Seán Ó Muireagáin
| Gníomhaíocht | |
|---|---|
| Gairm | file, scríbhneoir, pearsa raidió |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is scríbhneoir, údar, aisteoir, file, aistritheoir, agus craoltóir é Seán Ó Muireagáin. Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste dó[1] Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach.[2]
D'fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag in 2018. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí atá ina chéad chnuasach gearrscéalta, a thugann léargas daonna ar shaol Bhéal Feirste le linn na coimhlinte.[foinse?] Foilsíodh Bádh B'fhéidir sa bhliain 2022. Bhí sé ar ghearrliosta Ghradam na Leabhar Éireannach agus bhuaigh an scéal 'An Chóir Chodlata' Duais an Mhaolánaigh i gComórtais Liteartha an Oireachtas 2018.[2] Scríobhann sé amhráin freisin.
Is é láithreoir an chláir raidió Cóisir Filíochta é, ar fhilíocht na hÉireann an 21ú haois. Bíonn sé ina mholtóir ar phainéal Slam Filíochta Liú Lúnasa.
Thug Ó Muireagáin ceardlann ar an bhfantaisíocht agus ar an bhficsean eolaíochta ar líne sa bhliain 2023 i gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Labhair sé faoi chleachtadh na seánraí seo sa Ghaeilge.[2]
Éabhlóid a d'fhoilsigh a chéad úrscéal Sí sa bhliain 2025.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seán Ó Muireagáin Curtha i gcartlann 2022-05-25 ar an Wayback Machine ar Raidió Fáilte
- Próifíl ASG: Seán Ó Muireagáin
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Seán Ó Muireagáin".
- 1 2 3 "Ceardlann ar an bhFantaisíocht agus an Ficsean Eolaíochta le Seán Ó Muireagáin". Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge (6 Samhain 2023). Dáta rochtana: 2026-06-03.
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta a bhaineann le daoine as Éirinn
- Filí Gaeilge
- Filí na hÉireann
- Filíocht ó bhéal i nGaeilge
- Craoltóirí Gaeilge
- Aisteoirí Éireannacha
- Údair Ghaeilge
- Scríbhneoirí Gaeilge
- Craoltóirí Éireannacha
- Gníomhaithe Gaeilge
- Daoine beo
- Daoine as Contae Aontroma
- Gearrscéalaithe Éireannacha
- Ficsean eolaíochta i nGaeilge
- Ficsean eolaíochta Éireannach
- Ficsean tuairimeach i nGaeilge
- Ficsean tuairimeach Éireannach