Marcus Mac Conghail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMarcus Mac Conghail
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is file, scríbhneoir agus ceoltóir é Marcus Mac Conghail atá lonnaithe idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh. D’fhoilsigh Coiscéim Ceol Baile (Dánta agus Amhráin) cnuasach filíochta leis in 2014 agus bronnadh Duais Michael Hartnett air sa bhliain 2015. Is ball den bhanna IMLÉ a bhí ann, ‘tuar dóchais do thodhchaí an cheoil nua-chumtha i nGaeilge'.

Foilsíodh dánta leis in Feasta, Southword Journal, The Stinging Fly, Comhar, agus in Poetry Ireland Review. Léigh sé ag Fíochán Filí i Heilbhic, Cúirt sa Ghaillimh, An Fhéile Bheag Filíochta ar an mBuailtín, Ó Bhéal i gCorcaigh, Fleadh Phádraig i mBéal Feirste, Staccato i mBÁC, The International Literature Festival Dublin, agus ag Imram. Craoladh a shaothar ar an raidió agus ar an teilifís in Éirinn agus bhí sé le clos ar BBC Radio 4 mar chuid de chlár ar nua-fhilíocht na Gaeilge.

Chuir sé leabhairín mangaire in eagar sa bhliain 2014, Línte Leictreacha an t-ainm a bhí air. Cnuasach a bhí ann a bhailigh dánta ó fhilí an Phubaill Ghaeilge ag an bPicnic Leictreach le chéile. Oibríonn sé le Raidió na Gaeltachta.

Sraith Raidió agus Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith raidió a bhí i Meascra a craoladh ar RnaG. Níor tugadh mar threoir ach píosa a chur ar fáil nach rachadh mórán thar na cúig nóiméad agus guth a chur leis ansin sa stiúideo ar ball. Cuireadh leabhar amach faoin teideal Meascra ón Aer. Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta agus machnamh a chur ar fáil. Tá meascán mór ábhar sa leabhar – aistí agóide, gearrscéalta, dánta, cuimhní cinn agus eile agus is iontach an réimse ábhar, stíleanna agus guthanna atá ann le 40 scríbhneoir éagsúil lena n-áirítear Caitríona Ní Chléirchín, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Biddy Jenkinson, Antain Mac Lochlainn, Réaltán Ní Leannáin, Aindrias Ó Cathasaigh, Caitlín Nic Íomhair agus Cathal Póirtéir.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]