Smidiríní (seó grinn)
Cineál | seó aonair agus fuirseoireacht |
---|---|
Údar | Julie Jay |
Teanga | An Ghaeilge |
Seánra | Greann |
Fad ama | 50 nóiméad |
Tír bhunaidh | Éire |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 18/09/2024 |
Amharclann | Baile Átha Cliath |
Seó aonair ghrinn is ea Smidiríní de chuid an fhuirseora Julie Jay.
Chuir sí ar siúl é mar chuid d'Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath 2024 agus baineann sé le troid mhná mhílaoisigh amháin agus í ag iarraidh fanacht tábhachtach... ach is leor sin fé J Lo![1][2]
"Dáiríre, bíodh an fheamainn ag na ‘haters’, a deir Julie Jay linn!"[3]
Chaith an seó le téamaí éagsúla a bhain le sochaí an lae inniu ar nós a dheacra is atá sé lóistín a fháil in Éirinn agus scéalta faoina saol gnéis "go glic greannmhar agus í iomlán ar a compord. [...] Ní seó gan teachtaireacht a bhí ann ach oiread".[4]
Chuir Julie caint ar an slua "ar bhealach nádúrtha greannmhar" agus rinne an méid a chuala sí a chumasc lena scéalta féin. "Ní raibh an té atá thíos á bhualadh ina cuid jócanna ach oiread chomh fada lena bhfaca mé – léiriú ar chumas maith grinn."[4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Smidiríní". Dublin Fringe Festival (2024-08-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-15. Dáta rochtana: 2024-08-15.
- ↑ Ciara Ní É (29 Iúil 2024). "Fringe Festival 2024 preview". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Lúnasa 2024.
- ↑ Bridget Bhreathnach (06 Meán Fómhair 2024). "Comórtais an Oireachtais, seó grinn Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Naomh Bríd á ceiliúradh i gCill Dara". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Meán Fómhair 2024. Dáta rochtana: 18 Meán Fómhair 2024.
- ↑ 4.0 4.1 Eoin P. Ó Murchú (02 Deireadh Fómhair 2024). "Seó grinn as Gaeilge den scoth ag Julie Jay". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 12 Deireadh Fómhair 2024.
Is síol faoin drámaíocht nó dráma é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |