Jump to content

Seo Linn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSeo Linn

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna popcheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Áit ar bunaíodh éColáiste Lurgan Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2013 
SeánraCumasc Ceilteach, popcheol agus ceol tíre traidisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinseolinn.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: SeoLinn X: SeoLinn Instagram: seolinnstagram Youtube: UCvPv2NedK3z2hQVdA4dPSPQ TikTok: seolinnmusic Bandcamp: seolinn Soundcloud: seolinn Spotify: 1mw0nlWbnBPyRCUlVH2hmU Apple Music: 830562863 Musicbrainz: c5315f9f-cff3-4437-93e2-4a0592bd8dd3 Songkick: 7305894 Discogs: 5816994 Deezer: 7071099 Cuir in eagar ar Wikidata

Is popghrúpa Éireannach é Seo Linn. Sular tháinig Seo Linn amach, bhí fíorbheagán ceoil comhaimseartha i nGaeilge ann. D'athraigh sé sin in 2013 leis an amhrán ‘Avicii V Lurgan’ i gColáiste Lurgan, agus tá saothar cumtha acu féin ó shin, amhráin comhaimseartha aitheanta clúdaithe acu, agus amhráin traidisiúnta curtha amach acu.

Thosaigh aistear Seo Linn sa bhliain 2013 mar gheall ar ‘Avicii V Lurgan’ (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán).[1] Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí siad nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin.[2]

2014: Céad singlí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scaoil Seo Linn a gcéad singil "Ar Scáth a Chéile" ar an 24 Feabhra 2014. Is singil carthanas é "Ar Scáth a Chéile". Cumtha & scríofa ag Seo Linn i gcóir Self Help Africa le linn a dturas go hUganda sa bhfómhar 2013.[3]

Scaoil an banna a ndara singil "D'Aon Ghuth Amháin" ar an 11 Samhain 2014. Rinne siad an físeán ar an 2 Samhain.[4] Tá siad ag obair ar a ndara singil charthanachta. Rinne siad físeán i gContae Dhún na nGall don singil.

2016ː imeacht Cathal Ó Ruaidh agus Conor Moore

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 4 Lúnasa 2016 d'fhógair Seo Linn gur fhág Cathal Ó Ruaidh agus Conor Moore an banna agus go mbeadh Seo Linn ag tógáil sos beag.

Níos déanaí: Solas srl

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 7 Feabhra 2017 fógraíodh go bhfuil Solas ainm don chéad albam an bhanna. Bhí sé scaoilte ar an 3 Márta 2017. Bhí an singil "Solas" scaoilte ar an 24 Feabhra 2017 agus fuair sé go uimhir 54 in Éirinn .

  • EP Marcas sa gCoill
  • 2023ː Anuas, bailiúchán d’amhráin ar an sean-nós[2]

Albaim Stiúideo

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Liosta albam stiúideo
Teideal Eolas Buaicphointí ar an gCairt
ÉIRE
Solas
  • Scaoilte: 3 Márta, 2017
  • Lipéad:
  • Formáidí:
27
Liosta singlí
Bliain Amhrán Buaicphointí ar an gCairt Albam
ÉIRE
2014 "Ar Scáth a Chéile" 57 Solas
"D'Aon Ghuth Amháin"
2016 "Music Makers" 26
"The Irish Roar" 80
2017 "Rise"
"Solas" 54
"—" Ní raibh an singil sa chairt seo.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]