Lámhach i gclub oíche Orlando

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhach i gclub oíche Orlando
Íomhá
Map
 28°31′10″N 81°22′37″W / 28.51958°N 81.37681°W / 28.51958; -81.37681
Cineáloll-lámhach
géarchéim giall
ionsaí sceimhlitheoireachta
anti-LGBT hate crime (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid desceimhlitheoireacht sna Stáit Aontaithe, violence against LGBT people (en) Aistrigh agus Oll-lámhaigh sna Stáit Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana12 Meitheamh 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama231 min Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPulse Nightclub, 1912 S. Orange Avenue, Orlando, Florida, United States Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisantoisceachas Ioslamach
hómafóibe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna50 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe53 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireOmar Mateen (sladmharfóir, shooter (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
ArmSig Sauer MCX (en) Aistrigh
Glock (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


club oíche Pulse

Ar an 12 Meitheamh 2016, mharaigh Omar Mateen 49 duine agus ghortaigh sé 58 eile in ionsaí "sceimhlitheoireachta" - nó coir fuatha - i gclub oíche "Pulse" in Orlando, Florida, sna Stáit Aontaithe, an eachtra lámhaigh is measa a tharla i Meiriceá le cuimhne na ndaoine go dtí an lá sin.  

fís

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Garda slándála ab ea Omar Saddiiqui Mateen, 29 bliain d'aois, as Fort Pierce, 120 míle as Orlando.[1]

SWAT Lenco BearCat

Nuair a thosaigh Mateen ag dul as a chrann cumhachta, bhris póilíní isteach sa gclub oíche agus Marteen ag scaoileadh piléir le gialla a bhí gafa ansin aige. Thug an gunnadóir faoin ionsaí ar bhealach eagraithe agus rogha airm agus armlóin ina sheilbh.[2]

Naonúr póilíní a chuaigh i ngleic leis an ionsaitheoir agus gortaíodh duine acu nuair a bhuail piléar sa tsúil é.

agóid

Scaoil oifigigh de chuid an Orlando Police Department (OPD) leis agus mharaigh siad an t-ionsaitheoir féin tar éis trí huaire de leamhsháinn.

Omar Mateen

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

“Sceimhlitheoireacht bhaile” a bhí i gceist san eachtra, a dúirt na póilíní ag an am. Ach dúirt lucht fiosraithe nach raibh aon fhianaise ann go raibh aon cheangal ag Omar Mateen i dteagmháil le grúpaí ar nós IS cé go ndúirt sé i nglaoch gutháin sular maraíodh é go raibh sé dílis don Stát Ioslamach mar a thugtar orthu.

Ligeadh saor Noor Salman, beanchéile Omar Mateen, níos déanaí. Ní raibh a dóthain fianaise ann chun Noor Salman a chur ar a trial. Bhí lucht fiosraithe ag iarraidh a fháil amach cad go díreach a bhí ar eolas ag Noor Salman faoi phlean a fir chéile chun ionsaí marfach a dhéanamh.

agóid

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Uacharán Mheiriceá Barack Obama cuairt ar láthair na tubaiste in Orlando.   Cháin sé Donald Trump faoi go bhfuil sé ag moladh cosc a chur ar Mhoslamaigh teacht go Meiriceá.[3]

Ní nach ionadh bhí dlíthe gunnaí agus srianta ar inimircigh chun tosaigh arís sa díospóireacht pholaitiúil. Sa bhliain 2012, dúirt Obama go raibh gá ag an am le ‘gníomh suntasach’ i gcoinne na faidhbe seo, ollsléachtanna sna S.A. Tharla Lámhach Las Vegas (2017) an bhliain dár gcionn.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Omar Mateen" (as en) (2020-12-10). Wikipedia. 
  2. "50 marbh i sléacht i gclub oíche i Florida Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-15.
  3. Nuacht RTÉ (2016-06-15). "Bean chéile ionsaitheoir Orlando á ceistiú ag póilíní" (as ga).