Círéibeacha Stonewall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Stonewall Inn, Greenwich Village, Manhattan
Stonewall Inn raid sign pride weekend 2016.jpg

Thit na círéibeacha Stonewall amach i Nua-Eabhrac ar an 28 Meitheamh - 3 Iúil 1969 agus ba bhuaicphointe ghluaiseacht na homaighnéasachta agus na haiteachta ar fud Mheiriceá Thuaidh iad. Is ina dhiaidh sin a spreagadh misneach i ngluaiseacht na homaighnéasachta agus na haiteachta.[1] Chuir na círéibeacha seo tús le gluaiseacht idirnáisiúnta do chearta cothroma na homaighnéasachta agus na haiteachta.

Físéan faoi Stonewall, le Barack Obama

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí saoránaigh LADT+ sna Stáit Aontaithe tar éis leithcheal agus ciapadh a fhulaingt leis na céadta bliain. Is le linn an Chogaidh Fhuair, tréimhse ina raibh McCarthyism faoi bhláth, a tháinig coiméadachas sóisialta agus polaitiúil i réim ('McCarthyism').[2]

Sna 1950idí agus sna 1960idí sna Stáit Aontaithe, bhí córas dlí frith-aerach ann do Mheiriceánaigh LADT+.[3] D'fhéadfaí daoine a ghabháil mar gheall go raibh siad aerach. Ach measadh go raibh Nua-Eabhrac 'róbhog' mar thug an stát sin ísliú céime don homaighnéasacht agus rinne sé oilghníomh di, cé go bhféadfaí téarma príosúin 6 mhí a ghearradh ar dhaoine go fóill.

Uaireanta dhéanadh póilíní ruathar ar eagraíochtaí nó gnólachtaí a bhí aitheanta mar áiteanna a dtugadh daoine LADT+ cuairt orthu. Bhí an Stonewall Inn i Manhattan ar cheann de na háiteanna seo.[3]

Cuimhneachán, Stonewall Inn, Sráid Christopher sa bhliain 2016, dhá lá tar éis 'Lámhach i gclub oíche Orlando'

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bród i mBÁC 2019, DUBLIN PRIDE FESTIVAL, "Remember Stonewall"

Ar 1.20am Dé Sathairn, 28 Meitheamh 1969, rinneadh ruathar ar an Stonewall Inn, club aerach ar Shráid Christopher, Manhattan. Rinneadh a lán ruathar ar an áit roimhe sin agus bhí daoine tuirseach den chiapadh.

Dúradh sa dlí go raibh ar dhaoine trí bhall éadaigh ar a laghad a bhí 'cuí ó thaobh inscne de' a chaitheamh. Gabhadh iad go minic nuair nár chloígh siad leis an dlí seo.

De ghnáth, le linn na ruathar seo, bheadh ar na daoine sa teach tábhairne seasamh i líne agus a gcártaí aitheantais a thaispeáint. Ar an 28 Meitheamh 1969, áfach, níor chomhoibrigh daoine leis an ruathar. Dhiúltaigh fir sa líne cártaí aitheantais a thaispeáint. Shocraigh na póilíní gach duine a thabhairt go dtí stáisiún na bpóilíní. Ach ní raibh na vaigíní réitithe acu.

Thosaigh slua ag bailiú lasmuigh den teach tábhairne. Agus bean amháin á bogadh, buaileadh sa cheann í le smachtín. Ghlaoigh sí ar an slua rud éigin a dhéanamh agus í á caitheamh isteach sa vaigín agus cuireadh tús leis an bhforéigean ansin. Le linn na gCíréibeacha, chonacthas bainríonacha draig ag troid go fisiciúil i gcoinne phóilíní na cathrach.

Sa deireadh thiar, gabhadh 13 dhuine agus bhí an pobal LADT+ i ndeireadh na feide. Bhí daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha ag seasamh an fhóid.[3]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

'Bród'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 2 Samhain 1969, mhol Craig Rodwell, a pháirtí Fred Sargent, Ellen Broidy agus Linda Rhodes go mbeadh mórshiúl i gCathair Nua-Eabhrac an samhradh ina dhiaidh sin mar chuimhneachán ar na hagóidí a bhí ann bliain roimhe sin.

Bhí an chéad mhórshiúl ar an 28 Meitheamh 1970. Tugadh 'Christopher Street Liberation Day' ar an mórshiúl i Nua-Eabhrac (as Christopher Street - an tsráid ar a bhfuil an Stonewall Inn suite). D'éirigh go maith leis agus cuireadh tús le mórshiúlta ar fud na Stát Aontaithe agus ansin ar fud an domhain.[4] Tugtar 'Christopher Street Day'[5] ar na féilte Bród i roinnt cathracha sa Ghearmáin fós.

Cuirtear síos don ghníomhaí déghnéasach Brenda Howard[6] gurbh ise a thug an t-ainm 'Pride' ('Bród') ar an imeacht. Is mar gheall air seo a tugadh ‘The Mother of Pride’ ('Máthair Bród') uirthi ina dhiaidh sin.[7]

An GLF[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis do na Círéibeacha cuid mhór clú a tharraingt ar phobal na homaighnéasach i Meiriceá Thuaidh, tháinig grúpa chun cinn leis an bpobal a eagrú agus a bhainistiú i gceart. Ba as Círéibeacha Stonewall a tháinig an GLF (Gay Liberation Front) ar an bhfód.[3]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór an tionchar a bhí ag na cúrsaí i Nua-Eabhrac ar Éirinn.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jonathan William Richards, tráchtas Ph.D (Meán Fómhair 2016). "AN SPÁS ISTIGH AGUS AN SPÁS AMUIGH: AITIÚ SPÁIS I SAOTHAIR LITEARTHA MHICHÍL UÍ CHONGHAILE AGUS CHATHAIL UÍ SHEARCAIGH". Dáta rochtana: 2022.
  2. "McCarthyism" (in en) (2022-05-18). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  4. Fior Sceal / TG4 ROSG (Meitheamh 2021). "Stonewall: Bunchloch Bhród na nAerach" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-21.
  5. "Christopher Street Day" (in en) (2021-06-22). Wikipedia. 
  6. "Brenda Howard" (in en) (2022-06-09). Wikipedia. 
  7. "NYC Pride March" (in en) (2022-02-19). Wikipedia.