Páraic Breathnach
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1956 69/70 bliana d'aois Carna, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | aisteoir, aisteoir teilifíse |
| Gníomhaire | Lorraine Brennan Management (en) |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
Is aisteoir, taibheoir, scríbhneoir agus scéalaí Éireannach é Páraic Breathnach.
Rugadh agus tógadh Páraic i gCarna, Co. na Gaillimhe agus tá Gaeilge ón gcliabhán aige. Agus é ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile Gaillimh, bhí baint mhór aige leis an gCumann Drámaíochta, áit a ndeachaigh sé i gcomhar le Ollie Jennings i sraith de thionscnaimh chultúrtha cheannródaíocha laistigh agus lasmuigh den choláiste. D’oibrigh sé leis An Taibhdhearc agus le Druid Theatres agus ba é an chéad bhainisteoir ar Ionad Ealaíon na Gaillimhe, sular bhunaigh sé Macnas le Ollie Jennings.
Bhí páirt aige i roinnt mórscannán Éireannach ar feadh na mblianta, ina measc Michael Collins agus Breakfast on Pluto. Is minic go mbíonn sé le feiceáil ar TG4, agus rinne sé an carachtar Jacksie Walsh ar Killinaskully ar RTÉ.
Sa bhliain 2005, bronnadh céim oinigh air ó OÉ Gaillimh “as an méid a chuir sé le saol cultúrtha na Gaillimhe agus na hÉireann”.[1]
Chuir Breathnach seó aonair grinn ar siúl mar chuid d'Carnabhal Grinn Vodafone 2015. Seó dátheangach a bhí ann, bunaithe ar a óige ag fás aníos i gConamara.[2] I 2022 bhí Páraic ina phríomhoirfideach in Gáire As Gaeilge, oíche fuirseoireachta mar chuid d'Fhéile Ghrinn na Gaillimhe agus beidh sé páirteach ann arís i mbliana.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ NUI Galway to honour three individuals for their contributions to the Arts, NUI Galway, 17 October 2005
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (21 Deireadh Fómhair 2015). "Féile na Seachtaine". Seachtain: lch 14.
- ↑ "Gáire as Gaeilge". PEIG.ie (19 Deireadh Fómhair 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-12-29. Dáta rochtana: 2024-10-14.
Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- http://www.hotpress.com/Paric-Breathnach/features/interviews/Paric-Breathnach/2659109.html
- Macnas: Joyful Abandonment, Terry Dineen, The Liffey Press, 2007. ISBN 978-1-905785-28-5
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Páraic Breathnach at IMDb