Coláiste Lurgan
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | scoil samhraidh |
| Réimse oibre | an Ghaeilge |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | lurgan.biz |
Coláiste samhraidh Gaeilge neamhspleách is ea Coláiste Lurgan. Tá sé suite in Indreabhán, i gContae na Gaillimhe. Is é Mícheál Ó Foighil bainisteoir na scoile. Tá cáil ar an gColáiste as a chainéal YouTube "TG Lurgan" agus a chuid físeáin.[1]

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí an banna Seo Linn nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún rapcheoil mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin, ‘Avicii V Lurgan’[2] (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán).[3]
Ceann de na hamhráin is luath, in 2012, ba ea "Glac an Saol go Réidh" de chuid U2.[4]
Ceiliúradh Lá Holi ar TG Lurgan, le craic agus spóirt le linn 2013.[5][6]
Rinne an Coláiste leagan de "Can't hold us in 2014, rapamhrán le Macklemore[7]
Bhí an t-amhrán ‘Hello’ de chuid Adele gaelaithe ag TG Lurgan in 2016 agus úsáid bainte acu as cór chun cur leis an atmaisféar.[8]
Bhí an-ráchairt in 2016 ar fhíseán eile[9] de chuid TG Lurgan, 'Africa',[10] amhrán le Toto a scaoileadh den chéad uair sa bhliain 1982 sna S-A.[11]
In 2020, tháinig leagan Gaelach de Old Town Road amach, de chuid Lil Nas X, an rapamhránaí Meiriceánach.[12]
Sa bhliain 2022, tháinig cainteoirí óga Gaeilge agus Breatnaise le chéile chun leagan dátheangach de cheann d’amhráin Adele a chanadh. Daltaí ó Choláiste Lurgan agus baill de Urdd Gobaith Cymru, grúpa óige Breatnaise, a chan an t-amhrán Water Under the Bridge agus a rinne an físeán ceoil a thaifeadadh i gConamara.[13][14]
Infheistiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2026, bhí tús curtha leis an bpróiseas tairisceana chun forbairt a dhéanamh ar an Ionad Óige agus Oideachais atá beartaithe ar shuíomh Choláiste Lurgan. Tá sé i gceist go mbeidh halla ilfheidhmeach, seomraí ranga, cistin agus oifigí san ionad nua agus spás spraoi agus áit pháirceála ar fáil taobh amuigh. Beidh an t-ionad faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta ach beidh Coláiste Lurgan mar phríomhthionónta ann le linn cúrsaí Gaeilge an tsamhraidh. An chuid eile den bhliain beidh sé ina áis oideachais, óige, spóirt agus pobail.[15]
Beidh costas suas le €9 milliún leis an obair tógála. Tá an foirgneamh ina bhfuil Coláiste Lurgan lonnaithe faoi láthair le leagan mar chuid den fhorbairt agus mórfhoirgneamh nua, foirgneamh ceardlainne agus droichead coisithe nua trasna Abhainn na Ruibhe le tógáil, chomh maith le háiseanna eile.[15]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "TG Lurgan - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ "Avicii Vs Lurgan - "Wake Me Up" as Gaeilge" (as en) .
- ↑ Seán Ó Dubhchon (2023-03-20). "'Tá an traidisiún Gaelach tugtha d'éisteoirí na cruinne ina stíl speisialta bhríomhar aitheanta féin ag Seo Linn'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ TG Lurgan / U2 (2012). ""Beautiful Day" as Gaeilge - Físeán Focail" (as en).
- ↑ TG Lurgan (2013). "Holi ar an trá" (as ga-IE).
- ↑ NÓS (07/02/2012). "Coláiste na nDathanna" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-06.
- ↑ "Macklemore & Ryan Lewis - "Can't Hold us" as Gaeilge" (as ga-IE) .
- ↑ NÓS. "‘Hello’ Adele Gaelaithe ag TG Lurgan" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-05.
- ↑ TG Lurgan (2016). ""Africa" le Toto as Gaeilge" (as ga-IE).
- ↑ "Africa (Toto song)" (as en) (2023-10-26). Wikipedia.
- ↑ "US Top 40 Singles For The Week Ending October 30, 1982 - Top40weekly" (en-US). top40weekly.com (1982-10-30). Dáta rochtana: 2023-10-27.
- ↑ "Old Town Road - Gaeilge" (as en) .
- ↑ "Uisce Faoin Droichead / Dŵr Dan Bont - Water Under The Bridge - Adele as Gaeilge/Cymraeg" (as ga-IE) .
- ↑ "Leagan Gaeilge agus Breatnaise d’amhrán de chuid Adele curtha amach ag Coláiste Lurgan" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-09-23). Dáta rochtana: 2024-05-05.
- 1 2 "Conradh €9 milliún fógartha d’fhorbairt ionad óige agus oideachais i gConamara" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-02-06). Dáta rochtana: 2026-02-06.
