Fuirseoireacht ar na boinn
Cineál fostaíochta | na taibhealaíona agus coiméide |
---|
Is cur i láthair greannmhar atá i gceist le fuirseoireacht ar na boinn, os comhair slua de ghnáth. Tá go leor cineálacha éagsúla grinn i gceist léi.
Bíonn fuirseoirí ar a mboinn ag bualadh bleid ar dhaoine den lucht féachana ag pointí áirithe sa seó ar mhaithe le haird an tslua a mhúscailt agus a choinneáil, agus fitear tagairtí do na sealanna gearra comhrá sin isteach sa chuid eile den seó, ar bhealach nádúrtha más féidir. "Tugtar le fios nach script dhocht atá á leanúint, rud nach fíor ach go hannamh."[1]
Áirítear mar léiriú ar chumas maith grinn é nuair nach mbíonn "an té atá thíos á bhualadh" de shaint ar gháirí.[1]
Fuirseoireacht as Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Tá an greann trí Ghaeilge tagtha chun cinn go mór le tamall de bhlianta agus feictear oícheanta éagsúla ar bun fud fad na tíre, ag GaelGÁIRÍ agus ag dreamanna go leor."[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Eoin P. Ó Murchú (02 Deireadh Fómhair 2024). "Seó grinn as Gaeilge den scoth ag Julie Jay". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 12 Deireadh Fómhair 2024.