Raidió Fáilte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaRaidió Fáilte
Sonraí
Cineálstáisiún raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh15 Meán Fómhair 2006
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinraidiofailte.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is craoltóir raidió i mBéal Feirste é Raidió Fáilte. Bunaíodh an stáisiún sna hochtóidí, ach ag an am sin, ní raibh cead bainte amach ag an stáisiún craoladh go dleathach. Leanadh ar aghaidh leis ar aon chuma. Le roinnt blianta anuas, bhí sé a chraoladh ón gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach ar Bhóthar na bhFál in iarthar na cathrach. Sa bhliain 2006 thug OFCOM cead buan oifigiúil don stáisiún craoladh, don chéad uair riamh. Go dtí sin, bhí ar Raidió Fáilte cead sealadach a úsáid uair nó dhó i rith na mblianta.

Craolann an stáisiún cuid mhaith chláir éagsúla, don aos óg agus aosta, mar shampla nuacht, cúrsaí pobail, ceol de gach chineál, agus neart eile. Bíonn sé ar fáil i mBéal Feirste ar 107.1 FM, agus tá sé ar fáil ar fud an domhain mhór, trí mheán an idirlín, ó mhí na Bealtaine 2007 ar aghaidh.

I mí Dheireadh Fómhair 2018 osclaíodh foirgneamh nua Raidió Fáilte idir Bóthar na bhFál agus an Mótorbhealach an Westlink.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1] ‘NÍL FOIRGNEAMH RAIDIÓ NÍOS FEARR IN ÉIRINN’ - Raidió Fáilte ag craoladh ó stiúideo úrnua- NÓS.ie