Jump to content

Julie Jay

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJulie Jay
Gníomhaíocht
Gairmfuirseoir, podchraoltóir, scríbhneoir, fuirseoir ar a boinn Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach

Suíomh gréasáinjuliejaycomedy.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: juliejaycomedy X: juliejaycomedy Instagram: juliejaycomedy Threads: juliejaycomedy TikTok: juliejaycomedy Cuir in eagar ar Wikidata

Is bean ghrinn, scríbhneoir agus podchraoltóir Éireannach í Julie Jay.

An fhuirseoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mar bhean ghrinn a tháinig Julie Jay chun cinn i dtús báire[1] agus tá sí tar éis bheith ina taibheoir tacaíochta ag leithéidí Neil Delamere, Ardal O’Hanlon, Des Bishop, Flo and Joan agus Tommy Tiernan.[2]

Tá sí tar éis an stáitse a shiúil ag Féile na Gealaí agus ag an Oireachtas mar chuid de GhaelGÁIRÍ.[3]

Seónna aonair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain seó aonair Julie Jay Oops, This is Toxic le Britney Spears agus mar a chaití le mná sna nóchaidí.

Chuir Julie seó aonair i nGaeilge ar an stáitse ag Féile Imill BhÁC 2024 faoin teidil Smidiríní, seó atá fé throid mhná mhílaoisigh amháin agus í ag iarraidh fanacht tábhachtach... ach is leor sin fé J Lo![4][1] Chaith sí le scéalta pearsanta agus le téamaí éagsúla a bhain le sochaí an lae inniu "go glic greannmhar agus í iomlán ar a compord."[5]

Tá Julie Jay tar éis trí phodchraoladh a chur i láthair:

  • Up to 90, a bhain le cumha i ndiaidh na nóchaidí
  • Trapped With Fred and Julie, podchraoladh siamsaíochta leis an mbeirt fhuirseoirí
  • Crimeland, podchraoladh coirscéalta.[2]

An scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic í ag scríobh don Irish Independent, tá colún rialta aici leis an Irish Examiner, agus tá sí tar éis scríobh do RTÉ agus don Irish Times freisin.[2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Ciara Ní É (29 Iúil 2024). "Fringe Festival 2024 preview". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Lúnasa 2024.
  2. 1 2 3 "Julie Jay". Julie Jay. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 2024-08-15.
  3. "Súil leis na céadta ag Féile na Gealaí an deireadh seachtaine seo". NÓS (2022-06-10). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Samhain 2023. Dáta rochtana: 2024-08-15.
  4. "Smidiríní". Dublin Fringe Festival (2024-08-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-15. Dáta rochtana: 2024-08-15.
  5. Eoin P. Ó Murchú (02 Deireadh Fómhair 2024). "Seó grinn as Gaeilge den scoth ag Julie Jay". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 12 Deireadh Fómhair 2024.