 2024, á rá gur "sheas sé leis an duine a raibh leatrom déanta orthu agus rinne sé obair deich nduine leis an teanga a chothú agus a neartú".[14][15] I ngeall ar an dtacaíocht a láidir a thug Rónán do mhuintir na Palaistíne le linn a shaoil, is í Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid, a d'oscail Dorn san Aer 2025.[16]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ciorcal Craiceáilte
- An Cabaret Craiceáilte
- Dorn san Aer (féile cheoil in ómós dó)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- RónánBeo ar Twitter. Stop Rónán ag tvuíteáil ar 31 Bealtaine 2019. Thosaigh an Ciste Tacaíochta ag tvuíteáil i rith 2023.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (21 Feabhra 2023). "A sprioc €120,000 sáraithe ag feachtas bailithe airgid don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ Tomaí Ó Conghaile. "Dorn san aer dár nArd-Rí, "ceannaire neamhoifigiúil phobal na Gaeilge"" (ga-IE). Comhar. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-16. Dáta rochtana: 2024-05-16.
- ↑ "Comhar | Samhain 2023". web.archive.org (2024-05-16). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-16. Dáta rochtana: 2024-05-16.
- 1 2 "Rónán Beo" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-04-25.
- 1 2 3 4 Nuacht RTÉ (2023-09-18). "An craoltóir cáiliúil Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne" (as ga).
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (25 Aib 2023). "Sé ár Rónán Mac Aodha Bhuí é – gig speisialta i mBaile Átha Cliath don sárchraoltóir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-25.
- ↑ Fachtna Ó Drisceoil (21 Meán Fómhair 2023). "Muidne go léir pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí – muidne a leac chuimhneacháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-21.
- 1 2 3 "Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Gaeilge a linne a raibh gean na nGael air, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-19). Dáta rochtana: 2023-09-19.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (16 Feabhra 2023). "‘An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach’ – airgead á bhailiú do chúnamh leighis do Rónán Mac Aodh Bhuí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- 1 2 NÓS (2023-02-24). "Bronnfar Gradam Uachtarán CnaG ar Rónán Mac Aodha Bhuí" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ Rónán Mac Aodha Bhuí (2015-01-11). "Cumhacht na gCos" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ gofundme.com (2023). "Ciste Tacaíochta Rónáin, le Seamus Ó Briain" (ga-IE). gofundme.com. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ "Duais in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le bronnadh ag Gradaim NÓS". Tuairisc.ie (19 Nollaig 2023). Dáta rochtana: 20 Aibreán 2024.
- 1 2 "Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán le titim amach faoi scáth na hEaragaile". NÓS (2024-06-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 2024-08-24.
- ↑ Áine Ní Bhreisleáin (02 Deireadh Fómhair 2024). "Bhí Rónán linn ag Dorn san Aer, ina choimeádaí craice agus comhluadair". Seachtain: lch 5.
- ↑ "Féile cheoil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall arís i mbliana". Tuairisc.ie (2025-08-06). Dáta rochtana: 2025-09-07.