John Spillane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Spillane
John Spillane 1 2010 (cropped).JPG
Saol
Eolas breitheCorcaigh, 1961 (61/62 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materColáiste na hOllscoile Corcaigh
Coláiste an Spioraid Naoimh
Teangachaan Ghaeilge
Gairm
Gairmamhránaí agus cumadóir
Gluaiseacht ealaíneceol traidisiúnta
Uirlis cheoilceol gutha
Discogs ID713197

Amhránaí agus scríbhneoir amhrán é John Spillane as Corcaigh, Éire.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Spillane i gCorcaigh 1961 áit a raibh a chlann in chónaí. D'Fhreastal sé ar scoil i gColáiste an Spioraid Naoimh, Baile an Easpaig, Corcaigh.

Spillane agus an Ghaelainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Spillane céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá go leor amhrán scríobtha aige i nGaeilge, mar shampla Seachtain, Éist do Bhéil is Ag an gCóisir. Tá cúpla albam eisithe aige beagnach go h-uile trí Ghaeilge: The Gaelic Hits Factory (comhoibriú leis an bhfile Louis de Paor) agus Irish Songs We Learned At School, eagrán 1 agus 2.

Chuireadh Spillane clár raidió i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach darbh ainm Rogha John Spillane[1] idir 2004 agus 2005. "Seal leis an Spealaire; Seal fánach leis an Spealánach; Seal eile le ceol na Speile"- is mar seo mar a chuireadh sé tús leis an gclár.

Tá roinnt taithí teilifíse ag Spillane trí Ghaeilge freisin. Ghlac sé páirt i gclár de chuid na sraithe "Ceolchúirt" ar TG4 i 2007. Sa chlár seo, thug sé cuairt ar an tSeineagáil, chun bualadh le Baaba Maal, amhránaí is giotáraí na tíre sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "John Spillane at Barrys" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-02-28.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]