Eoghan Mac Giolla Bhríde
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Gaoth Dobhair, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir scripte, gearrscéalaí, aisteoir, aistritheoir |
| Teangacha | Canúint Ghaeilge Uladh |
| Teaghlach | |
| Máthair | Nellie Nic Giolla Bhríde |
| Siblín | Doimnic Mac Giolla Bhríde |
Gradam a fuarthas
| |
Is údar Éireannach é Eoghan Mac Giolla Bhríde, a bhfuil trí chnuasach gearrscéalta foilsithe aige.
As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d'Eoghan Mac Giolla Bhríde agus tá cónaí air faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Is é a thríú cnuasach gearrscéalta Cnámh. Foilsíodh Idir Feoil is Leathar (Coiscéim) in 2002 agus Díbeartaigh (Coiscéim) in 2005. D'aistrigh sé an leabhar An Prionsa Beag (Éabhlóid) ón Fhraincis in 2015. Bhí sé mar eagarthóir ar leagan úr den leabhar Cáitheadh na dTonn le Muirghein agus ar an bhailiúchán tomhasanna Tomhas Orm, Tomhas Ort! Is scríbhneoir scripte scannán é agus bhí sé ina chomhscríbhneoir ar na scannáin Silence (Harvest Films, 2012) agus Song of Granite (Marcie Films, 2017).
Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scéalta iad atá lán le héirim, osréalachas, agus seanchas, lonnaithe in áiteanna ar fud na cruinne ó Ghaoth Dobhair go Guatamala.
Bhunaigh Mac Giolla Bhríde an teach foilsitheoireachta Éabhlóid sa bhliain 2010.[1]
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn Eoghan Mac Giolla Bhríde gníomhach i saol na scannánaíochta chomh maith, agus cláir á ndéanamh aige ag Éabhlóid.[2] Bhí ceann amháin faoin gceoltóir John Doherty, ceann eile faoi Néilidh Mulligan agus stiúrtha ag Eoghan Mac Giolla Bhríde.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]As an Charraic i nGaoth Dobhair d’Eoghan Mac Giolla Bhríde. Céim aige san Innealtóireacht Shibhialta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Eoghan Mac Giolla Bhríde". Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2026-03-28.
- ↑ "eabhloid.com". Éabhlóid. Dáta rochtana: 2021-08-04.