Fuirseoireacht
Cineál fostaíochta | na taibhealaíona agus coiméide |
|---|---|
Is cur i láthair greannmhar a bhíonn i gceist le fuirseoireacht, greann ar na boinn, nó díreach magadh scaití,[1][2] os comhair slua de ghnáth. Bíonn go leor cineálacha éagsúla grinn i gceist léi.
Bíonn fuirseoirí ag bualadh bleid ar dhaoine den lucht féachana ag pointí áirithe sa seó ar mhaithe le haird an tslua a mhúscailt agus a choinneáil, agus fitear tagairtí do na sealanna gearra comhrá sin isteach sa chuid eile den seó, ar bhealach nádúrtha más féidir. "Tugtar le fios nach script dhocht atá á leanúint, rud nach fíor ach go hannamh."[3]
Áirítear mar léiriú ar chumas maith grinn é áfach nuair nach mbíonn "an té atá thíos á bhualadh" acu díreach de shaint ar gháirí.[3]
Bíonn a lán scileanna éagsúla i gceist leis an gceird, dar leis an bhfuirseoir mór le rá Aideen McQueen, m.sh. "conas aird an lucht féachana a choinneáil, conas thú féin a chur i láthair, agus déileáil le brú agus le daoine deacra." Is minic a ghlacann sé achar fada go leor sula mbíonn fuirseoirí in acmhainn maireachtáil uirthi. "Cuireann sé iachall ort an taobh éadrom den saol a fheiscint" áfach. "D’fhéadfadh an rud is mó atá ag cur as duit faoi láthair a bheith ina scéal grinn iontach".[4]
Is gnách tosú amach ar oícheanta ‘maidhc oscailte’ agus cuid mhaith taithí a fháil ar an mbealach sin sula mbíonn airgead ar bith gur fiú trácht air i gceist.[4]
Fuirseoireacht as Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Tá an greann trí Ghaeilge tagtha chun cinn go mór le tamall de bhlianta agus feictear oícheanta éagsúla ar bun fud fad na tíre, ag GaelGÁIRÍ agus ag dreamanna go leor."[3]
Bhunaigh an fuirseoir le Gaeilge Aideen McQueen cúrsa 10 seachtaine fuirseoireachta i mBaile Átha Cliath mar a fhoghlaimíonn daoine "faoina stíl, a gcur i láthair, scríobh ábhair grinn, teacht i láthair ardáin, an phearsantacht ardáin, an greann comhaimseartha, an greann carachtair, seiftiú ar an láthair agus scéalaíocht."[5][4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Páraic Breathnach - Galway Comedy Festival" (as Béarla). galwaycomedyfestival.ie. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ "Funny Focail" (en ⁊ ga). Eventbrite.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Eoin P. Ó Murchú (02 Deireadh Fómhair 2024). "Seó grinn as Gaeilge den scoth ag Julie Jay". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 12 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Concubhar Ó Liatháin (19 Iúil 2023). "‘Deirtear go bhfuil leabhar i ngach duine againn ach creidimse go bhfuil 10 nóiméad d’ábhar fuirseoireachta den scoth i ngach duine againn’". Seachtain / Irish Independent. Dáta rochtana: 15 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ "Workshops – Craic Den Comedy Club" (as Béarla). Dáta rochtana: 2024-10-15.