Gáire As Gaeilge
| Cineál | club grinn |
|---|---|
| Teanga | An Ghaeilge |
| Seánra | Fuirseoireacht ar na boinn |
| Tír bhunaidh | Éire |
| Céadléiriú | |
| Cathair | Gaillimh |
Is oíche ghrinn í Gáire As Gaeilge (GAG) a bhíonn le feiceáil mar chuid d'Fhéile Ghrinn na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair. De réir tuairisce, is léiriú beo a bhíonn inti ar sár-éirim grinn agus cuid de na jócanna is fearr dá mbíonn le cloisteáil ag an bhféile ar fad.[1]
Clár
[cuir in eagar | athraigh foinse]2022
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí "Banríon na fuirseoireachta" Aideen McQueen (So you think you’re Funny, Féile Imill Dhún Éideann) ag "coinneáil smacht ar na leaids" mar bhean an tí. Ar an clár in éindí léi sa Taibhdhearc bhí Páraic Breathnach (Ros na Rún, Killinaskully), Eddie Mullarkey (Show Me The Funny, Féile Imill Dhún Éideann), an seanchaí agus ceoltóir Aindrias de Staic agus Seán Begley ("Best New Act" - Féile Ghrinn Bhré 2018, RTÉ Stand Up and Be Funny).[2] Thuil an seó ard-mholadh.[1]
2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Hector Ó hEochagáin a bhí i mbróga McQueen an bhliain dar gcionn, agus ina leathbhádóirí aige bhí Aideen McQueen, Eddie Mullarkey agus Al Porter. An Crane Bar a bhí mar ionad don oíche ghrinn.[1][3]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí trí ghig grinn ar siúl faoi bhrat "Gháire As Gaeilge" an bhliain seo, ina measc gig díolta amach i dtigh ósta Cois Cuain ar an Spidéal féin i nGaeltacht Chois Fharraige, an dá cheann eile sa Crane Bar i nGaillimh. Bhí Hector Ó hEochagáin ina fhear tí arís agus beirt fhuirseoir aitheanta eile ar an stáitse gach aon oíche, as Aideen McQueen, Eddie Mullarkey, Al Porter, agus Bernard Casey.[4]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Gáire As Gaeilge ar siúil sa phictiúrlann an Pálás i mbliana agus Hector mar fhear an tí. I mbun fuirseoireachta beidh Eddie Mullarkey, Al Porter, agus Páraic Breathnach.[5][6]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Gráinne Thornton (13 Meán Fómhair 2023). "This is Galway’s Top Picks for Galway Comedy Festival 2023" (en). This is Galway. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ "Gáire as Gaeilge". PEIG.ie (19 Deireadh Fómhair 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Nollaig 2024. Dáta rochtana: 2024-10-14.
- ↑ "Féile na gáirí". Galway Advertiser (19 Deireadh Fómhair 2023). Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ "#GCF24 Full Programme On Sale Now" (en). www.galwaycomedyfestival.ie. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2024.
- ↑ "#GCF25 Full Programme". galwaycomedyfestival.ie. Dáta rochtana: 05 Deireadh Fómhair 2025.
- ↑ Gráinne Thornton (2025-09-30). "Galway Comedy Festival 2025 - 3 nights of Gaeilge, Gáire, agus Craic go leor" (as Béarla). This is Galway. Dáta rochtana: 2025-10-05.
| Is síol faoin drámaíocht nó dráma é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |