Biddy Jenkinson
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1949 75/76 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, file, scríbhneoir próis, drámadóir |
| Teangacha | An Ghaeilge |
File, drámadóir, gearrscéalaí agus scríbhneoir do leanaí as Baile Átha Cliath is ea Biddy Jenkinson (ainm cleite), Máire Ní Aodh is fíorainm di. Rugadh í sa bhliain 1949. D'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Naoi gcinn de leabhair filíochta atá tagtha ó pheann Biddy Kenkinson ó foilsíodh Baisteadh Gintlí i 1986.[1] Tá dhá bhailiúchán gearrscéalta agus drámaí foilsithe aici chomh maith.
Tá sé ráite go bhfuil Jenkinson ag iarraidh léargas nua a thabhairt ar bhunús naofa an dúlra agus ar a ndéanann na mná lena chothú.[2] Tá suim mhór aici sa traidisiún liteartha. Tá rogha déanta aici den Ghaeilge mar theanga chruthaitheach agus deir sí go bhfuil sí go mór i gcoinne an éilimh go n-aistreofaí gach saothar Gaeilge go Béarla gan mhoill.[3] Moladh a saothar as a dhianmhothú, a ghreann agus a ilghnéitheacht.[4]
Bhí sí ina heagarthóir ar Éigse Éireann/Poetry Ireland Review ón mbliain 2000 go dtí an bhliain 2001.
Údar suntais dearcadh Jenkinson faoin aistriúchán agus í den tuairim nach gá go n-aistreofaí gach saothar a fhoilsítear i nGaeilge go Béarla, agus an Ghaeilge roghnaithe aici féin mar mheán cruthaitheach.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Baisteadh gintlí (Coiscéim, 1987)
- Uiscí Beatha (Coiscéim, 1988)
- Dán na hUidhre (Coiscéim, 1991)
- Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997)
- Rogha Dánta (Cló Ollscoil Chorcaí, 1999/2000), Seán Ó Tuama agus Siobhán Ní Fhoghlú, eag.
- Mis (Coiscéim, 2001)
- Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005)
- Táinrith (Coiscéim, 2013)
- Sceilg na Scál (Coiscéim 2017)
Prós
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Duinnín Bleachtaire ar an Sceilig (Coiscéim, 2011)
- An tAthair Pádraig Ó Duinnín Bleachtaire (Coiscéim, 2008)
- An Grá Riabhach (Coiscéim, 1999)
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín (Coiscéim, 2007)
- Púca Púca (Coiscéim, 2005)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Ceiliúradh ar shaothar Bhiddy Jenkinson sa Taibhdhearc" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-22). Dáta rochtana: 2025-10-22.
- ↑ Biddy Jenkinson , an dán 'Suantraí na Máthar Sini': http://www.lyrikline.org/en/poems/suantrai-na-mathar-sini-2428#.
- ↑ Luaite in Maureen E. Mulvihill, 'Biddy Jenkinson (1949 -),' Irish Women Writers: An A-to-Z Guide, Alexander G. Gonzalez, Greenwood Preas 2006, ISBN 0-313-32883-8.
- ↑ Mulvihill, 2006.
- Biddy Jenkinson
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Mná Éireannacha
- Daoine a rugadh i 1949
- Daoine beo
- Scríbhneoirí Gaeilge
- Scríbhneoirí scéalta bleachtaireachta
- Údair Ghaeilge
- Filí Gaeilge
- Úrscéalaithe Gaeilge
- Gearrscéalaithe Éireannacha
- Drámaíocht na Gaeilge
- Drámadóirí Éireannacha
- Alumni Choláiste na hOllscoile, Corcaigh