Doimnic Mac Giolla Bhríde
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Gaoth Dobhair |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí, cumadóir |
| Seánra | Sean-nós |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
| Teaghlach | |
| Máthair | Nellie Nic Giolla Bhríde |
| Siblín | Eoghan Mac Giolla Bhríde |
| Suíomh gréasáin | doimnic.com |
Is amhránaí sean-nóis é Doimnic Mac Giolla Bhríde. Is cumadóir ceoil é agus seinneann sé roinnt uirlisí ceoil.
Is as an gCarraig sna Doirí Beaga, Tír Chonnaill ó dúchas Doimnic. Ba ó leithéidí Cháitlín Ní Dhomhnaill, a bhí ina comharsan aige, a fuair sé a chuid amhráin, chomh maith le bheith ag éisteacht le ceoltóirí mar Lillis Ó Laoire, Annie Eoghain Éamoinn, Mairéad Ní Mhaonaigh agus ón mháthair Nellie, atá í féin ina scoith cheoltóir.
Rinne Doimnic Mac Giolla Bhríde staidéar ar an cheol san ollscoil.
Tá Doimnic ina stiúrthóir ar Chór Thaobh a’ Leithid, i nGaoth Dobhair, a bhunaigh sé i 2002, agus ar Chór Loch Laoi i mBéal Feirste.
Sa bhliain 2004 d'eisigh Doimnic a chéad cheirnín, "Saol na Suáilce".
Bhain Doimnic Comórtas Chorn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada amach ag Oireachtas na Samhna 2009.[1]
D’eisigh Doimnic ceirnín "Guaillimh a’ Chéile" in éineacht Griogair Labhruidh, rogha amhráin as Éirinn agus Albain.
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Doimnic.com
- Agallamh le Doimnic Mac Giolla Bhríde, ar Youtube, BBC, 2012.
- Doimnic Mac Giolla Bhríde, ag casadh Seán Ó Duibhir an Ghleanna ar Youtube, TG4, 2011.