Bród aerach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bród Bhaile Átha Cliath 2013
Paráid Bhród Bhaile. Átha Cliath 2013

Ceiliúradh bliantúil ar an éagsúlacht agus ar gach ball den phobal LADT+ is ea Bród aerach.[1] Cuirtear síos ar Bród go minic mar mheascán de cheiliúradh agus agóid.[2]

Ceiliúrtar é i dtíortha ar fud an domhain. Cuid lárnach de Bród is ea paráid nó mórshiúl.

Bíonn paráidí Bród i gcathracha agus i mbailte ar fud na hÉireann sa lá atá inniu ann. Is é Bród Bhaile Átha Cliath an dara féile is mó sa phríomhchathair (i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bród i Nua-Eabhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla na chéad mhórshiúlta Bród i Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí an Mheithimh 1970. Freagairt ab ea iad ar chíréibeacha Stonewall i Nua-Eabhrac, a tharla bliain roimhe sin go díreach ar an 28 Meitheamh 1969.

Ar an 2 Samhain 1969, mhol Craig Rodwell, a pháirtí Fred Sargent, Ellen Broidy agus Linda Rhodes go mbeadh mórshiúl i gCathair Nua-Eabhrac an samhradh ina dhiaidh sin mar chuimhneachán ar na hagóidí a bhí ann bliain roimhe sin.

Bhí an chéad mhórshiúl ar an 28 Meitheamh 1970. Tugadh 'Christopher Street Liberation Day' ar an mórshiúl i Nua-Eabhrac (as Christopher Street - an tsráid ar a bhfuil an Stonewall Inn suite). D'éirigh go maith leis agus cuireadh tús le mórshiúlta ar fud na Stát Aontaithe agus ansin ar fud an domhain.[3] Tugtar 'Christopher Street Day'[4] ar na féilte Bród i roinnt cathracha sa Ghearmáin fós inniu.

Cuirtear síos don ghníomhaí déghnéasach Brenda Howard[5] gurbh ise a thug an t-ainm 'Pride' ('Bród') ar an imeacht. Is mar gheall air seo a tugadh ‘The Mother of Pride’ ('Máthair Bród') uirthi ina dhiaidh sin.[6]

Bród in ÉIrinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór an tionchar a bhí ag na cúrsaí i Nua-Eabhrac ar Éirinn.[7]

Tharla an chéad agóid LADT+ i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meitheamh 1974.[2] Chuaigh deichniúr (an Seanadóir David Norris san áireamh) ar mhórshiúl ón Roinn Dlí agus Cirt go dtí Ambasáid na Breataine chun agóid a dhéanamh in aghaidh choiriúlú na homaighnéasachta (iarsma ó na dlíthe coilíneachta).

Tharla an chéad mhórfhorbairt eile i 1983. Le linn an tsamhraidh  i 1982, buaileadh a lán fir aeracha agus déghnéasacha in ionsaithe homafóbacha i mBaile Átha Cliath.[2] Ar an 9 Meán Fómhair 1982, buaileadh fear óg darbh ainm Declan Flynn chomh dona sin go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin. D'ainneoin gur admhaigh beirt den chúigear ionsaitheoirí gur ionsaigh siad timpeall 20 duine LADT+ thar an tréimhse sé seachtaine, scaoileadh saor gach duine den chúigear agus gearradh pianbhreith ar fionraí orthu.[8] Ag an am céanna, gearradh téarma príosúin 12 mhí ar fhear a ghoid sparán. Dúirt an breitheamh i gcás Flynn 'nach bhféadfaí é seo a mheas mar dhúnmharú riamh' (‘this could never be regarded as murder’) agus nach raibh ‘aon chineál pionóis’ (‘no element of correction’) ag teastáil maidir leis na fir.

Bhí an-imní ar dhaoine LADT+ faoin toradh. Mar thoradh air sin, tharla an agóid ba mhó ar son cearta LADT+ go dtí sin. Dé Sathairn, 19 Márta 1983, tar éis an bhreithiúnais, chuaigh na céadta duine ar mhórshiúl ó Halla na Saoirse go Páirc Fhionnradhairc (áit ar maraíodh Declan).[2]

Tharla an chéad Pharáid Bród i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh an bhliain sin, 1983. Ó shin i leith, tá Bród Átha Cliath[9] ag dul ó neart go neart agus glacann na mílte agus na mílte duine páirt ann gach bliain.  

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, d'fhógair Bród Átha Cliath go raibh deireadh curtha maolabhrach acu leis an gcaidreamh oifigiúil le RTÉ mar gheall ar an allagar faoin bpobal trasinsnceach ar an gclár raidió Liveline (le Joe Duffy). Chuir siad i leith RTÉ go raibh an eagraíocht "ag gríosú thine na reitrice in aghaidh an phobail thrasinscnigh."[10]

Ach thug RTÉ le fios go mbaineann plé poiblí - bíodh sé míthaitneamhach, deacair agus conspóideach uaireanta - go mbaineann a leithéid go smior le feidhm na heagraíochta de réir dualgais.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó Bród na nAerach
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  3. Fior Sceal / TG4 ROSG (Meitheamh 2021). "Stonewall: Bunchloch Bhród na nAerach" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-21.
  4. "Christopher Street Day" (in en) (2021-06-22). Wikipedia. 
  5. "Brenda Howard" (in en) (2022-06-09). Wikipedia. 
  6. "NYC Pride March" (in en) (2022-02-19). Wikipedia. 
  7. Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  8. B'ionann pianbhreith ar fionraí agus a rá nach mbeadh orthu dul isteach sa phríosún ach amháin dá ndéanfaidís rud éigin mícheart eile.
  9. "Homepage | Dublin LGBTQ Pride" (en-US). Dáta rochtana: 2022-06-25.
  10. 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2022-06-15). ""Díomá ar RTÉ" faoi chinneadh lucht na féile Bród" (in ga).